Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 7 May 2003

Vol. 566 No. 1

Written Answers. - Eastát Bhaile Chonaill.

Dinny McGinley

Question:

760 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cad iad na pleananna atá ag Údarás na Gaeltachta maidir le todhchaí eastát Bhaile Chonaill, (An Fál Carrach) agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [12187/03]

Tuigim ó Údarás na Gaeltachta go bhfuil athbhreithniú iomlán á dhéanamh faoi láthair ar thodhchaí an eastáit seo agus nach ndéanfar cinneadh ina leith go mbeidh toradh an athbhreithnithe ar fáil.

Top
Share