Táthar tar éis litir a fháil ón Rúnaí, Roinn an Taoisigh, á chur in iúl
(1) go raibh an tUachtarán, ar ainmniú an Taoisigh, le comhaontú Dháil Éireann roimh ré, tar éis
Pádraig Ó Fachtna
(Pádraig Faulkner),
comhalta de Dháil Éireann, a cheapadh inniu, de bhun Airteagal 13.1.2º den Bhunreacht, chun bheith ina chomhalta den Rialtas; agus
(2) go raibh an Taoiseach, i bhfeidhmiú na gcumhacht a bheirtear dó le halt 4 den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1946, tar éis
(a) sannadh na Roinne Oideachais dó féin a fhorceannadh agus an Roinn Oideachais a shannadh do
Bhrian Ó Luineacháin
(Brian J. Lenihan),
comhalta den Rialtas;
(b) sannadh na Roinne Dlí agus Cirt do
Bhrian Ó Luineacháin
(Brian J. Lenihan)
a fhorceannadh agus an Roinn Dlí agus Cirt a shannadh do
Mhicheál Ó Móráin
(Michael Moran),
comhalta den Rialtas;
(c) sannadh na Roinne Tailte agus Roinne na Gaeltachta do
Mhicheál Ó Móráin
(Michael Moran)
a fhorceannadh agus an Roinn Tailte agus Roinn na Gaeltachta a shannadh do
Phádraig Ó Fachtna
(Pádraig Faulkner)
comhalta den Rialtas,
le héifeacht ón 27 Márta, 1968.
The Seanad adjourned at 6.25 p.m., sine die.