Skip to main content
Normal View

Joint Committee on Education and Social Protection debate -
Wednesday, 7 Oct 2015

An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta: Cathaoirleach Ainmnitheach

Before we begin, I remind witnesses that, by virtue of section 17(2)(l) of the Defamation Act 2009, they are protected by absolute privilege in respect of their evidence to this committee. However, if directed by the committee to cease giving evidence in relation to a particular matter and they continue to do so, they are entitled thereafter only to a qualified privilege in respect of their evidence. Witnesses are directed that only evidence connected with the subject matter of these proceedings is to be given and are asked to respect the parliamentary practice to the effect that where possible they should not criticise nor make charges against any person, persons or entity by name or in such a way as to make him, her or it identifiable. The opening statements submitted to the committee will be published on the committee website after this meeting. Members are reminded of the longstanding parliamentary practice to the effect that they should not comment on, criticise or make charges against a person outside of the house or an official either by name or in any such way as to make him or her identifiable.

If people have mobile telephones, will they please turn them off completely and not put them on silent mode as this will interfere with the recording?

Cuirim fáilte chroíúil roimh an Uasal Dónal Ó hAiniféin. Tá sé ar eolas againn go bhfuil Dónal ainmnithe mar chathaoirleach ar an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, COGG. Tuigim go bhfuil ráiteass aige agus cuirim fáilte roimhe é sin a chur i láthair.

Mr. Dónal Ó hAiniféin

Gabhaim mo mhíle buíochas leis an gCathaoirleach. Tá an-sásamh orm an deis a bheith agam labhairt leis an gcoiste inniu mar chuid den phróiseas a bhaineann le m'ainmniúchán mar chathaoirleach ar an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta. Le beagán cúlra a thabhairt don choiste fúm féin ar dtús, is Ciarraíoch mé a saolaíodh fé bhun An Stricín i Lios Deargáin, Lios Póil, ar imeall Ghaeltacht Chorca Dhuibhne agus an-bhródúil as mo dhúchas, muintir agus paróiste dúchais. Táim ar deoraíocht i gContae an Chláir le breis agus 25 bliain anois ach fuaireas mo bhunscolaíocht tré mheán na Gaolainne go háitiúil i nGaeltacht Chorca Dhuibhne agus i Scoil na mBráithre sa Daingean ina dhiaidh sin. Ansan nuair a tháinig sé go dtí cúrsaí tríú leibhéal, bhog mé ar aghaidh go dtí Coláiste Mhuire gan Smál i lár na hochtóidí. Bhaineas amach mo chéim múinteoireachta ansin. Le linn dom bheith ag staidéar ansin, chuireas céad-aithne ar chúrsaí tumoideachais nuair a bhí turas chun na Breataine Bige againn mar chuid dár gcúrsa ansin. Bhí mé ag foghlaim ó mhuintir na Breataine Bige faoin gcur chuige a bhí acusan maidir le cúrsaí dátheangachais agus múineadh trí mheán an dara teanga agus mar sin de.

Go luath ina dhiaidh sin, bhogas mar mhúinteoir óg go Baile Átha Cliath agus bhíos i mo spailpín fánach ag ionadaíocht thart i scoileanna in 1989 agus go deimhin féin gan fostaíocht buan ar bith. Ach go luath ina dhiaidh sin, fuaireas post sealadach i Scoil Neasáin, Gaelscoil iomráiteach i dtuaisceart na cathrach. Roinnt blianta ina dhiaidh sin, in 1992, ceapadh mé mar phríomhoide i nGaelscoil Sairséal i Luimneach, áit a d'fhanas ar feadh 14 bliain. Bhaineas an-taitneamh as mo thréimhse i gcathair ársa álainn Luimní. Bhí cónaí orm i gContae an Chláir, in Inis, an t-am ar fad agus bhí baint agam sa tréimhse sin le cúrsaí Gaelscolaíochta. Bhíos im' uachtarán ar Gaelscoileanna Teoranta ar feadh tréimhse agus bhí baint agam le bunú Gaelscoileanna i gcathair Luimní agus le bunú Gaelcholáiste Luimní ina dhiaidh sin in 2006. Caithfidh mé bheith macánta leis an gcoiste agus a rá gur bhaineas an-taitneamh agus an-chraic as a bheith bainteach le cúrsaí Gaelscolaíochta. Bhuaileas leis na daoine ba bhreátha agus ba phaiseanta go bhféadfá bualadh leo. In 2006, bhogas ar aghaidh go Gaelscoil Mhíchíl Cíosóg in Inis i gContae an Chláir agus táim sa scoil sin fós. Tá 404 dalta ar na rollaí againn agus tá an scoil ag méadú is ag fás. Tá Gaelscoil áitiúil againn.

