Skip to main content
Normal View

Seanad Éireann debate -
Wednesday, 14 Feb 1979

Vol. 91 No. 1

Private Business. - Order of Business.

It is proposed to take Nos. 2, 3, 4, 5 and 6 in that order.

Ar Riar na hOibre, a Chathaoirligh, ba mhaith liom ceist a chur. Ba mhaith liom a fhiafraí den tSeanadóir Ó Riain an bhfuil rún ag an Rialtas díospóireacht a thosnú sa Teach seo faoin Pháipéar Bán ar fhorbairt náisiúnta a foilsíodh le gairid, the Programme for National Development, 1978-81. Tá díospóireacht ar siúl faoi cheana sa Dáil agus is íonadh liom nach bhfuil fiú tagairt dó ar chlár an Tigh seo go fóill. Creidim go mba é leas an daonfhlathais é cúrsaí móra polasaí a chur faoi chaibidil i dTeach seo an Oireachtais chomh maith agus é dhéanamh sula dtagann meirg orthu.

Rachaidh me i gcomhairle leis an Aire agus beidh scéal agam don Seanadóir ag an gcéad cruinniú eile.

Order of Business agreed to.
Top
Share