I have to inform the House that letters dated 8 and 13 December 1983 have been received from the Secretary to the Government regarding the resignation of a member of the Government, the appointment of a member of the Government and the assignment of Departments.
The letters will be printed in the Journal of the House and in the Official Report of the Debates.
Uimhir Thagartha |
ROINN AN TAOISIGH |
Ref. No. S.23000 |
Department of the Taoiseach |
BAILE ÁTHA CLIATH 2 |
|
8 Nollaig, 1983. |
Dublin 2 |
Cléireach an tSeanaid |
Tá orm a chur in iúl duit go bhfuil
(1) an tUachtarán, ag gníomh dó ar chomhairle an Taoisigh, tar éis glacadh inniu, de bhun Airteagal 28.9.3º den Bhunreacht, le
Proinsias Mac Bhloscaidh
(Frank Cluskey)
d'éirí as oifig mar chomhalta den Rialtas; agus
(2) an Taoiseach, i bhfeidhmiú na cumhachta a thugtar dó le halt 4(1) den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1946, inniu tar éis an Roinn Trádála, Tráchtála agus Turasóireachta a shannadh do féin,
le héifeacht, i ngach cás, ón 8 Nollaig 1983.
Dermot Nally,
Rúnaí an Rialtais.
Uimhir Thagartha |
ROINN AN TAOISIGH |
Ref. No. S.23000 |
Department of the Taoiseach |
BAILE ÁTHA CLIATH 2 |
|
13 Nollaig, 1983. |
Dublin 2 |
Cléireach an tSeanaid |
Tá orm a chur in iúl duit go bhfuil
(1) an tUachtarán, ag gníomh dó ar ainmniú an Taoisigh, le comhaontú Dháil Eireann roimh ré, tar éis
Ruairí Ó Chuinn
(Ruairi Quinn),
comhalta de Dháil Éireann, a cheapadh inniu, de bhun Airteagal 13.1.2º den Bhunreacht, mar chomhalta den Rialtas; agus
(2) an Taoiseach, i bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dó le halt 4 den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1946, inniu tar éis
(a) sannadh na Roinne Trádála, Tráchtála agus Turasóireachta dó féin a fhoirceannadh agus an Roinn sin a shannadh do
John Bruton
(John Bruton),
comhalta den Rialtas,
(b) sannadh na Roinne Tionscail agus Fuinnimh do
John Bruton
(John Bruton)
a fhoirceannadh agus an Roinn sin a shannadh do
Risteard Mac An Earraigh
(Dick Spring),
comhalta den Rialtas,
(c) sannadh na Roinne Comhshaoil do
Risteard Mac An Earraigh
(Dick Spring)
a fhoirceannadh agus an Roinn sin a shannadh do
Liam Ó Caomhánach
(Liam Kavanagh),
comhalta den Rialtas, agus
(d) sannadh na Roinne Saothair do
Liam Ó Caomhánach
(Liam Kavanagh),
a fhoirceannadh agus an Roinn sin a shannadh do
Ruairí Ó Chuinn
(Ruairi Quinn),
comhalta den Rialtas.
Dermot Nally
Rúnaí an Rialtáis.