Tá triúr clainne agam: Conall a thosnaigh ar an ollscoil i mbliana agus Fiachra agus Neasa atá ag baile fós. Táim pósta le Nóirín, múinteoir iontach agus bean chéile atá foighneach agus tuisceanach, bail ó Dhia is ó Mhuire uirthi.

Tá mo chuid spéise sa Ghaelscolaíochta ag dul siar ón uair a saolaíodh mé agus mo chuid spéise sa Ghaeltacht amhlaidh. Tá an-spéis agam i gcúrsaí caide chomh maith céanna agus bím bainteach le foirne caide agus mar sin de chomh maith, lasmuigh de chúrsaí oideachais, nuair a bhíonn an deis agam. Toghadh mé mar ionadaí na dtuismitheoirí ar an gcéad Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta nuair a bunaíodh an chomhairle sin. Bhí baint againn le bunú na comhairle sin go deimhin féin. Don tarna tréimhse, toghadh mé mar ionadaí na múinteoirí ar an gcomhairle chéanna. Chaith mé tamall mar leas-chathaoirleach. Ansan thóg mé sos beag ón gcomhairle agus tá an-sásamh orm a bheith thar n-ais agus bainteach leis an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta toisc an obair iontach atá déanta ag an gcomhairle ó bunaíodh í agus toisc gur am fíordhúshlánach atá ann don oideachas Gaeltachta agus don Ghaelscolaíocht agus am thar a bheith spéisiúil don Ghaeltacht agus don Ghaeilge i gcoitinne sa tír. Tá súil agam gur féidir liom tacú le Muireann Ní Mhóráin agus leis an bhfoireann iontach atá ag COGG fé stiúir Mhuireann an obair atá le déanamh againn a chur i bhfeidhm sna blianta atá romhainn. Tá ról cuíosach lárnach leagtha amach sna dréachtmholtaí don Ghaeltacht le haghaidh COGG do na blianta atá romhainn. Cinnte beidh dúshlán ann agus beidh obair throm le déanamh. Táim dóchasach, má thugtar an deis agus na hachmhainní dúinn, go bhfuilimid ábalta don dúshlán sin.

Tá mórán rudaí gur gá dúinn a rá mar gheall ar na dúshláin atá bainteach le cúrsaí oideachais Gaeltachta agus Gaelscolaíochta. Ina measc tá oiliúint mhúinteoirí mar cheann do na príomh-dhúshláin atá romhainn. Bhí an deis agam féin dul ar aghaidh agus tuilleadh staidéir a dhéanamh in Acadamh na hOllscolaíochta in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus máistreacht a bhaint amach i múineadh teangacha ansin. Is breá liom i gcónaí a bheith ag cur le mo chuid taithí agus le mo chuid oideachais féin. Ba bhreá liom go mbeadh an deis sin ann do gach uile mhúinteoir, go háirithe do mhúinteoirí Gaeltachta agus Gaelscoile. Ar deireadh thiar thall, is iad na múinteoirí na hacmhainní is mó agus is luachmhaire atá againn in ár scoileanna. Cé go raibh ráiteas againn ar maidin atá dearfach faoi chúrsaí teicneolaíochta agus go n-aithním go bhfuil tábhacht ag baint leis an teicneolaíocht, samhlaím gurb é an múinteoir an acmhainn is luachmhaire in aon seomra ranga. Tá oiliúint mhúinteoirí ar cheann do na clocha is mó ar ár bpaidrín.

Chomh maith le sin, ó thaobh na deacrachtaí agus na dúshláin a bhaineann le cúrsaí Gaeltachta i gcoitinne faoi láthair le bánú na tuaithe, titim uimhreacha agus mar sin de, is dúshlán ollmhór atá ann dúinn chun féachaint ar na ceisteanna sin agus chun freastal ar na héilimh atá ag na pobail Ghaeltachta. Tá an Ghaeltacht ag athrú. Tá an tír ag athrú. Tá cursaí teangan agus cúrsaí teicneolaíochta ag athrú ag ráta fíorthapaidh. Bhíos ar an Luas ar maidin ag teacht anseo. Ní raibh éinne ag labhairt le chéile. Bhí gach aon duine ar fóin chliste ag caint le daoine eile nó ag éisteacht le rudaí. Ní raibh cumarsáid ar bith ann. Tá sé sin ag tarlú i dtithe ar fud na tíre agus tá an Ghaeltacht mar a chéile. Tá dúshlán ollmhór ó thaobh an oideachais bainteach leis an ngné sin.

