Skip to main content
Normal View

Seanad Éireann debate -
Tuesday, 23 Jun 1992

Vol. 133 No. 7

Death of Former Member. - Request under Standing Order 29.

Is mian liom, a Chathaoirligh, iarratas a chur faoi do bhráid an Seanad a chur ar athlá mar gheall ar ní sonrach, tábhachtach, a bhaineann le leas an phobail agus nach foláir athbhreithniú práinneach a dhéanamh air. Is é an rud atá i gceist agam ná an díspeagadh agus an caitheamh anuas a rinneadh ormsa mar Sheanadóir mar go raibh seaicéad de dhéantús agus nósmhaireacht na hÉireann, a bhíonn á chaitheamh ag muintir na hÉireann, á chaitheamh agamsa sa Seanad Dé Céadaoin agus Déardaoin, 10 agus 11 Meitheamh 1992, agus gur dhúirt Ceannfort an Tí, Éamon Ó Donnchadha, faoi nach raibh an feisteas sin sásúil ná inghlactha.

I have given careful consideration to the subject matter raised by Senator Ó Foighil and I do not consider it to be a matter contemplated under Standing Order 29. I regret, therefore, I have to rule it out of order.

Ar phointe eolais——

Senator, I have given my ruling.

Ar phointe eolais. Tá cead agamsa pointe eolais a ardú sa Teach seo am ar bith. An bhfuil tusa sásta, mar Chathaoirleach an tSeanaid seo, go ndéanfaí díspeagadh agus caitheamh anuas ar dhuine atá ag caitheamh seaicéid de dhéantús na hÉireann? An bhfuil tú sásta glacadh leis sin mar Chathaoirleach?

Senator Ó Foighil, I have given my ruling. You have given the substance of the matter you wished to raise and I cannot allow any further elaboration. I have given my ruling on this matter. You have already written to the Committee on Procedure and Privileges. This matter will be discussed tomorrow when the Committee on Procedure and Privileges meet and that is the end of the matter.

Tá mé a iarraidh, tríd an gCathaoir, go ngabhfaidh na daoine a rinne é leithscéal——

Senator Ó Foighil, I have given my ruling. Please resume your seat.

——go dtiocfaidh said os ár gcomhair anseo, go ngabhfaidh said leithscéal liomsa agus le muintir na hÉireann as gur cuireadh amach mé agus gur dhúradh liom nach raibh sé ceadaithe seaicéad, feisteas de dhéantús na hÉireann a chaitheamh. Tá mé a iarraidh ort.

The Senator is out of order. I ask him to resume his seat.

Tá mé a iarraidh ort go ngabhfar leithscéal. Tá mé ag caitheamh báinín agus an cead agus an ceart sin agam. Tá mé a iarraidh go ngabhfaí leithscéal leis an Teach seo, leithscéal ó na daoine áirithe a rinne casaoid gan aon bhunús——

Senator Ó Foighil, I intend to suspend the sitting for five minutes if you do not resume your seat.

——gan fáth, gan cheart, as a leithéid a dhéanamh.

Sitting suspended at 3.30 p.m. and resumed at 3.35 p.m.
Top
Share