Skip to main content
Normal View

Seanad Éireann debate -
Thursday, 5 Apr 2001

Vol. 166 No. 3

Housing (Gaeltacht) (Amendment) Bill, 2000: Second Stage (Resumed).

Question again proposed: "That the Bill be now read a Second Time."

Measaim go bhfuil fiche nóiméad agam. Níl a fhios agam cén chuid den Ghaeltacht ina labhartar an Ghaeilge is binne ach tá mé cinnte go labhrann daoine i ngach Gaeltacht Gaeilge níos binne ná mo chuid féin. Nuair a éistim leis an Teachta Mac Fhionnlaoich nó an Seanadóir Ó Cnáimhsí tuigim an difear idir an cainteoir dúchais agus an duine a fhoghlaimíonn a chuid Gaoluinne níos déanaí.

Tá sé luaite cheana féin gur féidir a bhrath go bhfuil dearcadh níos dearfaí ag daoine lasmuigh de na Gaeltachtaí i leith na Gaeilge ná mar atá ag daoine laistigh de na Gaeltachtaí. Tá sé suimiúil go bhfuil trí chinn de bhialanna in aice an Tí seo inar féidir gach gnó a dhéanamh iontu trí Ghaoluinn, ceann i gceannáras na Comhdhála, ceann i Sráid Dawson agus an triú ceann i dTeach an Ardmhéara.

Bheadh an t-ádh leat i nGaeltacht Chorca Dhuibhne do chuid gnó a dhéanamh go rialta as Gaoluinn i gcuid mhór de na tithe tábhairne agus bialanna ann. Ní ar muintir na Gaeltachta atá an milleán ach ar an mborradh mór atá tagtha ar thionscal na turasóireachta. Tá sé ag tarraingt daoine isteach sa Ghaeltacht ag lorg oibre.

Áit bhreá í an Ghaeltacht chun do shaol a chaitheamh inti má tá jab agat. Ach an chuid is mó de na daoine a théann isteach iontu níl Gaoluinn acu agus bíonn siad ag déanamh a gcuid gnó trí Bhéarla le muintir na háite. Cuid de ghnáthdheabhéasa na tíre seo é nach mbrúdh daoine Gaeilge ar dhaoine eile ach tá sé ag éirí níos deacra teacht ar bhialann nó teach tábhairne sa Ghaeltacht ina ndéanfar freastal ort trí Ghaeilge.

Ní theastaíonn ó éinne dul isteach in áit ar bith agus iachall a chur ar dhaoine Gaoluinn a labhairt nuair nach mian leo í labhairt, ach sin mar a bhraithim go minic sa Ghaeltacht anois. A mhalairt de scéal le muintir na Gaeltachta sna fíorGhaeltachtaí. Cé go bhfuil i bhfad níos mó Béarla á labhairt sna Gaeltachtaí tá an Ghaeilge i bhfad níos láidre mar tá i bhfad níos mó daoine óga ina gcónaí sna Gaeltachtaí anois ná mar a bhí fiche bliain ó shin. Agus cé gur meascán de Bhéarla agus Gaeilge a labhartar sa Ghaeltacht toisc go mbíonn daoine ann gan Ghaeilge, tá daoine óga ann a bhfuil Gaoluinn den scoth acu agus a labhrann í. N'fheadar ainneoin sin an bhfuil an meas céanna ag muintir na Gaeltachta ar an dteanga agus atá ag pobal na galltachta?

Tá catch-up le déanamh ag muintir na Gaeltachta leis an athrú meoin atá tar éis tarlú sa ghalltacht maidir leis an teanga agus a tábhacht. Tá catch-up le déanamh freisin maidir leis an sean-íomhá den bhochtanas trí Ghaeilge a bhíodh ag muintir na Gaeltachta go forleathan. Tá a lán daoine ann anois a bhfuil caighdeán ard maireachtála acu sna Gaeltachtaí le seirbhísí agus saol cultúrtha agus cabhraíonn na rudaí seo uilig le borradh na teanga, cé go gcuidíonn siad freisin le leathnú an Bhéarla. Téann an dá rud le chéile.