Maidir le múinteoirí agus múinteoirí a oiliúint go dtí ardchaighdeán, tá oiliúint tosaigh mhúinteoirí an-tábhachtach ach, i gcomhthéacs COGG, beidh forbairt ghairmiúil leanúnach na múinteoirí sin thar a bheith tábhachtach. Tá an ról sin luaite le haghaidh COGG cheana féin sna dréachtmholtaí atá á bplé.

Ba mhaith liom an deis seo a ghlacadh chun mo bhuíochas a chur in iúl d'ard-oifigigh an Roinne Oideachais agus Scileanna as an obair iontach atá déanta acu leis na moltaí don oideachas Gaeltachta agus as an gcur chuige atá léirithe acu.

Tá ceannródaíocht léirithe le bliain anuas nó mar sin ag ardchigireacht na Roinne maidir leis an gceist seo. Tá sí sin imithe amach chun chomhairliúcháin poiblí agus tá an próiseas ag leanúint ar aghaidh. Beidh cruinniú ann arís ar 19 Deireadh Fómhair agus le cúnamh Dé tiocfaidh pacáiste agus polasaí amach as an obair sin go léir a bheidh chun leasa na Gaeltachta. Ba mhaith liom é a chur ar an taifead go bhfuilimid thar a bheith buíoch d'ardoifigigh na Roinne as an obair atá ar siúl acu.

An uair dheireanach go raibh mise istigh anseo, b'fhéidir le hata Gaelscoileanna orm, bhí ceist an tumoideachais an-te. Thóg sé deich mbliana orainne, ar phobal na Gaeltacha agus ar phobal na Gaelscolaíochta, dul i bhfeidhm ar an Roinn maidir leis an gcur chuige a shíleamarna a bhí oiriúnach don Ghaelscolaíocht agus don Ghaeltacht. Tá sé go hiontach anois go bhfuilimid ar fad ag tarrac sa treo céanna agus le cúnamh Dé rachaidh sé sin chun leasa dhaltaí Gaeltachta agus dhaltaí Gaelscolaíochta na tíre amach anseo. Tá mórán dúshlán gur féidir liom a lua maidir leis an obair a bhaineann le COGG, ina measc dúshláin foirne dúinn féin. Táimid buíoch go bhfuil deis faighte againn beirt oifigeach a cheapadh chomh luath agus is féidir, oifigeach oideachas bunscoile agus oifigeach oideachas iar-bhunscoile. Beimid ag iarraidh iadsan a cheapadh chomh luath agus is féidir linn faoi na coinníollacha is fearr chun cabhrú le Muireann Ní Mhóráin leanúint leis an obair iontach atá ar siúl aici féin agus ag buíon an-bheag daoine. Gan dabht beidh tacaíochtaí cuí á lorg againn chuige sin chomh maith, mar ní leor beirt, ach b'fhéidir go mbeidh lá eile ann gur féidir liom labhairt faoi na nithe sin.

Tá cloch amháin eile ar mo phaidrín a bhaineann le polasaí na Roinne gur mhaith liom a lua, i gcead don Leas-Chathaoirleach. Is é sin an polasaí leanúnach atá ag an Rialtas maidir le haonaid lán-Ghaeilge a bhunú timpeall na tíre ag leibhéal na hiar-bhunscolaíochta. Is maith ann iad aonaid in éagmais aon rud eile ach ar deireadh thiar thall ní scoil atá in aonad. Ba mhaith linn go mbeadh deis againn sna blianta atá romhainn polasaí a fhorbairt leis an Roinn chun aonaid a bhunaítear a fhorbairt isteach ina scoileanna neamhspleácha dara leibhéal lán-Ghaeilge, mar is dóigh liom gurb é sin an cur chuige is éifeachtaí, is fearr agus is mó fiúntais agus luach ar airgead chomh maith do phobal na Gaeltachta agus na Gaelscolaíochta amach anseo. Smaoinímid i gcónaí ar na daltaí, gur féidir leo agus go dtugtar an deis dóibh an teanga a shealbhú ins an suíomh lán-Ghaeilge go nádúrtha.

Tá sé thar a bheith tábhachtach go mbeadh leanúnachas ón naíonra, ón réamhscoil, go dtí an bhunscoil, an iar-bhunscoil agus ar aghaidh go dtí an tríú leibhéal agus go mbeadh an rogha sin ar fáil do phobal uilig na tíre, timpeall na tíre go léir, i ngach aon chontae, ar an gcaighdeán is airde. Sin an dúshlán atá romhainn, cabhrú leis sin a chur i bhfeidhm agus le cúnamh Dé beidh buíon an choiste seo agus buíon eile nach bhfuil i láthair ag tacú agus ag cabhrú linn ins an obair ríthábhachtach sin ins na blianta atá romhainn.

