Houses of the Oireachtas Commission (Amendment) Bill 2012 [Seanad]: Second Stage

I move: "That the Bill be now read a Second Time."

Cuireann sé áthas mór ormsa, mar Aire Stáit le cúraimí Gaeilge agus Gaeltachta, tús a chur leis an díospóireacht ar an Bhille um Choimisiún Thithe an Oireachtais (Leasú) 2012 i nDáil Éireann inniu. Mar is eol don Teach, tionscnaíodh an Bille seo i Seanad Éireann agus chríochnaigh sé gach céim sa Teach sin an mhí seo caite. I dtús báire, ba mhaith liom léargas gairid a thabhairt daoibh ar phríomhchuspóirí agus ar phríomhfhorálacha an Bhille. Ina dhiaidh sin, beidh deis ag Baill an Tí seo tuairimí a nochtadh faoina bhfuil sa Bhille agus táim ag súil go mór éisteacht leo.

Creidimse gur Bille tábhachtach é seo a mbeidh dea-thionchar aige ar an Ghaeilge sna blianta amach romhainn. Go hachomair, tá dhá chuspóir leis an Bhille, is iad sin, foráil a dhéanamh maidir le leathnú ar ról Choimisiún Thithe an Oireachtais i ndáil le reachtaíocht a aistriú; agus maidir le hathbhreithniú tréimhsiúil ar Chaighdeán Oifigiúil na Gaeilge. Déantar foráil leis an Bhille maidir le leasuithe ar na hAchtanna um Choimisiún Thithe an Oireachtais, 2003-2009 i ndáil leis na cuspóirí sin. Ní miste na cuspóirí sin a chur sa chomhthéacs stairiúil a bhaineann leis an ábhar seo ó thaobh na Gaeilge de.

Ón uair gur bunaíodh an Stát i 1922, tugadh aitheantas ar leith don Ghaeilge mar theanga náisiúnta Shaorstát Éireann faoi Bhunreacht 1922 agus mar an phríomhtheanga oifigiúil faoi Bhunreacht 1937. Tá iliomad tagairtí don Ghaeilge déanta i go leor reachtaíochta a bhaineann le réimsí éagsúla den Státchóras ó shin i leith, Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 ach go háirithe, a chur bunús reachtúil den chéad uair le soláthar sheirbhísí an Státchórais go ginearálta trí mheán na Gaeilge. Chomh maith leis an stádas oifigiúil atá ag an Ghaeilge faoin Bhunreacht, tá an Ghaeilge aitheanta anois mar theanga oifigiúil agus mar theanga oibre san Aontas Eorpach ón mbliain 2007. Ciallaíonn sé seo go bhfuil an Ghaeilge áirithe i measc an 23 teanga oifigiúil atá aitheanta ag an Aontas Eorpach.

Ar ndóigh, ní miste a rá go bhfuil stair ársa ag baint leis an Ghaeilge agus gurb í an Ghaeilge an teanga scríofa is sine atá fós á labhairt. Is iad na hiarsmaí is sine atá againn den Ghaeilge ná inscríbhinní ar chlocha Oghaim ón chúigiú agus ón séú haois. Cuireadh tús le scríobh na sean-Ghaeilge san aibítir Rómhánach roimh thús na seachtú haoise. Le linn tréimhse na meán-Ghaeilge ó 900 go 1200 A.D., fuarthas roinnt iasachtaí ón Lochlainnis, focail nua ar nós "pingin" agus "margadh", cé gur beag tionchair a bhí ag an Lochlainnis ar chomhréir na Gaeilge. Tréimhse cheannairce agus choimhlinte a bhí ann ach, in ainneoin sin, níor theip ar chultúr liteartha na nGael agus tá scríbhinní iomadúla fós againn ó ré na meán-Ghaeilge agus isteach go ré na nua-Ghaeilge. Tuigfidh Baill an Tí seo, dá bharr, go bhfuil traidisiún ar leith agus tábhacht dá réir ag baint leis an fhocal scríofa inár dteanga dhúchais. Le teanga scríofa chomh stairiúil agus chomh saibhir is atá againn sa tír seo, tá sé de dhualgas orainn í a chosaint agus a chaomhnú ionas go mbeidh an tseoid luachmhar seo againn le tabhairt ar aghaidh don chéad ghlúin eile ar an gcaoi chéanna is a fuaireamar ónár sinsear í.

D'fhéadfaí a rá go raibh an cinneadh a tógadh i dtríochaidí an chéid seo caite, athrú ón chló Gaelach go dtí an cló Rómhánach ar cheann de na cinntí ba thábhachtaí ó thaobh scríobh na Gaeilge de. Ba léir gur aithníodh ag an am an tábhacht a bhain le córas cló a fhorbairt a bheadh áisiúil chun úsáid na Gaeilge mar theanga nua-aimseartha a éascú. Go deimhin, ba sa chló Rómhánach a foilsíodh an leagan Gaeilge d'Achtanna an Stáit nua ón chéad lá riamh cé go raibh an cló Gaelach á úsáid go forleathan ag an am.

Nuair a bunaíodh Saorstát Éireann i 1922, cuireadh seirbhís oifigiúil aistriúcháin an Oireachtais ar bun le haistriú a dhéanamh ar Achtanna Oireachtais. Tá sé beartaithe anois leis an Bhille seo leathnú a dhéanamh ar ról Choimisiún Thithe an Oireachtais i ndáil le haistriú ionstraimí reachtúla. Ba mhaith liom an comhthéacs a bhaineann leis seo a mhíniú don Teach.

I mí na Samhna 2008, cheadaigh an Rialtas ag an am polasaí chun gach ionstraim reachtúil a aistriú go Gaeilge agus aontaíodh go mbunófaí lár-aonad aistriúcháin chun na hionstraimí reachtúla a aistriú. Bunaíodh an t-aonad sin sa Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, mar a tugadh ar an Roinn ag an am.

Ceapadh an polasaí seo ar chomhairle ón Ard-Aighne ag an am i gcomhthéacs chás an Stáit in achomharc chuig an Chúirt Uachtarach. Thóg an Stát an t-achomharc mar thoradh ar chinneadh san Ard-Chúirt go raibh dualgas bunreachtúil ann ionstraimí reachtúla i mBéarla a aistriú go Gaeilge. Rinneadh cinneadh na hArd-Chúirte i gcás a thóg an t-aturnae, an tUasal Pól Ó Murchú. I mbreithiúnas na Cúirte Uachtaraí i gcás Uí Mhurchú sa bhliain 2010, rialaigh an Chúirt ar son an Stáit ina achomharc. Rialaíodh nach bhfuil aon dualgas ginearálta bunreachtúil ann gach ionstraim reachtúil a aistriú.

