Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 3 Dec 2002

Vol. 558 No. 4

Other Questions. - An Foras Teanga.

78. D'fhiafraí

den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cén fáth a bhfuil ísliú 11% san íocaíocht leis an bhForas Teanga sna meastacháin do 2003; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith. [24471/02]

Faoi mar is eol don Teachta, tá soláthar de €12.416 milliún don bhForas Teanga san áireamh san imleabhar Meastacháin giorraithe do 2003. Chomh maith leis sin, beidh cistíocht bhreise anuas ar an mhéid seo á cur ar fáil don bhForas Teanga ag an Roinn Ealaíon agus Fóillíochta sa Tuaisceart de réir na gcoibhneas atá aontaithe.

Cé go bhfuil aiféala orm maidir leis an laghdú atá déanta ar an soláthar don bhForas Teanga, ní mór é a chur i gcomhthéacs an mhéadaithe ollmhóir ar an gcúnamh atá curtha ar fáil ag an Rialtas don eagraíocht le blianta beaga anuas, ó €7.577 milliún i 2000 go dtí €14 milliún sa bhliain reatha.

Tá mé muiníneach go mbeidh An Foras Teanga in ann leanúint de chlár iomlán a chur chun feidhme laistigh den soláthar airgead a bheidh ar fáil dó an bhliain seo chugainn.

Nuair a bhíonn níos lú airgid ann, déanfar níos lú. Sin mar atá cúrsaí an tsaoil. An rud is tábhachtaí, áfach, ná an fóclóir Béarla – Gaeilge leictreonach a chur ar fáil. An féidir leis an Aire geallúint a thabhairt dúinn nach gcuirfear aon chosc ar an obair sin cé go bhfuil ísliú airgid ann sna Meastacháin don Fhoras Teanga?

Ceist don Fhoras Teanga sin. Is foras tras-Teorainn é agus mar sin ní bheadh sé ceart domsa bheith ag leagaint síos polasaí sa Dáil. Tá mé sásta go mbeidh an Foras Teanga, leis an mhéadú mór airgid ó 2000, in ann clár oibre iomlán a chur i gcrích. Ceist don Fhoras Teanga féin cé acu de na tograí a thosóidh sé agus cé mhéad airgid a chaithfidh sé ar aon thogra faoi leith.

Is eagraíocht tras-Teorainn é an Foras Teanga agus anois beidh gearrthacha €400,000 ó Rialtas Shasain. An rud maith é do eagraíochtaí tras-Teorainn bheith ring fenced ó thaobh airgid ag dul trí Rialtas na hÉireann agus Rialtas Shasan? Is rud nua seo – gearrthacha a dhéanamh sa Tuaisceart nuair a ghearrtar siar anseo.

Caithfidh mise airgead mo Roinne féin a thógáil san áireamh. Ba bhreá liom go mbeadh breis acmhainní ar fáil agam. D'fhéadfainn á n-úsáid go maith. Ach caithfidh me cinneadh a dhéanamh cén toradh a bheas ar aon athrú airgid a dhéanfas mé. Tá go leor scéimeanna agam gur ionann gearradh airgead do scéim amháin agus gearradh ag dream éigin eile. Sa scéim CLÁR, bíonn comhmhaoiniú i gceist. Má cailltear maoineadh amháin, cailltear an maoineadh eile.

Sa gcás seo, tá an chuid is mó den airgead ag dul ar Fhoras na Gaeilge. An coibhneas atá ansin ná 3:1. Tá an caillteanas réasúnta beag má thógtar ar an mbealach sin é. Tá coibhneas 3:1 ag baint leis an bhForas Ulster Scots, ach is mó airgid i bhfad atá ag dul an bealach eile – thart ar €400,000.

Chonaic mé tuairisc nuachtáin le déanaí go raibh an tAire ó thuaidh agus gur bhuail sé le lucht Ultais Albannach. Cád iad na rudaí ba mhó a chuaigh i bhfeidhm ar an Aire agus é ag bualadh leis na daoine sin? An dtugeann sé muinín don Aire go mbeidh an dá theanga ag teacht le chéile agus ag forbairt le chéile sa todhchaí?

Ní mar an gcéanna seasamh agus úsáid na Gaeilge agus úsáid Ulster Scots. An rud is mó a chuaigh i bhfeidhm orm ná cuairt a thug mé ar reilig i gContae Aontroma, áit ina raibh siad ag caint ar na bailte fearann agus an tábhacht a bhaineann leo dóibh. Tá bratach acu do chuile bhaile fearann. I gcomhthéacs an straitéis náisiúnta spáisiúla a d'fhógair muid seachtain ó shin, tá sé speisiúil a fheiceáil go bhfuil na luachanna céanna ag an dream atá ag plé le Ulster Scots ó thuaidh agus atá ag pobal na tuaithe ó dheas.

Top
Share