Progress on the 20 Year Strategy for the Irish Language: Statements

Ar dtús, ba mhaith liom leithscéal a ghabháil leis an gCathaoirleach agus leis na Seanadóirí as moill a chur ar imeachtaí an lae inniu. Thuig mé gur ag ceathrú chun a dó dhéag a bhí mé le bheith anseo. Is dóigh gur fearr go mall ná go brách.

Táim thar a bheith buíoch as an deis a fháil labhairt sa Teach seo inniu maidir leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Ba mhaith liom a rá gur onóir mhór atá ann domsa a bheith ceaptha mar Aire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta le freagracht ar leith do ghnóthaí Gaeilge agus Gaeltachta. Táim buíoch don Aire Jimmy Deenihan don tacaíocht atá tugtha aige dom agus muid ag obair i bhfochair a chéile ar rnhaithe leis an Ghaeilge agus an Ghaeltacht.

I dtosach báire, ba dheas liom léargas a thabhairt daoibh ar an dul chun cinn atá déanta ag an Rialtas agus ag mo Roinn maidir le tosaíocht a thabhairt don straitéis.

Tá sé ráite go soiléir sa Chlár Rialtais go dtabharfaidh an Rialtas tacaíocht don straitéis 20 bliain agus go ndéanfaidh an Rialtas na spriocanna indéanta atá luaite inti a sheachadadh. Ón uair gur tháinig an Rialtas seo i gcumhacht, chinn an Taoiseach, Enda Kenny, an Coiste Rialtais faoin Ghaeilge agus faoin Ghaeltacht a athbhunú faoina chathaoirleacht féin, mar atá sonraithe faoin straitéis 20 bliain. Go dtí seo, tá dhá chruinniú den Choiste Rialtais tionólta aige i mí Aibreáin agus i mí na Bealtaine. Is dóigh liom go léiríonn sé seo tiomantas an Taoisigh féin don Ghaeilge go bhfuil sé toilteanach agus ábalta am a fháil ina sceideal gnóthach chun aghaidh a thabhairt ar chur i bhfeidhm na straitéise, in ainneoin an iliomad éileamh eile atá ar a chuid ama.

Is léiriú é freisin ar thiomantas an Taoisigh i leith na Gaeilge go bhfuil cinneadh tógtha aige go mbeidh an straitéis 20 bliain faoi stiúir ag an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus agam féin mar Aire Stáit. Mar dhuine de bhunadh na Gaeltachta, níl aon cheist ach go bhfuil an Ghaeilge agus an Ghaeltacht mar an chéad chloch ar mo phaidrín mar Aire Stáit agus tá mé ag obair go tréan i gcomhar leis an Aire chun an straitéis 20 bliain a chur i gcrích.

Ó thaobh mo Roinne féin de, táthar ag tabhairt le dúthracht faoi chéim an bhunaithe den straitéis. Tá aonad straitéise bunaithe i mo Roinn atá freagrach as pleanáil agus feidhmiú na straitéise a threorú. Tá plean forfheidhmithe do chur i bhfeidhm na straitéise ag mo Roinn i mbliana ullmhaithe ag an aonad straitéise agus táthar san am i láthair ag ullmhú plean forfheidhmithe trí bliana don straitéis.

Ar ndóigh, tá iliomad páirtithe leasmhara éagsúla luaite faoin straitéis 20 bliain agus is fánach an mhaise don té a cheapfadh go bhféadfaí a leithéid de straitéis uaillmhianach uile-chuimsitheach a chur i bhfeidhm as a stuaim féin. Dá bhrí sin, is gearr go mbeidh an taonad straitéise i mo Roinn ag lorg a gcuid bpleananna forfheidhmithe féin ó na príomhpháirtithe leasmhara eile atá luaite faoin straitéis, is iad sin na Ranna Rialtais ábhartha, ach go háirithe an Roinn Oideachais agus Scileanna, Foras na Gaeilge agus Údarás na Gaeltachta.

Tá na céimeanna tosaigh tógtha ag an aonad straitéise i mo Roinn chun grúpaí oibre a bhunú leis na príomhpháirtithe leasmhara atá luaite cheana féin agam. Os rud é go bhfuil tábhacht ar leith ag baint le réimse gnímh an oideachais faoin straitéis 20 bliain, tá grúpa oibre ardleibhéil bunaithe idir oifigigh ó mo Roinn agus oifigigh ón Roinn Oideachais agus Scileanna. Tá an grúpa oibre seo ag tabhairt tús áite do na tosaíochtaí a aithint maidir le cur i bhfeidhm na straitéise i réimse gnímh an oideachais, ag tabhairt san áireamh na laincisí ar acmhainní i láthair na huaire.