Sin a bhfuil le rá agam ag an bpointe seo. Gabhaim buíochas leis an gcoiste as an deis a thabhairt dom teacht ina láthair agus as éisteacht bhreá a thabhairt dom.

Fáiltím roimh an ráiteas sin agus guím gach rath ar an Uasal Ó hAiniféin as seo amach. Beidh deiseanna eile againn cuid de na pointí sin a phlé sa choiste seo sa todhchaí. An bhfuil ceisteanna ag aon duine?

Déanaim gáire faoi mhuintir Chiarraí go gcaithfidh siad hinseacht dom gur as Ciarraí a thángadar ag tús aon óráid a dhéanann siad. Ní thógfaimid sin in aghaidh an fhinné. Caithfidh mé tréaslú leis. Sílim gur ceapacháin den chéad scoth atá déanta agus é roghnaithe mar chathaoirleach ar COGG. Tá ainm air le riar mhaith blianta agus tuigim go pearsanta an diongbháilteacht atá aige agus an dúthracht atá caite aige leis an nGaeloideachas. Táim cinnte go ndéanfaidh sé jab den scoth agus go dtuigeann sé an comhthéacs Gaeltachta agus an comhthéacs Galltachta, cúrsaí oideachais agus cúrsaí tuismitheoireachta ag an am céanna. Ba dheacair teacht ar dhuine a bheadh níos feiliúnaí don ról.

Tá sé fíorthábhachtach freisin go dtugaimid aitheantas don obair iontach atá déanta ag COGG le blianta beaga anuas, go háirithe ar bheagáin acmhainní. Caithfidh mé a rá go bhfuil éacht déanta ag Muireann Ní Mhóráin agus an fhoireann atá ansin. Ní mé féin amháin a bhíonn á rá sin ach uair ar bith a théim i dteangmháil le scoileanna nó le haon duine a bhíonn ag plé leo, deireann siad an rud céanna. Tá sé fíorthábhachtach é sin a lua.

Tá roinnt pointí gur mhaith liom a lua agus a thuairimí a fháil fúthu maidir leis an obair atá ar bun ag COGG agus an éabhlóid atá ag tarlú. Is maith liom a chloisteáil go bhfuil beirt oifigeach nua le teacht ar bord, mar teastaíonn siad go géar. Tá an-chomhoibriú Thuaidh-Theas ar siúl ag COGG, de réir mo thuisceana. Cén chaoi go bhféadfadh forbairt a dhéanamh ar an ról sin, maidir le tograí atá forbartha ó thaobh na Gaeilge ó thuaidh agus ó dheas?

Luaigh an tUasal Ó hAiniféin féin an soláthar múinteoirí. Bíonn tráchtairí áirithe ag caint ar an nGaeilge líofa lofa a bhíonn ag múinteoirí áirithe. Tuigimid go bhfuil deacrachtaí ann ó thaobh chaighdeán na Gaeilge i measc múinteoirí áirithe. Ceann de na moltaí a bhí sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge ná go mbunófaí coláiste lán-Ghaeilge faoi leith, le múinteoirí a oiliúnt, sa chaoi go n-ardófaí caighdeán na Gaeilge i measc múinteoirí. Cén chaoi is féidir linn dul i ngleic leis sin? Ní dóigh liom go bhfuil mórán tarlaithe ó thaobh na straitéise de leis sin a chur chun cinn.

Ó thaobh na moltaí oideachas Gaeltachta atá curtha chun cinn, fáiltím roimh an gcáipéis siúd. Céard iad na gnéithe is tábhachtaí ó thaobh COGG de, a mbeidh COGG ag díriú oraibh, ag glacadh leis go nglacfar leis na moltaí san amscála a dúradh is go mbeifear ag caint ar iad a chur i bhfeidhm an bhliain seo chugainn? Céard iad na tosaíochtaí a bheadh ag an Uasal Ó hAiniféin, mar chathaoirleach ar COGG, ó thaobh cur chun cinn na moltaí sin? Ní féidir na moltaí Gaeltachta sin a chur i bhfeidhm gan airgead. Dá bhrí sin, céard iad na hacmhainní breise a bheas ag teastáil ó COGG, idir airgead, chúrsaí foirne agus tacaíochtaí eile? Cén chomhoibriú a bheas ag teastáil, leis an Roinn Oideachais agus Scileanna, le hUdarás na Gaeltachta agus leis na heagraíochtaí Gaeltachta, chun na moltaí Gaeltachta a chur i bhfeidhm? An bhfuil na struchtúir chuí sin i bhfeidhm? An bhfuil an comhoibriú ar siúl?

