Aengus Ó Snodaigh
Question:237 D'fhiafraigh Aengus Ó Snodaigh den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an mbeidh toghchán ann d'Údarás na Gaeltachta ar an lá céanna leis na toghcháin áitiúla agus na toghcháin Eorpacha. [9401/03]
Vol. 564 No. 3
237 D'fhiafraigh Aengus Ó Snodaigh den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an mbeidh toghchán ann d'Údarás na Gaeltachta ar an lá céanna leis na toghcháin áitiúla agus na toghcháin Eorpacha. [9401/03]
Faoi réir alt 28(1) den Acht um Údarás na Gaeltachta 1979 – arna chur isteach trí alt 1 den Acht um Údarás na Gaeltachta (Leasú) 1999 – déanfar toghcháin ó am go ham de réir mar a fhorordófar le rialacháin ón Aire, faoi réir iad a dhéanamh i gceann tréimhsí nach giorra ná ceithre bliana ná nach faide ná cúig bliana agus sé mhí.
Reachtáladh an toghchán deireanach ar 4 Nollaig 1999. Níl aon chinneadh déanta agam fós maidir le dáta don chéad toghchán eile ach is féidir glacadh leis go reachtálfar é in am agus i dtráth de réir na reachtaíochta thuasluaite.