Cé is moite de réimse gnímh an oideachais, tá dhá ghrúpa oibre eile bunaithe ag foireann an aonaid straitéise i mo Roinn ar mhaithe le cur i bhfeidhm na straitéise. Tá grúpa oibre ardleibhéil ar leith bunaithe idir oifigigh ó mo Roinn, ó Fhoras na Gaeilge agus ó Údarás na Gaeltachta. Tá an grúpa seo dírithe ach go háirithe ar idirdhealú a dhéanamh idir feidhmeanna reachtúla na Roinne, an fhorais agus an údaráis sa chaoi is gur féidir a chinntiú go mbeidh an luach is fearr ar airgead ag an Státchiste agus nach mbeidh aon dúbláil soláthair ann mar thoradh ar chur i bhfeidhm na straitéise ag an Roinn, ag an fhoras agus ag an údarás.

Ní miste a lua go bhfuil grúpa oibre ardleibhéil eile bunaithe idir mo Roinn, an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe agus an Roinn Fiontar, Post agus Nuálaíochta chun plé a dhéanamh ar infheistíocht fiontraíochta sa Ghaeltacht.

Tá súil agam go dtugann sé seo léargas don Teach ar roinnt de na gníomhaíochtaí atá ar bun ag an Rialtas agus ag mo Roinn faoin straitéis 20 bliain. Mar is eol don Teach, is straitéis uaillmhianach í seo atá le cur i bhfeidhm thar thréimhse fiche bliain i naoi gcinn de réimsí gnímh éagsúla. Chuige sin, feictear dom go bhfuil tábhacht ar leith ag baint leis an tréimhse phleanála atá ar siúl ag an aonad straitéise i mo Roinn, i gcomhar leis na príomhpháirtithe leasmhara, faoi na grúpaí oibre atá bunaithe leo agus a bhfuil léargas tugtha agam ina leith don Teach.

Ar ndóigh, níl amhras ar bith ach go bhfuil tábhacht ar leith ag baint leis na struchtúir fhorfheidhmithe a fháil i gceart faoin straitéis 20 bliain. Mura bhfuil dúshraith mhaith faoin straitéis, is dóigh liom nach fiú tráithnín féir iarracht a dhéanamh í a chur i bhfeidhm. Dá réir sin, nuair a tháinig an Rialtas i gcumhacht i mí an Mhárta, beartaíodh breathnú as an nua ar an straitéis 20 bliain maidir leis na struchtúir fhorfheidhmithe a bhí le cur ar bun fúithi.

Cuireadh an próiseas seo ar bun i gcomhthéacs an ghealltanais sa Chlár Rialtais go ndéanfaidh an Rialtas na spriocanna indéanta atá luaite sa straitéis a sheachadadh agus i gcomhthéacs an phlé atá déanta ag an Choiste Rialtais faoin Ghaeilge agus faoin Ghaeltacht. Chas mé féin le go leor de na páirtithe leasmhara mar chuid den phróiseas seo — Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge ina measc.

Mar thoradh ar an phróiseas seo, tá cinntí críochnúla tógtha ag an Rialtas faoin straitéis 20 bliain a bheidh le cur i bhfeidhm sa Bhille Gaeltachta a bhfuiltear ag súil é a fhoilsiú chomh luath agus is féidir, ag brath ar chlár reachtaíochta an Rialtais. Ba dheas liom an deis seo a thapú chun léargas a thabhairt don Teach ar na cinntí polasaí seo a tógadh ag an chruinniú Rialtais ar an 31 Bealtaine. Baineann na cinntí polasaí seo leis an sainmhíniú nua ar an Ghaeltacht agus leis na struchtúir fhorfheidhmithe is fóirsteanaí do chur i bhfeidhm na straitéise.

