Trevor Sargent
Question:138 D'fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuil sé mar pholasaí aige bualadh leis na baill d'Fhianna Fáil atá ar Bhord Údarás na Gaeltachta roimh chruinniú an bhoird féin mar a tharla roimh chruinniú an bhoird i nGaoth Dobhair le déanaí agus nach ceart bualadh le gach ball den údarás nuair a bhíonn an tAire freagrach don údarás ar fad. [24545/02]