I mí an Mheithimh 2011, chinn an Rialtas seo gur cheart céimeanna a ghlacadh chun seirbhísí aistriúcháin reachtaíochta an Stáit a chomhdhlúthú i dTithe an Oireachtais, a mbeadh freagracht reachtúil orthu as sin amach as reachtaíocht phríomha agus thánaisteach a aistriú. Aistríodh an fhoireann ón lár-aonad aistriúcháin chuig Tithe an Oireachtais níos luaithe i mbliana ar bhonn riaracháin, go dtí go n-achtófar an Bille seo. Níl aon dabht ach go bhfuil ciall agus réasún le cinneadh an Rialtais seirbhísí aistriúcháin dlíthiúla an Stáit a chomhtháthú, i gcomhthéacs an bhrú leanúnaigh atá ar acmhainní tearca an Stáit agus an dualgas atá orainn an leas is fearr a bhaint as na hacmhainní sin.

Maidir le reachtaíocht a aistriú, foráiltear leis an Bhille go n-aistreoidh Coimisiún Thithe an Oireachtais ionstraimí reachtúla a dhéanann Airí, nó dreamanna eile seachas Airí, mar shampla, comhlachtaí reachtúla, nuair a iarrfaidh Airí orthu déanamh amhlaidh. Foráiltear leis an Bhille freisin go bhféadfaidh Airí, nó daoine seachas Airí, socruithe a dhéanamh go n-aistreoidh duine seachas Coimisiún Thithe an Oireachtais ionstraimí reachtúla. Déantar foráil leis an Bhille fosta go bhféadfaidh Coimisiún Thithe an Oireachtais socrú a dhéanamh go gcuideoidh daoine seachas comhaltaí foirne le haistriú ionstraimí reachtúla, de réir mar is cuí.

Maidir le costais, foráiltear leis an Bhille go bhféadfaidh Coimisiún Thithe an Oireachtais táillí a ghearradh as ionstraimí reachtúla a aistriú . Is iad Ranna Rialtais nó comhlachtaí poiblí eile nach iad a íocfaidh as an chostas a bhaineann le hionstraimí a aistriú. Beidh sé i gceist leis an múnla beartaithe a leagtar amach sa Bhille go n-aistreofar ionstraimí reachtúla ar éileamh a fháil, cibé acu is ionstraimí reatha iad nó nach ea, agus sin faoi réir na n-acmhainní a bheidh ar fáil.

Faoi láthair, déantar thart ar 700 ionstraim reachtúil gach bliain. Meastar go gcosnódh sé thart ar €325,000 in aghaidh na bliana dá dtiocfadh éileamh isteach chun iad sin go léir a aistriú. Go praiticiúil, ní bhíonn an t-éileamh sin ann, rud a chiallaíonn nach gcaithfear ach fíor-bheagán den tsuim sin gach bliain. Clúdaíonn an figiúr de €3.3 milliún atá luaite sa mheabhrán mhínitheach a foilsíodh leis an Bhille costas na riaráistí a bhainfeadh leis na hionstraimí reachtúla go léir a aistriú. Arís, ní dhéanfar iad seo ach ar éileamh agus ní shamhlaítear go mbeidh an t-éileamh sin ann.

Ba mhaith liom aghaidh a thabhairt anois ar an ghné den Bhille a bhaineann le Caighdeán Oifigiúil na Gaeilge. Ní miste an tábhacht a bhain leis an Chaighdeán Oifigiúil, a d'fhoilsigh Rannóg an Aistriúcháin anseo i dTithe an Oireachtais den chéad uair i 1958, a aithint. Mar a dúradh sa réamhrá leis an chéad eagrán, "caighdeán le haghaidh gnóthaí oifigiúla agus mar threoir do mhúinteoirí agus don phobal i gcoitinne" a bhí ann. Níl aon dabht ach gur thug sé rialtacht agus soiléireacht san áit a raibh mírialtacht agus doiléire roimhe sin. Mar iarmhúinteoir, aithním féin an tábhacht a bhaineann leis sin sa chóras oideachais, ach go háirithe.

Ar ndóigh, ach an oiread le haon teanga eile, tá an Ghaeilge ag síor-athrú agus ní miste dúinn a bheith airdeallach ar na himpleachtaí a bhaineann leis sin do chaighdeán oifigiúil na teanga. Sa chomhthéacs sin, thóg an Rialtas a bhí i gcumhacht ag an am cinneadh i mí na Samhna 2008 go ndéanfaí athbhreithniú ar an Chaighdeán Oifigiúil. Bunaíodh coiste stiúrtha de shaineolaithe faoi choimirce na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, mar a tugadh ar an Roinn ag an am, chun tabhairt faoin athbhreithniú agus críochnaíodh é i mí an Mheithimh 2011. Mar Aire Stáit, teastaíonn uaimse buíochas a ghabháil leis an choiste stiúrtha a thug faoin obair seo.

Mar is eol don Teach, tá dul chun cinn déanta ó shin maidir leis an Chaighdeán Oifigiúil. Tar éis don Rialtas seo teacht i gcumhacht, tógadh cinneadh i mí an Mheithimh 2011 go dtabharfaí feidhm reachtúil do Rannóg an Aistriúcháin i dTithe an Oireachtais d'fhoilsiú agus d'athbhreithniú tréimhsiúil an Chaighdeáin Oifigiúil.

Ó shin i leith, tá leagan nuashonraithe den Chaighdeán Oifigiúil, An Caighdeán Oifigiúil: Caighdeán Athbhreithnithe, foilsithe ag Rannóg an Aistriúcháin i dTithe an Oireachtais i mbliana. Ina theannta sin, i gcomhréir le mianta an Rialtais, tá torthaí an athbhreithnithe ar an Chaighdeán Oifigiúil, a rinne an coiste stiúrtha faoi choimirce mo Roinnse, curtha faoi bhráid Thithe an Oireachtais le hiarratas go dtógfaí san áireamh iad sa chéad athbhreithniú eile ar an Chaighdeán Oifigiúil. Dá bhrí sin, ní féidir le haon duine a mhaíomh go bhfuil obair luachmhar an choiste stiúrtha curtha ar leataobh. Sa chomhthéacs seo, ní miste a nótáil go bhfuil sé ráite sa réamhrá leis an leagan nuashonraithe den Chaighdeán Oifigiúil go ndéanfar athbhreithniú arís air faoi cheann trí bliana, is é sin sa bhliain 2015.

Dá bhrí sin, ba mhaith liom an deis a thapú chun a shoiléiriú nach bhfuil ann ach caighdeán oifigiúil amháin, is é sin An Caighdeán Oifigiúil: Caighdeán Athbhreithnithe a d'fhoilsigh Rannóg an Aistriúcháin i dTithe an Oireachtais níos túisce i mbliana.

