Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 27 Nov 2003

Vol. 575 No. 5

Written Answers. - Coimisiún na Gaeltachta.

Michael D. Higgins

Question:

41 D'fhiafraigh Mr. M. Higgins den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cén plean atá aige maidir le tionscnamh mór pleanála teanga ag leibhéal an phobail sa Ghaeltacht, bunaithe ar na proifílí áitiúla teanga agus sóisialacha sna ceantair éagsúla Ghaeltachta, ag baint úsáid as na hacmhainní saineolacha taighde agus buanaithe teanga atá ar fáil ó Institiúid Teangeolaíochta Éireann agus ó choláistí tríú leibhéal áirithe a chur ar bun; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith. [28571/03]

Mar atá a fhios ag an Teachta, tá ráite i dtuarascáil Choimisiún na Gaeltachta go raibh an mór-easnamh sa phleanáil teanga ar na laigí is mó a bhí léirithe ag obair an choimisiúin.

Creidim go bhfuil gá anois le proiséas pleanála cuimsitheach agus comhtháite teanga a fheidhmiú don Ghaeltacht. Is próiséas ilpháirtíochta leis na páirtithe uile atá ag feidhmiú agus/nó ag conaí sa Ghaeltacht faoi láthair atá riachtannach i mo thuairim. Ní mór freisin, ar ndoigh, aitheantas agus tacaíocht chuí Stáit a chur an fáil d'eagraiochtaí pobal-bhunaithe sa Ghaeltacht le go mbeidh siad ábalta ról lárnach éifeachtach a imirt i láidriú agus i mbuanú na Gaeilge ina gceantar feidhme. Is den riachtanas freisin go mbeidh ar chumas na n-eagraíochtaí seo daoine le sainscileanna a fhostú ar mhaithe le feidhmiú an róil seo agus úsáid a bhaint as aon eolas nó taighde atá ar fáil cheana. Chomh maith leis sin, beidh gá le hionchur ó phobal na Gaeltachta féin sna pleananna, sna gníomhachtaí agus sna polasaithe caomhnaithe agus leathnaithe teanga a chruthófar agus a fheidhmeofar. Ar ndóigh, caithfidh an Ghaeilge a bheith lárnach i ngach proiséas agus gníomhaíocht a réiteofar le feidhmiú.
Sa chomhthéacs sin, tá straitéis á plé idir mo Roinnse agus Údarás na Gaeltachta le go gcuirfear tacaíocht ar fáil do phobail éagsúla Ghaeltachta d'fhonn iad a chumasú chun próiseas pleanála teanga a fheidhmiú. Tá sé i gceist go mbeidh spriocana buanaithe agus sealbhaithe Gaeilge le baint amach i measc gach aoisghrúpa agus sa réimse iomlán gníomhaíochtaí i saol an phobail sa Ghaeltacht. Déanfar na pleananna seo i gcomhar le saineolaithe pleanála teanga. Tá súil agam go gcuirfear tús leis an straitéis úr seo ar bhonn píolótach go luath i 2004.
Question No. 42 answered with Question No. 39.
Questions Nos. 43 and 44 answered with Question No. 20.
Top
Share