Ní fhéadfaí an Ghaeltacht a fhorbairt gan níos mó Béarla a ligint isteach ann. É sin ráite, caithfear a rá go bhfuil sé in am dúinn tabhairt faoin fhírinne agus féachaint cá bhfuil na Gaeltachtaí. Is bréag é a bheith ag ligint orainn féin go bhfuil áiteanna ar imeall chathair na Gaillimhe – na suburbs móra – go bhfuil siad sa Ghaeltacht. Níl a fhios fiú ag 90% de na daoine atá ina gcónaí iontu go bhfuil siad in ainm is a bheith ina gcónaí i nGaeltacht. An t-aon uair a fhaigheann siad é sin amach ná nuair a bhíonn toghchán ar siúl agus go dtugtar páipéar vótála sa bhreis dóibh. Ní bhíonn a fhios acu cé dóibh a bhfuil siad ag vótáil mar níl a fhios acu go bhfuil siad sna Gaeltachtaí oifigiúla.

Bheadh sé níos macánta limistéar Gaeltachta nua a shainmhíniú agus ní bheinn ró-dhian faoi. Nílim ag lorg linguistic purity mar ní dóigh liom go bhfuil sé ann a thuilleadh, an saghas ruda a bhí á lorg nuair a leagadh amach na limistéir beagnach 50 bliain ó shin. Ach bímis réasúnta macánta. Ní fiú baile an Daingin a chur isteach sa Ghaeltacht mar ní Gaeltacht í. Tá níos mó deathola i leith na Gaeilge i mbaile an Daingin anois ná mar a bhí 25 bliain ó shin. An chéad uair a chuaigh mé ann, dá labharfá Gaeilge sna siopaí agus fiú in oifig an phoist, chaithfí amach thú agus ní labharfaí leat. Ach tá níos mó spending power ag muintir na Gaeltachta anois agus tá athrú meoin ann. Ach ní Gaeltacht í baile an Daingin agus ní forbairt Ghaeltachta a tharlaíonn má tharlaíonn forbairt sa Daingean. Cabhraíonn sé leis an nGaeltacht ach ní forbairt Ghaeltachta í.

An chéad rud a gcuirim fáilte roimhe ná na deontais agus an méadú atá tagtha orthu. Ach tá sé ráite go minic nach gcabhróidh deontais den méid seo leis an ngéarchéim tithíochta sa Ghaeltacht a mhaolú. I nGaeltacht Chorca Dhuibhne mar shampla ní bhfaighfí láthair tí ar níos lú ná £40,000. Daoine a bhfuil ceangail acu leis an áit agus ar féidir leo láthair tí a fháil óna muintir tá an t-ádh leo agus daoine eile a bhfuil suim acu sa Ghaeltacht nó a bhfuil Gaoluinn acu, an deacracht is mó a bheas acu ná láthair tí a fháil.

Sin ceist níos forleithne ná ceist na ndeontas. Ní féidir deontais a chur ar fáil a chabhródh le daoine sa mhéid sin. Caithfear rud éigin a dhéanamh faoin éileamh ar thithe, faoi chúrsaí pleanála chun cabhrú leis na daoine atá sásta cur futhu sa Ghaeltacht teach a chur ar fáil dóibh féin. Daoine cosúil liomsa atá ag cur isteach orthu, daoine a bhfuil tithe samhraidh acu sa Ghaeltacht is mó is cúis leis an éileamh sin, dar liom.

Caithfear cabhrú le daoine teach a chur ar fáil dóibh féin, ó fhoinsí príobháideacha nó poiblí nó daoine saibhre amháin a bheidh ag tógáil tithe sa Ghaeltacht. Áilleacht na Gaeltachta is cúis le cuid mhaith den éileamh seo.