Aithním go bhfuil sé molta ag daoine áirithe gur chóir moltaí an choiste stiúrtha a fhoilsiú ach ní aontaím leis seo. Cé go ndearnadh athbhreithniú ar an Chaighdeán Oifigiúil faoi choimirce mo Roinnse, bhí moltaí an athbhreithnithe sin le cur faoi bhráid an Rialtais sula bhféadfaí iad a fhoilsiú. Mar a tharlaíonn, bhí obair an choiste stiúrtha críochnaithe i mí an Mheithimh 2011 agus thóg an Rialtas cinneadh an mhí sin nach mbeadh ach caighdeán oifigiúil amháin ann agus go mbeadh an fheidhm reachtúil maidir leis seo ar Choimisiún Thithe an Oireachtais. Is é an rud deiridh a theastaíonn ag an bpointe seo, dar liom, ná dhá chaighdeán oifigiúil a bheith foilsithe. Mar thoradh ar an Bhille seo, beidh soiléireacht ann maidir leis an fheidhm reachtúil a bheidh ag Coimisiún Thithe an Oireachtais d'fhoilsiú agus d'athbhreithniú tréimhsiúil an Chaighdeáin Oifigiúil.

Tá an tsoiléireacht seo tábhachtach, ní hamháin i gcomhthéacs na hÉireann ach i gcomhthéacs na hEorpa chomh maith, áit a bhfuil na hinstitiúidí Eorpacha ag plé le reachtaíocht an Aontais Eorpaigh a aistriú go Gaeilge i gcomhréir leis an díolúine don Ghaeilge atá i bhfeidhm san am i láthair.

Faoin Bhille, déantar leasú ar an Acht um Choimisiún Thithe an Oireachtais 2003 chun foráil a dhéanamh maidir leis an sainmhíniú ar an Chaighdeán Oifigiúil, is é sin caighdeán oifigiúil na Gaeilge atá le húsáid sa reachtaíocht phríomha agus sa reachtaíocht thánaisteach agus mar an treoir le haghaidh scríbhneoireacht sa Ghaeilge. Ina theannta sin, déantar foráil leis an mBille chun feidhm reachtúil a thabhairt do Choimisiún Thithe an Oireachtais d'fhoilsiú agus d'athbhreithniú tréimhsiúil an Chaighdeáin Oifigiúil uair amháin gach seacht mbliana ar a laghad.

Chomh maith leis sin, ceanglaítear leis an Bhille ar Choimisiún Thithe an Oireachtais, le linn dó athbhreithniú a sheoladh ar an Chaighdeán Oifigiúil, dul i gcomhairle leis an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, leis an Aire Oideachais agus Scileanna, leis an Aire Dlí agus Cirt agus Comhionannais, le páirtithe eile a bhfuil spéis acu ann agus leis an bpobal i gcoitinne.

Faoin Acht um Choimisiún Thithe an Oireachtais 2003, tá an chumhacht ag an choimisiún coistí a bhunú. Foráiltear leis an Bhille go bhféadfaidh Coimisiún Thithe an Oireachtais saineolaithe seachtracha a cheapadh chun coiste den sórt sin le linn athbhreithniú a sheoladh ar an Chaighdeán Oifigiúil.

Is éard atá sa Bhille seo ná gníomh chun dhá rud a chur ina gceart. Le bunú an lár-aonaid aistriúcháin i mo Roinnse le linn tréimhse oifige an Rialtais dheiridh, chiallaigh sé go raibh dhá rannóg Stáit ag plé le haistriú reachtaíochta, Rannóg an Aistriúcháin i dTithe an Oireachtais agus an lár-aonad aistriúcháin faoi chúram mo Roinnse. Cuirfidh achtú an Bhille seo seirbhísí aistriúcháin reachtaíochta an Stáit faoin aon díon amháin, is é sin Rannóg an Aistriúcháin de chuid Thithe an Oireachtais.

Chomh maith leis sin, ceapadh coiste stiúrtha, arís le linn tréimhse oifige an Rialtais dheiridh, le hathbhreithniú ar an Chaighdeán Oifigiúil a stiúradh faoi chúram an lár-aonaid aistriúcháin nuabhunaithe, cé go raibh Rannóg an Aistriúcháin de chuid an Oireachtais ag tabhairt faoin obair chéanna ó 1958 i leith. Arís, le hachtú an Bhille seo, beidh an obair seo ag titim faoin aon díon amháin, is é sin Rannóg an Aistriúcháin de chuid Thithe an Oireachtais.

Sílim gur céim chun cinn thábhachtach atá sa Bhille seo ar mhaithe le ceart úsáid na Gaeilge a threisiú agus a fhorbairt. Tá mé an-dóchasach go mbeidh páirtithe leasmhara na Gaeilge agus lucht úsáidte na Gaeilge toilteanach tacaíocht a thabhairt don chur chuige seo. Mar thoradh ar an reachtaíocht seo, níl aon cheist i m'intinn ach go mbeidh ceart úsáid na Gaeilge i gcomhréir leis an Chaighdeán Oifigiúil níos soiléire do lucht scríofa na teanga agus gur dul chun cinn fiúntach é sin.

Mar sin, molaim an Bille seo don Teach.

Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit agus roimh an Bhille. Tá sé tábhachtach go bhfuil an tAire Stáit ag iarraidh an Chaighdeáin Oifigiúil a chur ar fáil agus ról an Oireachtais a mhéadú maidir le haistriúchán. Tá sin tábhachtach agus cuirim fáilte roimh an chuspóir sin atá sa Bhille.

Mar a dúirt an tAire Stáit, tá sé tábhachtach go dtitfidh na costais. Dúirt sé sin mar gheall ar an bhfoireann atá sa Roinn. Táim buíoch de na hoifigigh a bhí sa Roinn a labhair liom agus le Teachtaí agus Seanadóirí eile faoi seo. Dúradh liom go bhfuil níos lú foirne anois sa chóras aistriúcháin, seisear go ceathrar, rud beag mar sin. Tá sé tábhachtach go bhfuil foireann ann agus go bhfuilimid in ann gnó trí Ghaeilge a dhéanamh san Oireachtas.

Bhí suim agam sa mhéid a dúradh faoi obair an choimisiúin mar gheall ar airgead a fháil de bharr aistriúcháin, go mbeidh sé in ann na statutory instruments a aistriú agus airgead a fháil don Aire Stáit nó do dhaoine eile nó b'fhéidir na daoine atá ag iarraidh aistriúchán a dhéanamh agus gur féidir leo airgead a thabhairt don tseirbhís sin mar is maith an rud é go mbeidh siad in ann seirbhíse mar sin a chur ar fáil.