Roinnt blianta siar cuireadh deireadh le scéim scoláireachtaí 1916 agus scoláireachtaí eile chomh maith, a thug an-tacaíocht do dhaoine ón nGaeltacht agus ó áiteanna lasmuigh den Ghaeltacht dul go dtí na ceantair Ghaeltachta. Tugadh an leithscéal ag an am gur chúrsaí airgid ba chúis le deireadh a chur leo siúd. An mbeadh aon samhail ag COGG go mb'fhéidir go bhféadfaí breathnú ar scéimeanna scoláireachta a chur ar bun arís le tacú le barr feabhais a chur agus tacú leo siúd a bhfuil Gaeilge den scoth acu dul go dtí ollscoileanna, áit a mbeidh siad in ann a gcuid ábhar a dhéanamh trí mheán na Gaeilge agus tacú le dreamanna eile oideachas a fháil trí mheán na Gaeilge sna Gaeltachtaí? Céard a cheapann an tUasal Ó hAiniféin ó thaobh cúrsaí Gaeltachta d'ábhar oidí? Táimid imithe ón múnla a bhí ann agus anois tagann na hábhair oidí ar feadh coicíse dhá uair le linn dóibh a bheith ag traenáil le bheith ina múinteoirí bunscoile. Ar leor sin, i ndáiríre, le barr feabhais a chur ar a gcuid scileanna cumarsáide sa Ghaeilge agus blaiseadh Gaeltachta a fháil?

Bhí cuid mhaith clamhsáin ann ó thaobh bord COGG, nár cuireadh ionadaí Gaeltachta air, dar le pobal na Gaeltachta agus roinnt eagraíochta pobal Gaeltachta. Cé go bhfuil daoine ar bhord COGG gur as an nGaeltacht iad, tá siad ainmnithe ag Údarás na Gaeltachta agus thar ceann Údarás na Gaeltachta. An mbeadh aon samhail ag COGG go mb'fhéidir go bhféadfaí ról a fháil d'ionadaí pobal Gaeltachta arís ar bhord COGG agus dá bhféadfaí é sin a dhéanamh, céard é an bealach is fearr le sin a chur chun cinn?

Beidh an tUasal Ó hAiniféin dioplómaitiúil, mar a déarfadh as Béarla, ó thaobh na hacmhainní atá ag teastáil ó COGG ach tá géarghá le hacmhainní, nuair a fhéachtar ar an bhFraincis nó ar an nGearmáinis nó ar theangacha eile a bhfuilimid ag cur chun cinn nó atá á gcur chun cinn go domhanda agus na hacmhainní atá ar fáil do mhúinteoir atá ag múineadh trí mheán na dteagacha sin. Fiú má bhreathnaítear ar an gCatalóinis agus tíortha eile - luaigh an tUasal Ó hAiniféin féin an Bhreatain Bheag - tá go leor acmhainní ar fáil do na múinteoirí atá ag múineadh trí mheán na dteangacha sin i gcomparáid leis an méid bheag atá againn anseo. Céard iad na hacmhainní breise a bheas COGG ag díriú oraibh, céard iad na tosaíochtaí a bheas aige, an mbeidh maoiniú breise de dhíth air le n-aghaidh sin nó an mbeidh saineolas breise ag teastáil uaidh agus mar sin de?

Is cuid mhaith ceisteanna é sin. Tá brón orm - tá an t-uafás ceisteanna curtha os comhair an Uasail Ó hAiniféin-----

Tógfaimid na ceisteanna go léir ar dtús sular rachaimid ar aghaidh leis na freagraí diplomatic.

Ba bhreá liom leanúint ar aghaidh i nGaeilge ach tá mo chuid Gaeilge beagnach go léir caillte agam anois. I am interested in the views of Mr. Ó hAiniféin, as someone who obviously has a huge passion for the language and is very much intent on securing its future, on a couple of things. Delegates from An Foras Pátrúnachta were in here a few months ago discussing the very same challenge, which is the challenge we face in retaining our language for the future. I recall one statistic. I may have it wrong, but perhaps Senator Ó Clochartaigh might know it. It was something along the lines that less than 50% of the children attending schools in Gaeltacht areas are now using Irish as their first language at home. I remember Deputy Éamon Ó Cuív and I were quite taken aback by the statistic. I can only speak from my experience as a parent and as someone who has worked on the boards of management of a couple of schools in my locality - normal, English-speaking schools teaching Irish as a subject - and I will be frank, but, in my opinion, and it is one I have been expressing for a number of years, we are failing miserably in this country in teaching the language and, far more important, in retaining a love and passion for the language among our young people. Some of our primary schools are exceptionally successful in this area, but it appears that in the first one or two years of post-primary education in non-Gaelscoileanna, whatever progress had been made up to that point is lost all of a sudden. Children, young people and students go backwards instead of forwards in terms of their understanding and grasp of the language.

