Dinny McGinley
Question:215 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Oideachais agus Eolaíochta an bhfuil iarratas ina Roinn le múinteoir feabhais a cheapadh do Ghaelscoil na gCeithre Máistrí, Dún na nGal); cén uair a rinneadh an t-iarratas; agus an bhfuil sé ar intinn aige múinteoir feabhais a cheapadh gan mhoill. [2867/03]