Bhí cúpla ceist agam tráth na gceisteanna dhá mhí ó shin faoi dhuine a chur litir chugam, an tUasal Dónal P. Ó Baoill. Ní raibh sé sásta mar gheall ar an choiste stiúrtha agus rinne an tAire Stáit plé ina óráid faoin choiste sin. De réir an ollaimh, ní bhfuair sé aon tuairisc ón lá a chríochnaigh sé a chuid oibre ar an choiste. Bhí an coiste ag feidhmiú ó 2010 agus 2011 ar feadh 15 de mhíonna. An cheist ná cén fáth nach raibh an tuairisc ar fáil. Tá sé tábhachtach agus sinn ag plé an Chaighdeáin Oifigiúil, gur féidir an t-eolas sin a chur ar fáil. Aontaím leis an Aire Stáit gur ceart caighdeán amháin a bheith ann. Níl aon mhaitheas ann cúpla caighdeán a bheith ann.

Chuir sé díomá orm agus ar a lán daoine go gcaithfimid fanacht trí bliana nó fiú seacht mbliana chun an Chaighdeán Oifigiúil a athrú arís.

Is ceist thábhachtach í sin agus ba mhaith liom dá bhféadfadh an tAire Stáit freagra a thabhairt dom uirthi. Chuir mé ceist ar an ábhar sa Dáil ag Tráth na gCeist dhá mhí ó shin.

Tá a lán daoine buartha faoin reachtaíocht atá á hullmhú ag an Rialtas anois agus táthar ag iarraidh a fháil amach cén fáth go mbeidh an reachtaíocht seo againn agus cén fáth nár foilsíodh torthaí na hoibre ón gcoiste stiúrtha. An raibh difríocht idir moltaí an choiste agus An Caighdeán Oifigiúil nó idir moltaí an choiste agus an Rialtas? Tá na ceisteanna sin ann mar nár foilsíodh aon rud agus sin an fáth go bhfuil mise ag cur na ceiste seo inniu. Rinne an tAire Stáit tagairt do na teangacha oifigiúla anois san Eoraip. Is maith an rud an stádas sin. Bhí áthas orm nuair a bhaineamar amach ardú stádais don teanga san Aontas Eorpach. Anois, mar a dúirt an tAire Stáit, tá 23 teanga mar theangacha oifigiúla. Bhí cuid mhaith d'fheisirí san Eoraip ag iarraidh an stádais sin a bhaint amach dá dteangacha agus is maith an rud gur éirigh leo.

Tá ceisteanna agam freisin maidir leis An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Is plean treorach é sin maidir le caomhnú agus athbheochan na Gaeilge. Tá súil agam go dtabharfaidh an tAire Stáit tacaíocht don straitéis sin freisin. Baineann an straitéis le naoi réimse difriúla, ar nós an Ghaeltacht, cúrsaí oideachais, an chlann, seirbhísí poiblí, an eacnamaíocht, na meáin agus reachtaíocht. Tá sé mar chuspóir ag an straitéis líon na ndaoine a labhraíonn an teanga go laethúil a mhéadú ó 83,000 go dtí 250,000 duine. Táim lán sásta go bhfuil an tAire Stáit ag iarraidh sin a dhéanamh, mar téann sé ar thurais go dtí na Gaeltachtaí agus bíonn sé ag taisteal ar fud na tíre. Is breá liom é a fheiceáil i nGaillimh go minic. Caithfear aire a thabhairt freisin go gcuirtear le líon na gcainteoirí Gaeilge sa Ghaeltacht fhéin agus tá súil agam go mbeidh an tAire Stáit ag plé le sin.

Chomh maith le cruinniú leis na hoifigigh, bhí cruinniú agam freisin le cuid mhaith de na heagrais Ghaeilge. Tá na heagrais ag iarraidh bualadh le Teachtaí Dála agus Seanadóirí maidir leis an cheist seo agus an buiséad atá le teacht i gceann coicíse. Tá súil acu go mbeidh an tAire Stáit in ann buiséad maith a eagrú dóibh agus go mbeidh sé in ann déileáil le aistriúchán agus an caighdeán. Dúirt an tAire Stáit go mbíonn sé ag plé leis an Aire Oideachais agus Scileanna agus leis an Aire Dlí agus Cirt agus Comhionannais faoi na hábhair seo. Tá sé tábhachtach go mbuaileann siad le chéile go rialta chun na rudaí seo a bhaint amach agus a shoiléiriú.

Tá cuid mhaith de na heagrais Ghaeilge ag rá nár cheart go mbeadh iomaíocht idir na heagrais agus tá súil acu go mbeidh an tAire Stáit ag cuidiú leo seachas iad a chur in aghaidh a chéile nó iomaíocht a chothú eatarthu. Tá na heagrais éagsúla ag déanamh obair an-mhaith maidir leis an teanga agus is cóir cabhair a thabhairt dóibh. Nuair a bhí mé ag caint le feidhmeannaigh Chonradh na Gaeilge, bhíodar ag caint faoin straitéis agus faoi ghnó a dhéanamh trí Ghaeilge. Ní thaitníonn sé le héinne a bheith ag fanacht ar an dteileafón ag éisteacht le guth ag tabhairt rogha dóibh cnaipe a haon, a dó, a trí nó a ceathair a bhrú, ach is maith an rud é go dtugtar rogha dóibh go minic cnaipe uimhir a haon a bhrú le haghaidh gnó a dhéanamh trí Ghaeilge. Tá sin níos fearr ná moill a chur orthu ag iarraidh orthu cnaipí éagsúla a bhrú sular féidir leo dul i dteagmháil le duine in oifig. Bhí na feidhmeannaigh a labhair liomsa an-soiléir go bhfuil sé de cheart acu an gnó sin a dhéanamh trí Ghaeilge agus táthar ag súil go mbeidh muid in ann na forálacha sin a chur i bhfeidhm gan mhoill.

Luaigh na heagrais freisin go bhfuil a lán daoine le Gaeilge ag imeacht as an Stát Seirbhís. Tá na daoine seo ag fágáil na Ranna éagsúla, ach níl daoine ag dul isteach. Is mór an trua é sin, mar braitheann muid ar na daoine sin chun gnó a dhéanamh trí Ghaeilge agus chun an Ghaeilge a chaomhnú agus a láidriú. Is fadhb mhór í seo agus tá súil agam go mbeidh rud éigin le rá ag an Aire Stáit fuithi.

Tá imní ar a lán daoine maidir leis na hoileáin agus an deontas d'Aer Árann agus táthar ag iarraidh go ndéanfar beart do na daoine ar na hoileáin. Tá siad ag iarraidh go ndeánfar rud éigin, mar shampla, do na múinteoirí a braitheann ar an tseirbhís aeir sin chun taisteal go dtí na hoileáin. Tá trí mheánscoil ar Oileáin Árann agus tá sé tábhachtach go mbeidh an seirbhís sin ann chun go mbeidh na múinteoirí in ann oideachas a chur ar fáil do na scoláirí ar na hoileáin. Tá súil agam go mbeidh an tAire Stáit in ann a rá go bhfuil sé ag troid chun an tseirbhís sin a choinneáil beo.