Then those who are fortunate enough to be able to afford it go to the Gaeltacht for three weeks or a month and something transformational happens. It has happened to a couple of my nephews and nieces and to my son. They went there and, in the space of a month, a resurgence of an interest in the language was somehow sparked in them. I suppose this is because of their immersion in the language and the culture associated with it. More important, however, they saw their peers, young people of their own age, using the language daily in Connemara. I say Connemara because this is predominantly where they go. What happens there that is not happening in the school environment? Is there some way we can recreate it? Is and has our focus always been on the minutiae of the language? All of us speak fluent English, yet if we were challenged on the rules of English grammar, I am sure few of us would have the knowledge to be able to explain adequately the rudiments of it. Yet things like the modh coinníollach and the tuiseal ginideach and all that stuff were hammered into us from day one.

There seems to be more of a focus on having our children understand the origins of the language rather than encouraging them to speak it. If a person wants to go on and learn the language at third level, there should be a focus on those aspects. However, at leaving certificate level our only ambition should be to be able to take young people from Athenry or Longford, for example, and drop them into Connemara, Donegal or Kerry with the competence to at least have a basic conversation with a young person of their own age who uses Irish as a first language. We are failing miserably in trying to achieve that. For me, that should be our only ambition. If we have young people leaving school with a basic conversational standard of Irish who retain a love of the language because it was not something that was hammered unremittingly into them and is something they feel passionate about, we will have succeeded in educating our young people in terms of our language. We are not succeeding at the moment. I know it is a very big question, but where are we going wrong? Why can we not replicate what happens in the Gaeltacht for that one month, which in my experience is transformational, in the classroom?

Mr. Dónal Ó hAiniféin

Más féidir liom an ceann deireannach a thógaint ar dtús, an teagmháil leis an teanga nó an contact time a bhíonn ag duine leis an teanga sa bhunscoil agus sa mheánscoil is about 1,500 hours thar tréimhse 14 bliain. Ní faic é agus ní leor é. Bíonn 500 uair an chloig teagmháil acu leis an teanga i dtréimhse Gaeltachta. Sin an freagra. Bíonn 500 uair an chloig i dtréimhse trí seachtaine agus spraoi, spóirt, caoin, olagón, grá agus gach aon rud eile trí mheán na Gaeilge acu. Tá an teagmháil leis na mothúcháin ceangailte leis an teanga. Tá an ceart ag an Teachta Cannon go pointe áirithe nuair a deireann sé go bhfuil ag teip orainn é sin a dhéanamh in ár mbunscoileanna atá ag teagasc tré Bhéarla, ach níl an t-am tugtha dóibh. Faigheann dalta Gaelscoile a théann ag an naíonra agus ar an nGaelscoil 1,500 uair an chloig teagmháil leis an teanga tar éis bliana amháin sa scoil má bhí tréimhse sa naíonra deanta aige nó aici. Bíonn ar dhalta atá á theagasc tré Bhéarla 14 bliain a dhéanamh chun an méid sin a fháíl. Tá an teagmháil scaipthe amach agus ró-bheag. Nuair a bhím á mhíniú do thuismitheoirí, deirim leo go bhfuil sé cosúil le bheith ag iarraidh a rá le Brian Cody liathróidí leathair O'Neill's, size 5, a úsáid chun foireann iománaíochta a thraenáil nó a rá le foireann Chiarraí camán agus sliotar a úsáid chun traenáil a dhéanamh don All-Ireland. Is teanga difriúil í. Is contact time agus an caighdeán a bhaineann leis an am teagmhála sin atá i gceist. Sin freagra an-tapaidh ar cheist an-ghinearálta.

Maidir leis an nGaeltacht, sna tríochaidí ní raibh ach aon trian de scoileanna a bhí lonnaithe sa Ghaeltacht ag múineadh go hiomlán trí mheán na Gaeilge. Tá an daonra sna Gaeltachtaí tite go mór. Tá deacrachtaí le seachadadh na teangan ó ghlúin go glúin, an rud is tábhachtaí ar fad, ach tá ról rí-thábhachtach ag na scoileanna tacú agus cabhrú le sin. Nuair a bheidh sainmhíniú ar scoil Gaeltachta faoi na moltaí nua oideachais agus pacáiste acmhainní agus airgead cuí ann chun iad a chur i bhfeidhm, bíodh sé sin tríd COGG nó eagrais eile, beidh deis ag na Gaeltachtaí an meath a bhain leis an teanga a stopadh ag an bpointe sin.