Tá cúpla ceist agam i dtaobh an Bhille cé go bhfáiltím roimhe don chuid is mó. Cad é an difear idir alt 4 agus alt 9? Luann alt 4 na deontais is féidir a thabhairt do dhuine a shásóidh an tAire gurb í an Ghaeilge an ghnáththeanga sa teach. Ach in alt 9 deirtear ainneoin aon ní eile gur féidir leis an Aire scéimeanna a dhéanamh le toiliú an Aire Airgeadais chun deontais nó cúnamh airgid a sholáthar faoi chóir an chostas a ghabhannn le teach a thógáil sa Ghaeltacht agus gur deimhin leis an Aire nach rachaidh áitiú an tí chónaithe sin chun aimhleas úsáid na Gaoluinne sa limistéar Gaeltachta. Níl aon choinníoll ann go mbeadh na daoine siúd ag tógáil clanna trí Ghaoluinn. Ní thuigim an difríocht eatarthu agus is féidir é a phlé níos mó arís. Tá difríocht fhealsúnachta ann, braithim, ach b'fhéidir nach bhfuil an ceart agam.

Luaigh an tAire Stáit alt 10 faoi dheontais a ghnóthú nó a thógaint ar ais má bhíonn fraud nó misrepresentation ann. Is suimiúil nár luadh a leithéid go dtí seo. Cad a tharlaíodh go dtí seo dá mbeadh fraud nó misrepresentation ann? Ar fágadh na deontais leis na daoine ainneoin gurb eol don Stát go raibh mífhaisnéis nó calaois i gceist? Ní raibh aon slí ag an Stát airgead a thógail ar ais nuair ab eol dóibh gur chaolaois nó mífhaisnéis a fuarthas an t-airgead an chéad lá riamh.

Tá sainmhíniú tugtha ar theaghlach agus ní bheadh aon deacracht agam leis. Léifidh mé i mBéarla é: A family means all persons usually residing in the dwellinghouse with the occupier, whether related or not related by blood or marriage to the occupier. An fáth a luaim é sin ná go bhfuil sainmhíniú curtha ar fáil ag an gCúirt Uachtarach ar chlann agus is é a deir siad ná a family based on marriage. Ní dóigh liom go bhfuil sé bunreachtúil aon sainmhíniú eile a chur isteach sa Bhille seo a rachadh i gcoinne an tsainmhínithe sin.

Ceapadh an sainmhíniú sin don Bhille seo amháin.

D'fhéadfaí focal eile a chur isteach ann – people who live in the house – ach an focal sin ‘family' tá sainmhíniú ar leith leis. Is dóigh liom go bhfuil sainmhíniú na Cúirte Uachtaraí beagáinín as data toisc go bhfuil an-chuid living arrangements eile ann. Ach sin ceist ghearr agus sin atá le déanamh againn chun an Bille a chíoradh.

É sin ráite, nílim éadóchasach faoi na Gaeltachtaí ach ní bheidh siad mar a bhí siad tráth as seo amach. Ní mhairfidh an aonteangachas a thuilleadh iontu ach ní bheidh an sense of death a bhíodh iontu, iontu ach oiread. Nuair a chuaigh mé don chéad uair go dtí Gaeltacht Chiarraí i 1971, b'áit aoibhinn chiúin í, lán de dhaoine breátha agus gan acu ach Gaoluinn. Ach seandaoine breátha ba mhó a bhí ann, a raibh an saol oibre beagnach críochnaithe acu agus go raibh a lán ama acu chun bheith ina suí ag caint le cuairteoirí. Ach ní raibh aon todhchaí ann don áit. Áit aoibhinn fholamh a bheadh inti dá leanfaí ar aghaidh mar a bhí agus gan ach tithe samhraidh á dtógáil inti. Ní bheadh aon phobal fágtha dá leanfaí leis an saol mar a bhí.

Mar sin nuair a thosnaíonn daoine ag gearán liomsa faoi na hathruithe atá tagtha ar na Gaeltachtaí agus faoin easpa daoine atá ar fáil chun Gaoluinn a mhúineadh dóibh nó chomh deacair is atá sé comhrá a bheith agat le duine trí Ghaoluinn an t-athrú is mó ná go bhfuil muintir na Gaeltachta ag obair anois go lánaimseartha, cuid mhaith acu, agus tá siad cúramach nó gnóthach agus mar sin tá an saol athraithe. Níl an t-am acu le bheith ag suí timpeall ag caint le cuairteoirí. Tá meascán de Ghaoluinn agus Béarla á labhairt ann mar tá cuid mhaith daoine sna Gaeltachtaí pósta le daoine ón ngalltacht. Ach is féidir a rá anois go mbeidh pobal sna Gaeltachtaí i gcónaí, nach dtitfidh an tóin as na pobail, go bhfuil saol sóisialta agus cultúrtha ann agus an rud is mó atá le déanamh ná cabhrú leis an bhforbairt sin, leo siúd atá sásta gan aon bhrú leanúint leo mar theaghlaigh lánGhaeilge.