Tá an straitéis ag iarraidh líon na ndaoine a labhraíonn Gaeilge a mhéadú, go háirithe sa Ghaeltacht. Chun cabhrú le sin, tá daoine ag iarraidh go gcuirfear leis an seirbhís trí Ghaeilge ar an dteilifís chomh maith. Molaim TG4 agus an méid atá á dhéanamh ag an stáisiún sin agus molaim Raidió na Gaeltachta agus na stáisiúin eile a chraolaíonn cláir trí Ghaeilge. Molaim freisin na meáin chumarsáide agus lucht foilsithe leabhar a oibríonn trí mheán na Gaeilge. Tá sin tábhachtach agus tá súil agam go mbeidh an tAire Stáit in ann níos mó airgid a fháil do na gnóthaí sin.

Labhair mé le hoifigigh Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge chomh maith.

Go háirithe, bhí siad ag caint faoin gclár tacaíochta teaghlaigh agus faoin bpróiseas pleanála don Ghaeilge. D'ardaigh an Teachta Ó Cuív ceisteanna maidir leis an scéim tacaíochta teaghlaigh ag an gcoiste freisin. Tá súil agam go mbeidh an tAire Stáit in ann airgead a fháil don scéim sin agus na scéimeanna eile.

Tá an-tábhacht ag baint leis an turasóireacht sa Ghaeltacht. Tá a fhios ag an Aire Stáit go bhfuil cúpla ceist agam i dtaobh The Gathering, a tharlóidh an bhliain seo chugainn. Cad a bheidh á dhéanamh don Ghaeltacht i gcomhthéacs The Gathering? Is eol dúinn go bhfuil an-suim san ócáid seo in iarthar na hÉireann. Tá go leor rudaí beaga ag tarlú freisin. Iarraim ar an Aire Stáit gan dearmad a dhéanamh ar na comhdhálacha beaga a bheidh ar siúl an bhliain seo chugainn. Tá sé an-tábhachtach go mbeadh an tAire Stáit in ann scéim na mná tí a thugann cabhair do scoláirí a chaomhnú agus a leathnú amach anseo. Tá seans mór againn a chinntiú go leanfaidh eacnamaíocht na bailte beaga Gaeltachta ar aghaidh nuair a bheidh The Gathering ar siúl an bhliain seo chugainn. B'fhéidir gur féidir leis an Aire Stáit a rá linn cad a tharlóidh do na heagrais seo sa todhchaí. Tá go leor dóibh buartha nach mbeidh airgead ar fáil dóibh. Ceapann cuid acu go bhfuil siad in iomaíocht lena chéile le haghaidh airgid, cé gur cheart dóibh bheith ag cabhrú agus ag obair lena chéile. Tá a fhios againn go léir go bhfuil an ciste ag íslú.

Baineann an reachtaíocht seo ní hamháin leis an gcaighdeán ach freisin le Tithe an Oireachtais. Táimid ag caint faoi aistriúcháin a dhéanamh ar statutory instruments agus ar an reachtaíocht ar a dtugtar primary and secondary legislation. Tá sé an-tábhachtach go mbeidh na daoine sa chóras aistriúcháin in ann é sin a dhéanamh. An bhfuil sé fíor go bhfuil laghdú tagtha ar líon na ndaoine sa chóras sin? An mbeidh an Rialtas in ann oifigigh nua a fháil nuair atá daoine ag éirí as an Státseirbhís agus an chóras sin? Ba cheart go mbeimid in ann daoine breise a chur leis an bhfoireann mhaith seo má tá daoine ag fágáil na seirbhíse, rud atá ag tarlú dé réir mar a thuigim é.

Is é sin an méid atá le rá agam. Ba mhaith liom tacaíocht a thabhairt don chaighdeán seo. Tá Fianna Fáil i bhfábhar na straitéise 20 bliain. Tá me lán-sásta go bhfuil stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach ardaithe agus go bhfuil infheistíocht ar fáil don Ghaeltacht. Tá súil agam go mbeidh an tAire Stáit in ann níos mó a dhéanamh. Tá airgead á thabhairt d'Údarás na Gaeltachta chun níos mó post a chur ar fáil sa Ghaeltacht. Muna bhfuil poist sa Ghaeltacht, ní bheidh daoine in ann maireachtáil ann. Mar a dúirt mé cheana, níl mé sásta nach bhfuil toghcháin Údarás na Gaeltachta á n-eagrú. Is botún mór é sin. Caithfidh an Rialtas obair le Údarás na Gaeltachta chun níos mó fostaíochta a chur ar fáil. I mo thuairim, ba cheart níos mó tacaíochta a thabhairt do na gaelscoileanna agus don straitéis 20 bliain chun iad a chaomhnú. Cuirim fáilte roimh an mBille seo. Tá súil agam go mbeidh an Rialtas in ann an reachtaíocht seo a chur i gcrích go luath.

Tá brón orm nach raibh mé anseo níos luaithe nuair a mhínigh an tAire Stáit cén fáth gur tháinig an Bille seo chun cinn. Ní bhfuair mé cóip den óráid a thug sé, ach gheobhaidh mé níos déanaí í. Léigh mé an méid a bhí le rá aige sa Seanad. Glacaim leis go raibh an rud céanna i gceist. D'ardaigh mo chomhghleacaí, an Seanadóir Ó Clochartaigh, roinnt de na pointí atá le déanamh agam sa Seanad. Is mian liom ceisteanna áirithe eile a ardú a bhaineann le mo chleachtas agus leis an tslí atá caite liom i dtaobh labhairt na Gaeilge sa Teach seo.

Tá sé tábhachtach go mbeadh Teachtaí Dála in ann ár gcuid gnó a dhéanamh trí Ghaeilge ó thús báire. Tá an riachtanas seo ardaithe agam arís agus arís eile. Níl mé in ann teacht isteach anseo agus mo ghnó a dhéanamh go huile is go hiomlán trí mheán na Gaeilge. Is féidir liom labhairt sa Teach i nGaeilge. Tá ard-mholadh ag dul do na haistritheoirí a chaithfidh éisteacht liom agus ciall a dhéanamh as an méid a bhíonn le rá agam agus ag daoine eile. Go minic, bíonn sé deacair Teachtaí a thuiscint agus sinn ag caint Gaeilge nó Béarla. Os rud é go mbíonn cluasáin á gcaitheamh ag daoine nach bhfuil an Ghaeilge ar a gcumas acu, is léir go n-éiríonn leis na haistritheoirí an méid atá le rá agam a mhíniú, fiú nuair a bhfuil sé beagáinín casta agus muid ag déileáil le reachtaíocht.