Ag teacht thar n-ais go dtí cuid de na ceisteanna a d'ardaigh an Seanadóir Ó Clochartaigh, ba mhaith liom ar dtús aitheantas a thabhairt do Mhuireann Ní Mhóráin. Mura mbeadh í, ní bheadh COGG. Is í agus Breandán Mac Cormaic, an chéad chathaoirleach a bhí ag COGG, a thóg COGG ó thuas. Ba mhaith liom an obair iontach a dheineadar san le COGG sa chéad dhá tréimhse ach go háirithe a aithint. Chomh maith leis san, ba mhaith liom aitheantas a thabhairt do John Carr, iar-chathaoirleach COGG, as an obair a rinne sé siúd le blianta anuas. Teastaíonn uaimse tógaint ar an obair sin. Tá an-chomhoibriú ar siúl thuaidh theas. Is sampla den chéad scoth í COGG ar luach ar airgead agus an luach a fhaightear ar bheagán airgid, dáiríre, nuair a fhéachann duine ar an bpictiúr mór. Tá comhoibriú leanúnach leis an Council for the Curriculum, Examinations and Assessment ó thuaidh. Tá suíomh nua Séideán Sí díreach seolta agus tacaíocht thuaidh theas a bhí i gceist ansin. Bíonn tacaíocht leanúnach ar siúl ag COGG chun dúbláil de gach saghas a sheachaint agus chun an luach is fearr ar airgead a fháil do na euros atá againn. Leanfaidh sé sin cinnte.

Bhí coláiste lán-Ghaeilge luaite sa straitéis ag pointe éigin. Mura bhfuil géarghá le coláiste lán-Ghaeilge, cinnte tá géarghá le cúrsa lán-Ghaeilge do mhúinteoirí. B'fhéidir gur chóir dó a bheith i gceann de na coláistí oiliúna atá ann cheana nó b'fhéidir i gcoláiste nua nó ollscoil éagsúil - níl an chumhacht sin againne - ach tá géarghá ann anois tógaint ar an obair iontach atá déanta le roinnt mhaith blianta anuas agus dul chun cinn a dhéanamh. Maidir le múinteoirí, do luamar é leis an Aire ag an gcéad chruinniú a bhí againn don chomhairle. Bhíomar an-bhuíoch gur thug sí an stádas dúinn agus gur fhreastal sí ar an gcéad chruinniú a bhí againn don chomhairle i mí Iúil. Do luadh léi gur bocht an scéal dáiríre go mbíonn ar mhúinteoirí óga - ábhar oidí - teacht suas le €1,000 amach as a bpóca fein nó póca a dtuismitheoirí, chun a bheith níos cruinne fós b'fhéidir, chun dul agus tréimhsí a chaitheamh san Ghaeltacht. Bhí an tréimhse seo íoctha roimis seo ag an Stát. Tá scéimeanna Eorpacha ann do mhúinteoirí Fraincise agus Gearmáinise chun tréimhse a chaitheamh sna tíortha sin gan a bheith ag íoc airgid amach as a bpóca féinigh. Sin ceann de na rudaí gur gá dúinn breathnú air chun go mbeadh an dearcadh agus an blaiseadh ceart, fíordhearfach á fháil ag múinteoirí óga i dtús a saol múinteoireachta agus gur féidir leo an dearcadh is dearfaí i leith na teangan a ghlacadh chucu féin agus a thabhairt do na daltaí a bheidh á mhúineadh acu amach anseo. Is infheistíocht iontach a bheadh ann i múinteoirí óga ar bheagán airgid.

Aontaím go hiomlán leis an Seanadóir Ó Clochartaigh. Ní cheart go gcuirfí deireadh le Scoláireachtaí 1916. Iarraim ar bhaill an choiste seo é sin a chur san áireamh agus gach iarracht a dhéanamh iad a thabhairt thar nais don bhliain seo chugainn. Léiríodh sé sin go bhfuil ómós agus meas againn ar lucht 1916.

Bheadh sé go maith dá léireofaí an méid sin ach go háirithe, do chúrsaí oideachais, don Ghaeltacht agus do dhaoine atá ag staidéar trí mheán na Gaolainne. Bhíodar ann i gcónaí agus baineadh an-leas agus an-úsáid astu agus ba cheart go mbeadh an deis ag aos óg na linne seo dul ar aghaidh agus scoláireachtaí mar sin a ghnóthachtáil chomh maith.