Ceann de na rudaí gur féidir a dhéanamh agus tá sé beartaithe sa Bhille seo ná daoine nua le Gaeilge a mhealladh isteach chun cónaí sa Ghaeltacht trí scéim dheontais. An dara rud ná má údarás áitiúil ag tabhairt faoi scéim tithíochta poiblí sa Ghaeltacht, mar atá ag tarlú i gcúpla áit, caithfear teacht ar bhealach éigin le cinntiú gur daoine atá sásta clanna a thógáil le Gaeilge a fhaigheann na tithe sin. Muna ndéantar é sin agus más daoine gan Ghaeilge a fhaigheann na tithe buailfear an Ghaeilge go trom sna Gaeltachtaí.

Pléadh an ghné seo nuair a bhí an Bille Pleanála ag dul tríd an Oireachtas. Caithfear language test de shaghas éigin a chur i bhfeidhm ar gach forbairt sna Gaeltachtaí. Ní chóir aon fhorbairt a chur ar ceal mar tá siad go léir tuillte ag muintir na Gaeltachta ach caithfear fine-tuning a dhéanamh orthu, is cuma an tithíocht, tionsclaíocht nó turasóireacht atá i gceist. Caithfear gach tionchar diúltach ar an nGaeilge a mhaolú a mhéid agus is féidir. Ní féidir an Ghaeltacht a chosaint ar gach aon ní agus is féidir cuid mhaith a dhéanamh má aithnítear na deacrachtaí atá ann.

Ní dóigh liom fós go bhfuil lucht pleanála na n-údarás áitiúil sách ar an eolas faoi thábhacht cheist na teangan sna Gaeltachtaí. Cloisim ar Raidió na Gaeltachta go bhfuil sé ina raic i níos mó ná Gaeltacht amháin faoi chúrsaí tógáil tithe. Ba chóir do na pleanálaithe tuiscint a bheith acu faoi language sensitivity.

Tá gá le scéim nó comórtas maidir le húsáid na Gaoluinne sa saol tráchtáil sna Gaeltachtaí. Tá Gaeilge á húsáid go forleathan ag pobal Chorca Dhuibhne, ag an Aifreann, ag cruinnithe poiblí agus mar sin de, ach bíonn ar na daoine seo tiontú ar an mBéarla nuair a théann siad isteach i siopa nó i dteach tábhairne toisc nach bhfuil aon spreagadh ann do lucht tráchtála an teanga a úsáid, cé gur Gaeilgeoirí formhór a gcuid custaiméirí.

Seo iad na rudaí atá ag teastáil: tithíocht ar féidir leis na daoine íoc as, plean forbartha teanga agus cúrsaí pleanála a dhíriú ar fhorbairt na teanga. Is trua nach bhfuil an ghné sin níos sofheicthe sa Bhille Pleanála mar tá sé an-tábhachtach.

Gabhaim mo fhíor-bhuíochas le gach duine a bhí páirteach sa díospóireacht seo agus táim buíoch de na Seanadóirí as a gcuid tacaíochta do mhuintir na Gaeltachta.

Shíl mé nach mbeadh ach méid beag le rá inniu agus tá mé an-bhróidiúil as an méid tacaíochta atá le fáil sa Seanad do mhuintir na Gaeltachta agus go mór mór don teanga.

Aontaím go bhfuil fadhbanna ag muintir na Gaeltachta le cead pleanála. Mar bhall de chomhairle contae, is eol dom an brú a bhí orainn maidir le cúrsaí pleanála agus na deacrachtaí atá ag muintir na Gaeltachta, mar a luaigh an Seanadóir Ó Riain. Tá daoine ag tógáil tithe samhraidh ann, tá praghas na súiomh ag dul in airde.