Níl mé in ann teacht isteach anseo ar Chéim an Choiste agus leasuithe i nGaeilge a chur síos i gcás Bille Leasa Shóisialaigh, mar shampla. Ní féidir liom an argóint atá agam a dhéanamh trí Ghaeilge ó thús báire. Ar an gcéad dul síos, ní bhíonn an reachtaíocht ar fáil i nGaeilge ón tús. Ní bhíonn an meabhrán mínithe, fiú, ar fáil i nGaeilge. Dúirt an tAire, an Teachta Burton, liom anuraidh go dtógfadh sí an moladh seo go dtí an Comhaireacht ionas go mbeinn in ann, ar a laghad, úsáid a bhaint as na téarmaí Gaeilge a bheidh in úsáid nuair a bheidh an Bille aistrithe tar éis dó bheith achtaithe. Chinnteodh sé sin nach mbeadh téarmaí difriúla - a fhaighim ó mo chleachtadh féin nó ón bhfoclóir - á n-úsáid agam.

Bhí an fhadhb atá againn sa chomhthéacs seo soiléir dom nuair a bhí Bille a bhain le hOllscoil na hÉireann, Gaillimh, á phlé againn sa bhliain 2006. B'fhéidir gur cuimhin leis an Aire Stáit an díospóireacht a bhí againn ag an am. Bhí an reachtaíocht seo ag déanamh athrú ar conas mar a bheadh an ollscoil reáchtáilte amach anseo. Bhí ceist mhór ann maidir leis an nGaeilge. Bhí stádas thar barr ag an gcoláiste i dtaobh na Gaeilge - agus tá fós - ach bhí athrú ag tarlú ag an am sin.

Bhí an Bille i mBéarla agus bhí an bunreachtaíocht ó 1926 nó 1927 i mBéarla. Diúltaíodh na leasuithe a chuir mé isteach i nGaeilge agus níor ghlacadh leo. Míníodh dom nach féidir leasú i nGaeilge a chur chun tosaigh ar Bhille atá i mBéarla. Bhí orm iad ar fad a aistriú go Béarla agus teacht isteach anseo chun mo argóint a dhéanamh i nGaeilge. Bhí sé sin bun os cionn go hiomlán. Ba léiriú é nach raibh mé in ann teanga oifigiúil an Stáit a úsáid ó thús báire. Muna ndéantar aon athrú, beidh ócáidí mar sin againn arís amach anseo.

Baineann an eachtra seo leis an mBille seo os rud é go bhfuil Rannóg an Aistriúcháin i gceist. Mhol mé go mbeadh Billí foilsithe ag an am céanna i mBéarla agus i nGaeilge. Deirtear liom go mbeadh sé sin beagáinín níos casta, ach cén fáth nach bhfuil sé níos casta in aon tír eile ar domhan a dhéanann é seo? Dá mbeadh an moladh seo glactha, ní bheadh aon bhaol nach mbeadh an reachtaíocht achtaithe foilsithe go comhuaineach sa dá theanga. Bheadh an bun-obair déanta ón tús. B'fhéidir go mbeadh an chóras seo níos deacra do na haistritheoirí agus dóibh siúd nach bhfuil sé ar a gcumas acu díospóireacht i nGaeilge a leanúint. Más féidir le Parlaimint na hEorpa é seo a dhéanamh le 24 nó 26 teanga, ba chóir go mbeimid in ann díriú isteach ar é a dhéanamh le dhá theanga.

Impím ar an Aire Stáit díriú isteach ar an gceist seo arís ionas go mbeidh gach éinne in ann a gcuid gnó sa Teach seo a dhéanamh go huile agus go hiomlán trí Ghaeilge. Sa chás sin, measaim nach mbeadh an fhadhb againn a bhí againn anuraidh, nuair a bhí forálacha in dhá Bhille a fhoilsíodh ag deireadh na tréimhse roimh an samhradh - Bille ón Roinn Coimirce Shóisialaí agus Bille ón Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais - a thug cead do na Ranna sin an tAcht sa dá chás a fhoilsiú go leictreonach i mBéarla amháin ar an gcéad dul síos agus go comhuaineach ar phár níos déanaí. Déanadh cinnte de go dtiocfadh an dlí i bhfeidhm ag an am céanna. Dá mbeadh an moladh atá curtha chun cinn agam tógtha ar bord, tarlódh sé sin ar aon chaoi ar an lá ceanann céanna a shíneodh an tUachtarán an reachtaíocht.

Tá spéis agam sa mhéid atá sa Bhille i dtaobh an Chaighdeáin Oifigiúil. Tá an oiread sin canúintí agus bealaí difriúla le labhairt in Éirinn agus thar lear. Is minic a chloisim daoine ó thíortha eile atá tar éis an Ghaeilge a fhoghlaim. Tá sé deacair iad a thuiscint uaireanta os rud é go bhfuil an teanga foghlamtha ó leabhar, seachas ghnáthchleachtas, acu. Tá an rud ceanann céanna fíor ó thaobh gach uile teanga eile ar domhan. Má tá an Ghaeilge foghlamtha ó leabhar, tá foghraíocht agus caint na teanga go huile is go hiomlán difriúil i gcomparáid le pobal labhartha na hÉireann. Tá canúint iomlán difriúil agus cleachtas teanga iomlán difriúil agam toisc an cúlra atá agam. Tógadh le Gaeilge mé i mBaile Átha Cliath. D'fhreastal mé ar scoileanna i nGaeltacht Chiarraí. Tá cairde agam i nGaeltachtaí Thír Chonaill agus Conamara agus áiteanna eile. Phioc mé suas píosaí difriúla ó chanúintí difriúla. Tagann siad amach i mo ghuth.

Tá caighdeán oifigiúil i ngach tír. Tá ár gcaighdéan á leasú againn anseo. Cé go bhfuil 200,000 canúint sa tSín, b'fhéidir, tá caighdeán amháin acu. Is féidir an rud céanna a rá faoi Svahaílis san Afraic nó Araibis sa Mheánoirthear. Tá canúintí difriúla sna teangacha sin. Tá dainséar againn os rud é go bhfuil sé i gceist sa Bhille seo athbhreithniú ar an gCaighdeán Oifigiúil a dhéanamh gach seacht mbliana. Bheadh sé sin go deas go teoiriciúil, ach tá gach seans go mbeidh athrú suntasach i gceist nuair atá athbhreithniú á lorg gach seacht mbliana. Beidh orainn déileáil le gach múinteoir ar eagla go mbeidh cúrsa athnuachana de shórt éigin de dhíth orthu; leis na haistritheoirí san Oireachtas agus i bParlaimint na hEorpa; leo siúd a bhíonn ag foilsiú leabhair agus téacsleabhair; agus le páistí scoile. Caitheann an chuid is mó de leanaí na tíre seo 14 bliain ar scoil. D'fhéadfadh athbhreithniú amháin teacht i bhfeidhm díreach nuair a thosnaíonn siad i naíonáin bheaga, athbhreithniú eile sula chríochnaíonn said sa bhunscoil agus an tríú athbhreithniú nuair atá an mheánscoil á fhágáil acu. Tá an tréimhse seo ró-ghairid ar fad. Ní cheart athbhreithniú ar an gCaighdeán Oifigiúil a dhéanamh sa tslí atá leagtha amach anseo.

