Chuir mé ceist ar an ábhar seo ag ceisteanna chuig an Taoiseach agus gabhaim buíochas don Cheann Comhairle as cead a thabhairt dom é a ardú anseo anocht.
Is mian liom go ndéanfadh an Rialtas cinnte de go mbeadh an Ghaeilge ina theanga oifigiúil san Aontas Eorpach nuair a leasófar dlí an Aontais faoi Rialachán 1/1958 an Chomhairle chun teangacha eile ar nós Máltaise a ghlacadh, mar a dhéanfar, mar theanga oifigiúil, cé nach bhfuil an méid céanna cainteoirí Máltaise ann agus atá cainteoirí Gaeilge. Labhair mé leis an Aire Stáit i Roinn an Taoisigh faoi seo agus is léir go bhfuil an ceart agam ó thaobh líon na gcainteoirí Gaeilge ón daonáireamh.
Bhí tagairt ón Aire Stáit nach bhfuil an Béarla in uachtar i Málta mar atá sa tír seo. Ní fíor sin. Trí Bhéarla a dhéantar idirbheartaíocht ar son na tíre sin, tá sí an-chosúil le hÉirinn mar sin. Ar an 1 Bealtaine 2004, beidh 21 teanga conartha ann, an Ghaeilge ina measc. Beidh 20 teanga oifigiúil ann agus tá sé aisteach go bhfuil an Ghaeilge mar eisceacht ansin. Ní bheidh an Ghaeilge ina teanga oifigiúil go fóill.
Cén fáth go bhfuil sé tábhachtach? Mar theanga oifigiúil, is cinnte go gcuirfeadh sí le fostaíocht sa tír seo do Ghaeilgeoirí. Níl aon dabht go bhfuil aitheantas don Ghaeilge mar theanga oifigiúil an-thábhachtach in iarratas poist mar aistritheoir nó mar rúnaí san Aontas Eorpach. Mar atá sé, caithfidh duine ón dtír seo teanga breise a fháil chomh maith leis an Ghaeilge chun go mbeidh sé in ann post a fháil san AE. Cuirfidh sé turasóireacht sa tír mar bíonn suim ag cuairteoirí i dteangacha tíortha éagsúla. Cuirfidh sé le meas ag muintir na hEorpa ar chultúr na hÉireann. Beidh taithí ag daoine i bParlaimint na hEorpa bheith ag éisteacht le daoine ag labhairt na Gaeilge agus an cluasán á chaitheamh acu. Cuirfidh sé le tuairimíocht daltaí scoile atá ar nós anois gur cuma leo faoin Ghaeilge mar ní fheiceann siad deis fostaíochta asti. Chuirfeadh sé le cothrom na Féinne ó thaobh reachtaíochta na tíre seo ina bhfuil an Ghaeilge mar theanga oifigiúil.
Tá sé tábhachtach gur féidir seo a dhéanamh nuair a thiocfaidh na tíortha nua isteach agus nuair a bheidh liosta de na teangacha oifigiúla ag méadú. Níl le déanamh ach Rialachán 1/1958 ón gComhairle a leasú agus an Ghaeilge a chur isteach chomh maith leis na teangacha eile. In Airteagail 4 agus 5, in ionad na bhfocal "san 11 teanga", cuirfear "sa 12 teanga". Ní morán é agus ní fheicimse tír ar bith a chuirfeadh inár gcoinne. Beidh siad ag fáiltiú tíortha móra agus ag glacadh le héagsúlacht teangacha agus bheadh ár dteanga náisiúnta féin ina measc. Ba bhreá liom go mbeidh an tAire in ann a rá liom anocht go mbeidh an Rialtas ag cur leasaithe mar sin os comhair an Aontais nuair a bheidh deis aige.