Tá sé sin taobh amuigh de mo chuid cumhachtaí féín, is baolach, agus bhí an Roinn ag caint leis na comhairlí contae éagsúla mar gheall ar an tionchar a fhéadfadh a bheith ag plean forbartha ar chúrsaí teanga sa Ghaeltacht. Luaigh siad a dheacra is atá sé do mhuintir na Gaeltachta suíomh a fháil. De ghnáth sna Gaeltachtaí, is áit in aice na farraige atá i gceist de ghnáth, SAC freisin, b'fhéidir, agus cothaíonn sé sin an-chuid deacrachtaí. Tá socruithe déanta i bplean forbartha Thír Chonaill le go mbeidh sé níos fusa ar mhuintir na Gaeltachta cead pleanála a fháil ina gceantar féin.

Cé nach bhfuilim in ann aon ní a dhéanamh faoi chúrsaí pleanála beidh mé i dteagmháil leis an Aire Comhshaoil fá dtaobh de, agus ar deireadh is ceist do na comhairlí contae é, don chuid is mó.

Teastaíonn uainn go mbeadh Gaeilgeoirí ina gcónaí sa Ghaeltacht agus chuige sin caithfear cabhrú leo na deacrachtaí pleanála a shárú.

Maidir leis an méid a dúirt an Seanadóir de Búrca, daoine a bhfuil cónaí orthu lasmuigh den Ghaeltacht tig leo cur isteach ar dheontas do theach úr agus íocfar é nuair a thagann siad chun cónaí sa Ghaeltacht. Maidir leis an top-up, tá deontais eile le fáil ón gcomhairle contae - TPGs agus ERGs - agus an deacracht atá agam ná go bhfuil an deontas ó mo Roinnse cosúil leis an ERG agus mar sin ní thig liomsa airgead a thabhairt an dara huair don obair chéanna. Táim ábalta airgead a thabhairt chun cabhrú le TPGs d'obair taobh amuigh den méid a cheadaíonn an chomhairle contae ach ní don obair chéanna. Ach tá a fhios agam go bhfuil deacrachtaí ag na ERG sa Ghaeltacht agus lasmuigh de.

Deontas £4,000 atá ann do theach úr. An rud a dúirt mise ná muna mbíonn Gaeilge ag duine atá ag lorg deontas do theach úr tá siad ábalta deontas de £3,000 a fháil ón Roinn Comhshaoil. Agus dá mbeidís ábalta Gaeilge a fhoghlaim nó feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge bheidís ábalta cur isteach ar dheontas breise ó mo Roinnse taobh istigh de dhá bliain agus £800 a fháil. Sin an £3,800 a luadh.

Maidir le ‘capping', an rud a dúirt mé san óráid, £1.9 milliún a bhí ann anuraidh do na scéimeanna tithíochta. I mbliana is £2.1 milliún atá i gceist. Níl aon ‘capping' i gceist ar chor ar bith.

D'ardaigh an Seanadóir Ó Cochláin ceist faoi na hoileáin agus cuirfear an t-eolas go léir chuige. Tá méadú an-mhór ag teacht ar na deontais do mhuintir na n-oileán.

Labhair an Seanadóir Ó Cnaimhsí agus Seanadóirí eile riail na seacht mbliana. Roimhe seo bhí riail deich mbliana a bhí ann. An deacracht atá agam, taobh amuigh de rudaí speisialta mar dheontais do mhná tí, tá sé deacair an dara deontas a thabhairt do dhaoine nuair a shíl an Roinn gur athchóiríodh an teach go hiomlán an chéad uair. Tá costas an-mhór ag baint le hathchóiriú. Tá an ceart ag an Seanadóir gur féidir ‘top-up' a dhéanamh de réir mar a thuig sé ón iar-Aire Stáit sa chás nach bhfuarthas ach £900, sa chás a luaigh an Seanadóir go £1,400 anois.

Suas go dtí £1,400, an ea?

Sea. £1,400.