Impím ar an Aire Stáit teacht ar bhealach eile, agus tréimhse i bhfad níos faide a chur i bhfeidhm, i dtaobh na n-athbhreithnithe seo. Tá athruithe tar éis tarlú ó foilsíodh an Caighdeán Oifigiúil deireanach sa bhliain 1958. Tá mionathruithe ag teastáil toisc nach raibh an Caighdeán Oifigiúil soiléir. Is féidir soiléiriú a dhéanamh ar an gCaighdeán Oifigiúil nua atá foilsithe gan athbhreithniú iomlán a dhéanamh. Tarlaíonn sé sin faoi láthair. Is é sin an bealach is fearr chun déileáil leis an bhfadhb seo, seachas coiste a bhunú gach seacht mbliana chun dul tríd gach uile chuid den chaighdeán agus athruithe a dhéanamh. Nuair a thosaigh mé ar scoil sa bhliain 1968 - deich mbliana tar éis caighdéan 1958 - bhí roinnt de na téacsleabhair fós ar an seanstíl scríbhneoireachta, an tseanlitriú agus an tseanchaighdeán. Bhí sé deacair orm nuair a bhí mé ar scoil. Glacaim go raibh sé i bhfad níos deacra dóibh siúd a chuaigh tríd an gcóras oideachais romham agus a bhí ag múineadh na Gaeilge ag an am.

Faoi láthair, tá mé ag déanamh iarrachta treabhadh tríd leabhar atá le foilsiú ag m'athair mar gheall ar An Barr Buadh, irisleabhar a d'fhoilsigh Pádraig Mac Piarais roimh Éirí Amach 1916. Tá sé deacair toisc go raibh litriú agus stíl scríbhneoireachta iomlán difriúl in úsáid ag an am. Is é sin an fáth go raibh Caighdeán Oifigiúil ag teastáil; ionas go mbeadh a fhios ag daoine - go mórmhór ó thaobh fhoilsiúcháin Rialtais de ach freisin ó thaobh fhoilsiúcháin téacsleabhair, srl., de - go mbeadh stíl áirithe, cruinneas gramadaí agus soiléire i gceist. Dá bhrí sin, molaim an t-athrú agus an soiléiriú atá déanta sa Chaighdeán Oifigiúil atá foilsithe le déanaí. Molaim freisin na haistritheoirí agus gach éinne eile a bhí bainteach sa tionscadal sin, a bheidh ina háis dom sa Teach seo. Ba mhaith liom labhairt faoi áis eile a chabhródh linn.

Nuair a thoghadh mé don chéad uair sa bhliain 2002, fuair gach Teachta Dála nua pacáiste ina raibh foclóir parlaiminte, srl. Measaim gur Foras na Gaeilge a chur timpeall é ag an am. Cé go bhfuil an foclóir ceart go leor, bhí a lán bearnaí ann ag an am céanna. Impím ar an Aire Stáit treoir a thabhairt do Rannóg an Aistriúcháin foclóir nua a fhoilsiú a leagadh amach téarmaí áisiúil parlaiminte agus reachtaíochta. Go minic sa Teach seo, bíonn orm smaoineamh ar an bhfocal cuí gur cheart dom úsáid i gcomhthéacs reachtaíochta. Is féidir liom teacht suas le focal éigin, ach ní bhíonn an focal ceart sa chomhthéacs ceart agam i gcónaí. Bíonn orm casadh ar an mBéarla ó am go ham.

Tá fadhb mhór reachtaíochta eile againn os rud é go bhfuil an tseanstíl ársa fós in úsáid. Ba cheart go mbeadh reachtaíocht soiléir docht daingean. Uaireanta, caithfear téarmaí nach n-úsáidtear i measc an ghnáthphobail a úsáid. Tharla an rud céanna nuair a bhí dlíthe na mBreithiún againn fadó, fadó. Ní oireann bunfhoclóir na ndaoine do chúrsaí reachtaíochta. Bíonn daoine ag gearán uaireanta go bhfuil an dlí gan rochtain dóibh de bharr sin, agus is fíor sin. Le blianta fada, tá feachtas i Sasana - the Plain English Campaign - ag impí ar pharlaiminteoirí, daoine eile a chuireann reachtaíocht chun cinn agus daoine a fhoilsíonn foirmeacha a chinntiú go bhfuil na doiciméid sin scríofa i ghnáththeanga an phobail.

Ba mhaith an rud é sin, ach ní féidir é a dhéanamh go huile is go hiomlán toisc go mbíonn reachtaíocht scríofa go minic ón dtaobh diúltach de, seachas an taobh dearfach de. Tá sé beagáinín níos casta os rud é go ndíríonn reachtaíocht ar rudaí "nach ndéanfaidh" duine nó "nach mbeidh" i gceist. Bheadh athrú iomlán sa tslí ina breathnaímid ar reachtaíocht ag teastáil chun aon chóras eile a thabhairt chun cinn. Is fiú i gcónaí smaoineamh an féidir linn foclaíocht beagáinín níos soiléire agus níos simplí a úsáid inár reachtaíocht, ní hamháin i nGaeilge ach i mBéarla freisin. Go minic, ní féidir é sin a dhéanamh. Tá roinnt de na fadhbanna sa chomhthéacs seo leagtha amach agam.

Tá amhras orm faoin méid atá an tAire Stáit ag iarraidh a dhéanamh leis na hionstraimí reachtúla lena bhfuilimid ag déileáil. Tá an ceart aige lárnú a dhéanamh ionas go mbeidh dream amháin freagrach as aistriúcháin an Stáit ar ionstraimí reachtúla agus reachtaíocht, srl. Is maith an rud é go mbeidh an stíl ceannann céanna i ngach uile rud agus nach mbeidh stíleanna difriúla i gceist. Má tá an tAire Stáit ag iarraidh go mbeidh rannóg éigin in ann aistriú ar ionstraim éigin a chur amach go dtí an earnáil phríobháideach, ní bheidh an caighdéan ceannann céanna i gceist agus a bhí againn ag amanna difriúla.

