An t-ábhar ar mhaith liomsa go bpléifí anois ná an cheist faoi cháilíochtaí maidir le hiontráil isteach i gcoláiste tríú leibhéal. Tháinig an díospóireacht sin chun cinn go mór nuair a chinn Ollscoil Luimnigh le gairid ar gan aitheantas a thabhairt don Ghaeilge sna cáilíochtaí iontrála. Ag an am sin rinne go leor daoine achainí ar an Aire agus tá a fhios agam gur úsáid sé a chumhacht lena chur ina luí ar an ollscoil sin glacadh leis an nGaeilge mar an dara teanga, agus ba mhaith agus ba mhór an dul chun cinn é sin ó thaobh na ceiste seo.
An cheist a ba mhaith liom a ardú ná, cén fáth nach bhfuil an stádas céanna i gcoitinne sna hinstitiúidí seo ag an Ghaeilge agus atá ag an mBéarla mar choinníoll iontrála? Má bhreathnaítear ar na coinníollacha iontrála feicfear go bhfuil éagsúlachtaí móra ann. Mar shampla, san Ollscoil Náisiúnta, is é sin coláistí UCD, UCG, and UCC tá Gaeilge agus Béarla riachtanach. San ollscoil i Luimneach agus san ollscoil nua i mBaile Átha Cliath tá Béarla agus teanga eile riachtanach, agus áirítear an Ghaeilge mar theanga inghlactha mar theanga eile. Arís, i gColáiste na Tríonóide táimid ar an gcaoi chéanna. Tá an rud céanna fíor freisin faoi na RTCs, is é sin, glactar leis an mBéarla agus ansin glactar le teanga eile más riachtanach chuige sin é le haghaidh an chúrsa. Ach creidim féin go dtugann an córas seo ísliú céime don Ghaeilge agus cuireann sé na daoine a dhéanann a gcuid cúrsaí trí Ghaeilge sna meánscoileanna ar mhíbhuntáiste. Tá mé ag smaoineamh go mórmhór ar mhuintir na Gaeltachta agus iad siúd a fhreastalaíonn ar ghaelscoileanna.
Déarfar liom agus cuirfear i mo aghaidh go gcaithfidh Béarla a bheith ag duine le dul isteach in institiúid tríú leibhéal. Chuirfinnse in aghaidh na hargóna sin go bhfuil sé intuigthe go gcaithfeadh Béarla a bheith ag duine le freastal ar choláiste tríú leibhéal, ach déarfainn freisin nach bhfuil oiread agus páiste amháin sa tír seo nach bhfuil Béarla acu in aois a cheathair nó cúig bliana, fiú sa Ghaeltacht is láidre dá bhfuil ann. Mar sin, is léir nach mbeadh éinne ag dul chuig ollscoil ná chuig coláiste d'uireasa Béarla. Freisin, ba cheart go mbeadh sé fíor a rá, rud nach fíor a rá, go mbeadh Gaeilge ag chuile dhuine tar éis críochnú na scoile dóibh, ach glacaim leis sa ghnáthchiall, ó thaobh scrúduithe de, nach bhfuil Gaeilge ag chuile dhuine.
An áit a bhfeicimse lúb ar lár sa rud atá déanta ag na hinstitiúidí seo ná ar an ábhar seo: céard a tharlódh do dhuine Gaeltachta nó do dhuine ar scoil lánGhaelach arbh ionann an Ghaeilge agus Béarla d'ábhar eile san Ard Teist, ar éirigh leo, abraimis, A nó B nó C a fháil in onóracha Gaeilge, a rinne páipéar onóracha Béarla agus a dteipfeadh orthu sa pháipéar sin? Ba léir sa chás sin go raibh dóthain Béarla acu le freastal ar institiúid tríú leibhéal ach ba léir freisin go mbeadh éagóir déanta orthu mar nach bhféadfaidís fáil isteach sna hinstitiúidí seo.
Ag an am céanna bheadh duine a bhí tar éis Béarla a dhéanamh agus an páipéar onóracha Gaeilge agus a bhí tar éis pas a fháil sa Bhéarla ach ar theip orthu sa Ghaeilge, ní bheadh fadhb ann ná bac orthusan dul isteach in institiúid tríú leibhéal. Feictear domsa go bhfuil sé sin ag cur míchumais agus éagóra in aghaidh an dreama sín gurb í an Ghaeilge a gcéad teanga. Is ceann de na cásanna go ndéarfainn go bhfuil stádas oifigiúil na teanga go praiticiúil á ísliú go mór. Déarfainn féin go bhfuil tuismitheoirí ann, agus go leor acu, a déarfadh gurbh 'in an fáth go bhfuil sé níos tábhachtaí go múinfí trí Bhéarla sna scoileanna ar fhaitíos go dtarlódh an rud atá ráite agam. Go praiticiúil ní fheicim aon bhuntáiste leis na rialacha mar atá. Mar a dúirt mé, ní bheidh, agus níl éinne d'uireasa Béarla, níl éinne á mholadh sin. Táimid ag caint ar cháilíochtaí. Ach tá sé ag cur brú breise sa chóras oideachais ar thús áite a thabhairt don Bhéarla mar, mar a deireann tuismitheoirí i gcónaí leat, is úsáidí an Béarla, is tábhachtaí an Béarla agus is mó an stádas atá ag an mBéarla agus tabharfaidh sé níos faide thú. Le rófhada táimid ag cloisteáil an phoirt seo ó thuismitheoirí agus tá sé seo á threisiú.
Mar sin, bheinn ag éileamh go nglacfaí le comhstádas don Ghaeilge agus don Bhéarla ó thaobh iontráil isteach sna hinstitiúidí tríú leibhéal uilig. Níl mé a rá go mba cheart go mbeadh Béarla agus Gaeilge, ach go mbeadh Béarla nó Gaeilge móide aon teanga eile, bíodh an teanga sin, Béarla, Gaeilge, Fraincis, Spáinnis, Iodáilis, mar ábhar riachtanach chun dul isteach in institiúidí tríú leibhéal. Dá ndéanfaí é sin ní bhainfí aon cheart de Bhéarlóirí gan Ghaeilge ach thabharfaí cearta do na Gaeilgoirí a dtarlódh an cineál ruda mhí-ámharaigh atá luaite agam dóibh, a bhféadfadh éirí sách éasca do dhaoine. Thabharfaí cothromaíocht don dá theanga. I go leor rudaí tugadh stádas don Ghaeilge a bhí bréagach ach i go leor rudaí eile ní thugtar stádas cothrom di, ar bhealaí go bhféadfaí, go héifeachtach, an stádas sin a thabhairt don teanga.
Bheinn ag iarraidh ar an Aire a chumhacht agus a thionchar a úsáid lena chur ina luí ar údaráis na gcoláistí seo nach mbeidís ag ísliú ar a gcáilíochtaí, nach mbeadh aon chontúirt dá seasamh dá gcuirfí an Ghaeilge agus an Béarla ar chomhchaighdeán agus ar chomhstádas maidir le coinníollacha iontrála isteach i gcoláistí tríú leibhéal.