Rud eile a luaigh achan duine agus feicim go bhfuil difear mór idir an dá thaobh den Teach seo faoi, ná na scéimeanna atá ar fáil sa Ghaeltacht amháin. Na scéimeanna feabhsúcháin do thithe is mó a déantar gearán futhu. Táimid ag iarraidh cabhrú le muintir na Gaeltachta agus leis an teanga agus ní féidir na scéimanna a chur ar fáil do dhaoine gan Gaeilge. Tá a fhios agam go bhfuil sé deacair Gaeilge a fhoghlaim ach go bhfuil daoine ag teacht chun na Gaeltachta ó thíortha thar lear ach is é sprid an Bhille seo ná go gcuirfí an chabhair ar fáil dóibhsiúd a bhfuil Gaeilge acu. Luaigh an Seanadóir Ó Cnáimhsí an deacracht atá ag daltaí Gaeilge a fhoghlaim tar éis trí bliana déag scoile ach sin ceist eile don Roinn Oideachais. Tá mo Roinn solúbtha agus tabharfar gach cúnamh do dhaoine atá ag iarraidh an teanga a fhoghlaim.

Maidir le daoine a rugadh thar lear agus atá gan Ghaeilge go hiomlán, tá a fhios againn go bhfuil dreamanna mar Oideas Gael ag múineadh Gaeilge do dhaoine iasachta a thagann chun na tíre chuige sin. Mar sin ní féidir liom deontas tí a thabhairt do theaghlach nach bhfuil Gaeilge acu.

Beidh an chumhacht agam sa Bhille seo rialacha nua a dhéanamh ach ní féidir liom níos mó a rá anois. Caithfear aithbhreathnú a dhéanamh ar an riail sin. Fáiltím roimh na daoine atá ag fille adh ar an dtír seo agus ní bhaineann sé sin le cuspóirí an Bhille seo.

D'ardaigh an Seanadóir Ó Cochláin ceist faoi dheontas do ‘stone-faced work'. Faoin scéim mar atá sé glactar le hiarratais ar dheontais don chineál sin oibre. Cuidíonn sé sin go mór le stádas an tí. Bíonn costas mór leis an saghas sin oibre, áfach.

Maidir leis an teas lárnach, roimhe seo ní raibh na scéimeanna seo le fáil ar chor ar bith. Scéim úr é seo ag an Roinn. Nuair a bhí na scéimeanna feabhsúcháin ghinearálta ann bhí gach duine ag cur isteach orthu agus ní raibh cothrom na Féinne á fháil ag muintir na Gaeltachta. Molann an Seanadóir go mba chóir scéim a cheapadh chun teas lárnach a chur isteach do sheandaoine. Bheadh achan duine ag cur iarratas isteach agus ní oibreodh sé. Dá n-athróinn an riail seacht mbliana chaithfinn cead a thabhairt do gach duine cur isteach ar dheontas – níl a fhios agam an féidir liom rud éigin speisialta a dhéanamh do na seandaoine. Tá an deontas faoin scéim Housing Aid for the Elderly le fáil ach déanfaidh mé aithbhreathnú air más féidir liom. Deir an Roinn liom go mbeadh orm an scéim a chur ar fáil do gach duine.

D'ardaigh an Seanadóir Ó Murchú ceist mar gheall ar dhaoine ag filleadh go hÉirinn agus leis an scéim seo beidh siad ábalta iarratas a chur isteach ar dheontas do theach úr.

Tá a fhios agam go maith go bhfuil an teanga faoi bhrú agus go gcaithfear rudaí speisialta a dhéanamh chun í a choimeád beo. Aontaím leis an méid a bhí le rá ag gach duine faoin ngá le hinfrastruchtúr – tithe, oideachas trí Ghaeilge, an cultúr traidisiúnta. Ba mhaith liom go mbeimis ábalta a rá laistigh de dheich mbliana go bhfuil an teanga beo sa Ghaeltacht agus go bhfuil cothrom na Féinne á fháil ag muintir na Gaeltacht ó thaobh infrastruchtúr de.

Beimid ábalta dul tríd an Bhille seo céim ar chéim ar ball agus rachaidh mé tríd na moltaí a bhí ag gach Seanadóir. Tá súil agam go gcuideoidh an Bille seo le gach duine sa Ghaeltacht agus tá na moltaí an-tábhachtach sa mhéid sin chun go mbeidh an Bille chomh maith agus is féidir.

Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit as a bheith chomh foighneach, chomh héifeachtach agus chomh cabhrach.

Question put and agreed to.
Committee Stage ordered for Tuesday, 10 April 2001.
Top
Share