Mary Upton
Question:114 D'fhiafraigh Dr. Upton den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cén dul chun cinn atá déanta i leith foclóra leictreonaigh Béarla-Gaeilge; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith. [24475/02]
Vol. 558 No. 4
114 D'fhiafraigh Dr. Upton den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cén dul chun cinn atá déanta i leith foclóra leictreonaigh Béarla-Gaeilge; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith. [24475/02]
Ar 21 Meitheamh 2000, thug an Chomhairle Aireachta Thuaidh-Theas cead i bprionsabal d'Fhoras na Gaeilge foclóir nua-aoiseach údarásach ar ard-chaighdeán a chur ar fáil. Tuigim go bhfuil sé beartaithe ag Foras na Gaeilge go mbeidh an foclóir ar fáil i bhfoirm leictreonach agus i bhfoirm chlóite araon nuair a fhoilseofar é.
Dá réir sin, lorg Foras na Gaeilge tairiscintí soláthair le haghaidh Céim I de thionscadal an Fhoclóra Béarla-Gaeilge níos luaithe i mbliana. Bainfidh an chéim sin le dearadh teicniúil an fhoclóra, leis na córais ríomhaireachta a úsáidfear agus é á chur le chéile, le roghnú na gceannfhocal, leis na córais fiosraithe corpais agus mar sin de.
Tuigtear dom ó Fhoras na Gaeilge go bhfuil measúnú déanta ar na tairiscintí a fuarthas maidir leis an obair sin agus go bhfuiltear ag súil leis go scrúdóidh bord an fhorais an cheist ag an gcruinniú a bheidh acu ar 6 Nollaig.
Question No. 115 answered with Question No. 91.
Question No. 116 answered with Question No. 106.