Tá sé i gceist agam Ceisteanna Uimhir 120 agus 134 a thógáil le chéile.
Bhunaigh an Rialtas Coimisiún na Gaeltachta in earrach na bliana 2000 le moltaí a dhéanamh maidir leis an nGaeilge a láidriú mar ghnáthurlabhra phobal na Gaeltachta. Bhí ochtar ball ar an gcoimisiún, faoi chathaoirleacht Pheadar Mac an Iomaire, Stiúrthóir na Gaeilge Labhartha, Ollscoil na hÉireann Gaillimh. Foilsíodh tuarascáil an choimisiúin i mí Bealtaine i mbliana agus tá anailís á déanamh ag mo Roinn uirthi faoi láthair. Chomh maith leis sin, tá coiste bunaithe agam le comhairle a chur orm maidir leis na beartais a bhfuil gá leo le feidhm phraiticiúil a thabhairt do na moltaí atá déanta sa tuarascáil sin. Tá iarrtha ar an gcoiste moltaí a dhéanamh faoi phleananna gníomhaíochta le spriocanna inseachadta a d'fhéadfaí a chur i bhfeidhm sa Ghaeltacht i ndáil le sealbhú agus buanú na Gaeilge. Iarradh air chomh maith na himpleachtaí airgid maidir le pé plean nó gníomh a mholann sé a mheas chomh fada agus is féidir. Tá sé mar aidhm agam athruithe suntasacha a chur i gcrích maidir le forbairt na Gaeltachta agus na Gaeilge araon le linn mo thréimhse mar Aire. Chuige sin tá sé i gceist agam beartais agus pleananna gníomhaíochta a chur i bhfeidhm chomh fada agus is féidir, de réir mar a bheidh obair an choiste ag dul ar aghaidh agus moltaí ag teacht uaidh.