Tháinig an riachtanas i dtaobh na hionstraimí reachtúla chun cinn nuair a ghlac Pól Ó Murchú cás cuairte. D'éirigh leis sa chéad dul síos. Chuaigh údaráis an Stáit ag lorg achomhairc ina dhiaidh sin agus d'éirigh leo a thaispeáint nach raibh dualgas láithreach ar an Stát na hionstraimí a chur ar fáil go comhuaineach. Is trua é sin. Measaim gur chóir i gcónaí go mbeadh sé mar dhualgas ar an Stát gach rud a chur ar fáil go comhuaineach i nGaeilge agus i mBéarla. Mar a dúirt mé nuair a bhí tuairiscí bliantúla á phlé againn, ní gá gach rud a fhoilsiú ar phár i mBéarla nó i nGaeilge. Go minic, baineann na costais mhóra leis an palaver ar fad a bhaineann leis an bhfoilsitheoireacht.

Ceapann go leor Ranna Stáit agus boird Stáit go gcaithfidh siad tuairiscí bliantúla deasa gleoite a sholáthar, fiú má fhanann siad ar an seilf gan bheith léite ag éinne. Sa lá atá inniu ann, is leor go mbeidís foilsithe ar an Idirlíon. Más gá an doiciméad a leagadh os comhair an Oireachtais, is féidir cóip a chlóbhualadh ón Idirlíon. Is dóigh liom go mbeadh i bhfad níos mó coigilt airgid i gceist dá ndéanfaí é sin. Cheana féin, cuireann roinnt comhlachtaí na cáipéisí seo amach ar dhlúthdhiosca. Más gá athrú reachtaíochta a dhéanamh ionas go mbeidh sé de chead ag eagrais Stáit é sin a dhéanamh go dlíthiúil, ba cheart é sin a dhéanamh. Cabhródh sé sin linn costais a shábháil. B'fhéidir go seolfaidh an tAire Stáit an moladh sin ar aghaidh do dtí an tAire, an Teachta Howlin, atá ag iarraidh airgid a shábháil sa Státchóras.

Caithfidh mé a rá go raibh na hoifigigh i Rannóg an Aistriúcháin thar barr aon uair a bhí orm déileáil leo. Tá ard-mholadh ag dul dóibh. Bhí siad in ann a gcuid oibre a leanúint fiú nuair nach raibh go leor foirne acu de bharr fadhbanna inmheánacha - bhí daoine tinn, srl. Ní cheart dúinn caitheamh anuas ar Rannóg an Aistriúcháin. Ba chóir go mbeadh go leor maoine agus acmhainní ag an rannóg i gcónaí le cinntiú nach mbeidh aon riaráistí i dtaobh Achtanna atá rite ag an Teach seo i gceist riamh arís. Tuigim go bhfuil cúpla céad Acht nach bhfuil aistrithe go Gaeilge go fóill. Is truamhéalach an scéal é sin, go háirithe toisc na gealltanais a thug Rialtais éagsúla thar na blianta. Dúirt an Rialtas deiridh go mbeadh deireadh leis na riaráistí sin. Is gá na hacmhainní a chur ar fáil chun na riaráistí sin a ghlanadh go huile is go hiomlán ionas nach mbeidh siad againn arís. Má ghlactar leis an mholadh atá déanta agam, beidh Billí foilsithe go comhuaineach i nGaeilge agus i mBéarla agus ní bheidh riaráistí i dtaobh Achtanna an Stáit riamh arís.

Má ghlactar leis an mBille seo, measaim go mbeidh sé tábhachtach go mbeidh an príomh-aistritheoir, nó pé duine atá i bhfeighil ar an gcaighdeán oifigiúil, i gceannas ar aon obair aistriúcháin atá curtha amach ag Roinn ar bith go dtí dream nó painéal seachtrach éigin, ionas go gcinnteofaí go mbeidh caighdeán an-docht i gceist. The buck should stop with him. Má ceadaítear d'aon Roinn ionstraimí reachtúla, mar shampla, a chur amach le haghaidh aistriú, ní chóir go mbeidís foilsithe go dtí go mbeidh imprimatur Rannóg an Aistriúcháin faighte ag an Roinn sin. Ní cheart go mbeadh trí nó ceithre caighdéan aistriú, seachas caighdeán teanga, in úsáid. Má tá duine amháin i gceannas ar an rud ar fad, beidh sé nó sí in ann déanamh cinnte de go bhfuil gach rud ar an leibhéal céanna.

Má tá a fhios againn go bhfuil quality assurance mark i bhfeidhm, ní bheidh aon dabht againn i dtaobh cásanna dlí. Tá sé an-tábhachtach amach anseo go mbeimid cinnte go bhfuil na hionstraimí agus na hAchtanna foirfe ó thaobh na Gaeilge nó an Bhéarla de. Má tá aon bhotúin i gceist, beidh an Stát sna cúirteanna. Go minic, cosnaíonn sé a lán airgid ar an Stáit botún beag amháin a cheartú. Is é sin an fáth go bhfuil mé ag rá gur chóir go mbeadh gach rud á dhéanamh ag Rannóg an Aistriúcháin. Má tá sé i gceist ag an Aire Stáit dul sa treo atá molta aige, ba cheart go mbeadh an rannóg sin i gceannas ar aon athruithe a bheidh le déanamh.

Sa chuid is mó, fáiltím roimh an mBille seo. Tá na gearáin atá agam le mionathruithe áirithe leagtha amach agam. Tá sé ráite agam gur chóir go mbeadh an riachtanas seacht mbliana athruithe agus go mbeadh Rannóg an Aistriúcháin i gceannas go forleathan. Mar a dúirt mé, is trua gur iarr an Rialtas deireanach ar choiste seachtrach déileáil leis an gcaighdeán oifigiúil, seachas an rannóg a bhí i gceannas ar an gcaighdeán i gcónaí ón uair gur bhunaigh Mícheál Ó Coileáin í sa chéad dul síos. Níl an dea-shampla a thug an Chéad Dáil dúinn caomhnaithe againn ó shin. Bhí Aire na Gaeilge acu sa Chéad Dáil, ach ní raibh Aire na Gaeilge againn ó shin. Nuair a bhí Aire na Gaeltachta sinsearach againn ó am go ham, is minic go raibh a lán cúraimí eile caite isteach. Thuig an Chéad Dáil tábhacht na teanga. Bhí a fhios acu go raibh sé riachtanach don Stát tús áite a thabhairt don Ghaeilge, agus gach uile rud a chur ar fáil, ionas gur féidir le athbheochan tarlú.

Debate adjourned.
Sitting suspended at 1.30 p.m. and resumed at 2.30 p.m.