Skip to main content
Normal View

Seanad Éireann debate -
Wednesday, 22 Oct 1980

Vol. 95 No. 1

Resignation and Appointment of Member of Government and Assignment of Departments.

Tá orm a chur in iúl don Teach go bhfuarthas litreacha dar dáta 15ú agus 16ú Deireadh Fómhair 1980 ó Rúnaí an Rialtais maidir le:

(1) Pádraig Ó Fachtna a éirí as oifig mar chomhalta den Rialtais;

(2) Rádhulf de Búrca a cheapadh mar chomhalta den Rialtas;

(3) Ranna Stáit a shannadh; agus

(4) Donncha Ó Gallchobhair a cheapadh chun oifig Aire Stáit ag an Roinn Tionscail, Tráchtála agus Turasóireachta.

Leagfar amach na litreacha ar an ngnáthmhodh i gCín Lae an Tí. De dhroim an chraolta seo, clófar iad freisin i dTuairisc Oifigiúil na nDíospóireachtaí.

I have to inform the House that letters dated 15th and 16th October 1980 have been received from the Secretary to the Government in relation to:

(1) the resignation of Pádraig Faulkner as a member of the Government;

(2) the appointment of Raphael Burke as a member of the Government;

(3) the assignment of Departments; and

(4) the appointment of Denis Gallagher as Minister of State at the Department of Industry, Commerce and Tourism.

The letters will be set out in the usual manner in the Journal of the House. Consequent on this announcement, they will also be printed in the Official Report of the Debates.

Uimhir Thagartha

ROINN AN TAOISIGH

Ref. No.

Department of the Taoiseach

S.21098B

Baile Átha Cliath, 2.

Dublin, 2.

15 Deireadh Fómhair, 1980

Cléireach an tSeanaid

Tá orm a chur in iúl duit go bhfuil an tUachtarán, ag gníomhú dó ar chomhairle an Taoisigh, tar éis glacadh inniu de bhun Airteagal 28.9.3º den Bhunreacht le

Pádraig Ó Fachtna

(Pádraig Faulkner)

d'éirí as oifig mar chomhalta den Rialtas le héifeacht ón 15 Deireadh Fómhair, 1980.

Dermot Nally,

Rúnaí an Rialtais.

Uimhir Thagartha

ROINN AN TAOISIGH

Ref. No.

Department of the Taoiseach

S.21098B

Baile Átha Cliath, 2.

Dublin, 2.

15 Deireadh Fómhair, 1980

Cléireach an tSeanaid

Tá orm a chur in iúl duit

(1) go bhfuil an tUachtarán, ar ainmniú an Taoisigh, le comhaontú Dháil Éireann roimh ré, tar éis

Rádhulf de Búrca

(Raphael P. Burke),

Comhalta de Dháil Éireann, a cheapadh inniu, de bhun Airteagal 13.1.2º den Bhunreacht, mar chomhalta den Rialtas; agus

(2) go bhfuil an Taoiseach, i bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dó le half 4 den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1946, inniu tar éis

(a) sannadh na Roinne Comhshaoil do

Shalbhastar Bairéad

(Sylvester Barrett),

a fhorcheannadh agus an Roinn Cosanta a shannadh dó agus

(b) an Roinn Comhshaoil a shannadh do

Rádhulf de Búrca

(Raphael P. Burke),

comhalta den Rialtas.

Dermot Nally,

Rúnaí an Rialtais.

Uimhir Thagartha

ROINN AN TAOISIGH

Ref. No.

Department of the Taoiseach

S.21099

Baile Átha Cliath, 2.

Dublin, 2.

16 Deireadh Fómhair, 1980

Cléireach an Seanaid

Tá orm a chur in iúl duit go bhfuil an Rialtas inniu, ar ainmniú an Taoisigh agus i bhfeidhmiú na cumhachta a thugtar dóibh le halt 1 (1) den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú), (Uimh. 2), 1977, arna leasú ag alt 2 den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1980, tar éis

Donncha Ó Gallchobhair, T.D.

(Denis Gallagher, T.D.),

a cheapadh chun oifig Aire Stáit ag an Roinn Tionscail, Tráchtála agus Turasóireachta.

Dermot Nally,

Rúnaí an Rialtais.

Top
Share