Maidir leis na moltaí, na tosaíochtaí agus na cúrsaí airgid a luadh, gan dabht ní bheidh go leor airgid riamh ag COGG, fiú má dhéanfar an buiséad a dhúbláil agus a mhéadú fá ceathar nó fá cúig, má cuirtear san áireamh na freagrachtaí nua atá á luadh linn maidir le forbairt ghairmiúil leanúnach. Tógfaidh mé an sampla beag bídeach sin amháin, forbairt ghairmiúil leanúnach múinteoirí Gaeltachta agus Gaelscolaíochta. Beimid ag comhoibriú leis na heagrais eile atá sa ghort sin. Cosnóidh sé sin airgead. Nuair a bhíonn múinteoirí á thógáil amach, tá ionadaithe le n-íoc, tá cúrsaí le dearadh agus le cur i bhfeidhm, tá an t-am luachmhar teagmhála sin ag teastáil agus tá saineolas ag teastáil. Tá COGG ag comhoibriú agus ag déanamh cuid den obair seo cheana féin ar bheagáin airgid ach is gá é a leathnú. Tógaimis Séideán Sí mar shampla. Is clár iontach teagaisc é, a dhearadh go speisialta do na scoileanna Gaeltachta agus do na Gaelscoileanna, ach tá forbairt ghairmiúil leanúnach ag teastáil ó ghlúin óg múinteoirí chun an leas is fearr a bhaint as an acmhainn iontach sin. Tá sé go maith acmhainní a bheith ag múinteoir ach tá sé níos fearr iad a úsáid faoi mar ba cheart iad a úsáid, ar an mbealach is éifeachtaí agus is fearr. Is gá dúinn díriú ar cuid de na nithe sin.

An tosaíocht a bheadh agamsa go pearsanta maidir le cúrsaí Gaeltachta agus Gaelscolaíochta ná go mbeadh an deis ag gach tuismitheoir sa tír, ón naíonra go dtí an ollscoil, ardchaighdeán oideachais a fháil trí mheán na Gaolainne, más é sin a rogha. Nílimidne ag iarraidh an Ghaolainn a bhrú ar aon duine ach táimid ag iarraidh a dheimhniú go mbeidh tuismitheoirí óga sa Ghalltacht in ann an Ghaeilge a roghnú mar mheán teagaisc dá bpáistí. Is iad siúd agus lucht na Gaeltachta - an slabhra neamhbhriste teangeolaíoch sin nach féidir a cheannach, agus nach féidir a chur ar ais má ligtear dó dul i léig níos faide - na daoine is tábhachtaí sa chóras. Is gá dúinne mar thír, má tá meas againn ar ár n-oidhreacht, ar ár sinsir agus orainn féin mar Phoblacht gach tacaíocht gur féidir a thabhairt ón Stát don oideachas Gaeltachta ag gach leibhéal. Samhlaím amach anseo, nuair a dhéanfar sainmhíniú ar scoil Ghaeltachta ar lámh amháin, go mba cheart go rachadh, ar an lámh eile leis sin, na tacaíochtaí agus na seirbhísí cuí atá ag teastáil chun cur ar chumas na scoile Gaeltachta an jab atá acu a dhéanamh go snasta agus i gceart.

Luadh cúrsaí múineadh na Gaolainne sna gnáthscoileanna chomh maith. Ní raibh an deis, ceal acmhainní, ag COGG díriú go sonrach ar an gceist sin go fóill. Is eagraíocht óg í COGG nuair a bhreathnaítear ar shaolré na heagraíochta. Tá sé i gceist, le hacmhainní, go mbeadh an deis againn díriú ar mhúineadh na Gaolainne agus tacú le cláracha teagaisc speisialta do mhúineadh na Gaolainne ins na blianta atá romhainn do bhunscoileanna uilig na tíre mar ba cheart go mbeadh an deis, mar a dúirt an tUasal Cannon, ag gach dalta sa tír caighdeán réasúnta cumarsáide sa Ghaeilge a bhaint amach agus gan iad a bheith buartha nach n-éireoidh leo. Tá sé tábhachtach go mbeadh an teagmháil teanga agus deis sealbhaithe teangan acu ach na hacmhainní cuí chuige sin. Is féidir úsáid a bhaint as acmhainní teicneolaíochta agus eile chun é sin a dhéanamh chomh maith ach tá géarghá le buiséad chun é sin a chur i bhfeidhm. Ní tharlóidh sé sin thar oíche.

Ar son an choiste, déanaim comhghairdeas leis an Uasal Ó hAiniféin. Tá súil agam go mbeidh deis eile ag an gcoiste seo, nó ag coiste eile, sa todhchaí plé a dhéanamh leis ar chuid de na pointí a luaigh sé, go háirithe faoi oiliúint na múinteoirí. Tá sé sin an-tábhachtach agus fáiltím roimh an béim atá curtha aige air sin. Gabhaim buíochas leis agus tá súil agam go n-éireoidh go geal leis sa todhchaí.

Mr. Dónal Ó hAiniféin

Gabhaim buíochas leis an gcoiste go léir.

Top
Share