Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 3 Dec 2002

Vol. 558 No. 4

Written Answers. - Páistí Scoile sa Ghaeltacht.

Eamon Gilmore

Question:

119 D'fhiafraigh Mr. Gilmore den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cad iad na pleananna práinneacha atá aige líon na dteaghlach le páistí scoile sa Ghaeltacht a thuilleann deontas faoi Scéim Labhairt na Gaeilge a mhéadú go mór; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith. [24473/02]

D'fhógair mé le gairid go bhfuil mé chun athbhreithniú cuimsitheach a dhéanamh ar Scéim Labhairt na Gaeilge chun í a chur in oiriúint don lá inniu.

Mar chuid lárnach den phróiséis táim ag dul i gcomhairle leis an bpobal agus cuirfear fáilte dá réir roimh mholtaí nó tuairimí ón bpobal – go háirithe teaghlaigh atá nó a bheidh ag tógáil a gclann le Gaeilge – faoin ábhar roimh 31 Nollaig 2002.

Tá súil agam go mbeidh an t-athbhreithniú críochnaithe roimh dheireadh na scoilbhliana reatha.

Top
Share