Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 3 Dec 2002

Vol. 558 No. 4

Other Questions. - Reachtaíocht Molta.

Michael D. Higgins

Question:

77 D'fhiafraigh Mr. M. Higgins den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuil sé ar intinn aige Bille na dTeangacha Oifigiúla (Comhionannas), 2002, a tharraingt siar ós rud é go bhfuil ísliú 10% sa Mheastachán don Ghaeilge agus don Ghaeltacht i 2003; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith. [24470/02]

Níl sé ar intinn agam Bille na dTeangacha Oifigiúla (Comhionannas) a tharraingt siar.

Maidir le cúrsaí Meastachán de, tá beagnach €77 milliún curtha ar fail don rannán Gaeilge, Gaeltachta agus oileán de mo Roinnse don bhliain 2003, a mbaineann breis is €45 mhilliún de le caiteachas caipitiúil. Tá an soláthar sin ina fhianaise ar thiomantas leanúnach an Rialtais i leith bonneagar sna ceantair Ghaeltachta agus sna hoileáin a fheabhsú. Cé go bhfuil laghdú i gceist i gcomparáid le soláthar na bliana 2002 de €85.5 milliún, tá soláthar iomlán na bliana 2003 don Ghaeltacht agus do na hoileáin 60% níos mó ná soláthar na bliana 1997 de €48 milliún.

Cé go bhfuil laghdú freisin ar an leithdháileadh do scéimeanna feabhsúcháin sa Ghaeltacht, is ceart é sin a mheas i gcomhthéacs na hinfheistíochta suntasaí agus éifeachtúla i gceantair Ghaeltachta le blianta beaga anuas. Tá mé sásta go leanfar den chlár soláthair do bhonneagar na n-oileán agus do bhóithre Gaeltachta le linn 2003 mar chuid de chlár ilbhliantúil.

Tá soláthar breise de thart ar €1 milliúin curtha ar fáil do na scéimeanna cultúrtha agus sóisialta chun tacaíochta níos mó don Ghaeilge sa Ghaeltacht a chinntiú. Ina theannta sin, tá an soláthar don chiste Gaeilge méadaithe 8% agus do na hoileáin méadaithe 9%.

Maidir leis an leithdháileadh laghdaithe d'Údarás na Gaeltachta, tá mé sásta go mbeidh an soláthar sin leordhóthanach ag cuimhneamh ar an éileamh ar dheontais thionsclaíocha nua a bhfuiltear ag súil leis. Tá plé le hÚdarás na Gaeltachta i ndáil le roghanna maoinithe nua dá chlár foirgníochta tar éis deiseanna nua a thabhairt chun solais a dhéanfar a shaothrú, lena n-áirítear gníomhaíochtaí a d'fhéadfadh ioncam a sholáthar.

Sna cúinsí sin ar fad, tá mé lán-sásta go leanfar ar aghaidh an bhliain seo chugainn le clár suntas ach oibre ar mhaithe leis an nGaeilge, leis an nGaeltacht agus leis na hoileáin agus go mbeidh Bille na dTeangacha Oifigiúla (Comhionannas), ach é a bheith achtaithe, ina chabhair mhór chun a chinntiú go rachfar ar aghaidh le bealaí praiticiúla a aimsiú chun caighdeán níos fearr a bhaint amach i ndáil le seirbhísí Stáit a sheachadadh trí don phobal.

Chuala mé an tAire ag rá bliain ó shin dá mba rud é go mbeadh airgead breise ag teastáil ó Údarás na Gaeltachta, go bhféadfadh sé an t-airgead sin a fháil in áiteanna eile sna Meastacháin ina mbeadh sábháilt iontu. Cuireadh an Bille seo ar ais ar an gclár oibre sa Seanad cúpla seachtain ó shin ach ní fheicim an Bille ag dul ar aghaidh. Dúirt an tAire i bhfreagra a thug sé dom tamall ó shin go raibh airgead breise ag teastáil chun an choimisinéara a chur in áit. Níl airgead sna Mheastacháin seo agus níl airgead ar bith i Meastacháin Ranna eile chun an Bhille seo a chur i gcrích. An féidir liom glacadh leis nach dtarlódh faic i 2003 ó thaobh an Bhille seo?

Ní féidir ar chor ar bith. Tarlóidh mórán i 2003, mar a tharla i 2002. I láthair na huaire tá muid ag obair ar roinnt leasuithe teicniúla agus is gearr go mbeidh an obair sin thart. Tá muid ag caint le hOifig an tSeanaid fán Bhille a thabhairt ar ais don Teach sin. Tá súil agam go gcuirfear roimh an Seanad go scioptha mar tá an Dara Chéim thart. Nuair a bheidh siad réidh sa Seanad, agus brathfaidh sin ar na Seanadóirí agus an t-am a chaithfidh siad leis, tiocfaidh sé ar ais go dtí an Dáil. Sa Dáil, brathfaidh sé ar an bhFreasúra cé mhéad ama a thógfaidh sé bheith achtaithe.

Cad iad na deacrachtaí leis na leasuithe a bheidh ag dul os comhair an tSeanaid ar Chéim an Choiste a luaigh an tAire?

Níl aon deacrachtaí ann leis na leasuithe. Is leasuithe beaga teicniúla go leor acu agus feicfidh an Teachta cé chomh beag agus teicniúil is atá cuid acu – camógaí in aíteanna. Tá muid ag obair air sin. Caithfidh na leasuithe bheith ann sa dóigh is go mbeidh an Bille foirfe. Ní dhéanfaidh siad mórán athrú ar an mBille féin.

An bhfuil na leasuithe ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge léite ag an Aire agus an bhfuil sé sásta aon cheann acu a chur os comhair an tSeanaid mar leasú Rialtais?

Ní phléifidh mé Céim an Choiste anseo.

An bhfuil siad léite ag an Aire?

Baineann siad leis an mBille. Tá siad léite agam ach níl mé ag dul mo thuairimí a thabhairt don Teachta. Pléifidh sé sin liom ar Chéim an Choiste.

Top
Share