I dtosach báire, is mian liom súil a chaitheamh ar an staid ina bhfuil an Ghaeilge sa Ghaeltacht. Léirigh an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht go bhfuiltear iompaithe go mór i dtreo an Bhéarla sa Ghaeltacht agus go bhféadfadh nach mairfeadh an Ghaeilge mar theanga phobail agus theaghlaigh sa Ghaellacht ach ar feadh 15 nó 20 bliain eile mura ndéanfaí gníomh ar bhonn práinne chun cúrsaí a leasú. Ar ndóigh, mar dhuine de bhunadh na Gaeltachta, tá taithí phearsanta agam ar mheath na Gaeilge sa Ghaeltacht. Teastaíonn ón Rialtas seo gníomh fónta a dhéanamh faoin straitéis 20 bliain chun todhchaí na Gaeilge sa Ghaeltacht a shlánú i gcomhar leis an phobal ar an talamh sna limistéir Ghaeltachta éagsúla.

Mar atá ráite faoin straitéis 20 bliain, tá forbairt chóras cuimsitheach pleanála teanga ag an leibhéal pobail sa Ghaeltacht mar ghné lárnach den straitéis le cinntiú go mairfidh an Ghaeilge mar theanga phobail sa Ghaeltacht. Dá bhrí sin, tá sé beartaithe go ndéanfar foráil faoin mBille Gaeltachta do shainmhíniú reachtúil nua ar an Ghaeltacht a bheidh bunaithe feasta ar chritéir theangeolaíocha le hais an tsainmhínithe mar a sheasann sé faoi láthair atá bunaithe ar limistéir shonracha gheografacha. Tabharfar stádas reachtúil faoin mBille Gaeltachta do cheantair Ghaeltachta le stádas teangeolaíoch éagsúil acu. Mar is eol don Teach, forbraíodh próifíl shochtheangeolaíoch do na cineálacha seo de phobail teanga faoin Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch.

Ar ndóigh, tá sé tábhachtach freisin nach mbeidh an Ghaeltacht teoranta ag na ceantair a bhfuil stádas reachtúil Gaeltachta acu faoi láthair. Dá bhrí sin, tabharfar stádas reachtúil faoin mBille Gaeltachta do chineál nua de cheantair "Gaeltacht gréasáin" a bheidh lasmuigh de na ceantair Ghaeltachta reachtúla atá ann cheana féin. Is ceantair iad seo a mbeidh a bhformhór i bpobail uirbeacha agus a mbeidh toirt bhunúsach chriticiúil de thacaíocht phobail agus Stáit acu don Ghaeilge.

Chomh maith leis sin, tabharfar stádas reachtúil faoin mBille Gaeltachta do Bhailte Seirbhíse Gaeltachta, is iad sin bailte ina gcuirtear seirbhísí ar fáil do cheantair Ghaeltachta. Go bunúsach, déanfar foráil sa Bhille Gaeltachta d'Orduithe, arna ndéanamh le faomhadh an Rialtais, ina sonrófaí na ceantair a bheadh le háireamh sa Ghaeltacht, mar cheantair "Gaeltacht gréasáin" nó mar Bhailte Seirbhíse Gaeltachta.

Tá sé thar a bheith tábhachtach nach n-aireoidh aon phobal Gaeltachta faoi léigear nó faoi bhagairt mar thoradh ar an sainmhíniú reachtúil nua do limistéir Ghaeltachta a bheidh bunaithe feasta ar chritéir theangeolaíocha. Beidh mo Roinn, i gcomhar le heagrais Stáit eile, ag obair go dlúth le pobail Ghaeltachta ar an talamh chun cabhrú leo pleananna teanga, ina n-áireofaí gnéithe uile shaol an phobail, a ullmhú agus a chur i gcrích.

Mar is eol don Teach, tá sé beartaithe faoin straitéis 20 bliain go mbeadh an lárfhreagracht maidir le gnóthaí Gaeilge faoi mo Roinn, go leanfadh Foras na Gaeilge ag comhlíonadh a dhualgas i gcomhthéacs uile-oileáin mar áisíneacht den bhForas Teanga Forfheidhmithe Thuaidh Theas agus go ndéanfaí Údarás na Gaeltachta a athstruchtúrú mar Údarás na Gaeilge agus na Gaeltachta le freagracht do chur i bhfeidhm na straitéise ar bhonn náisiúnta. Mar thoradh ar an phlé a rinneadh faoin straitéis 20 bliain ag an Choiste Rialtais faoin Ghaeilge agus faoin Ghaeltacht agus ag an chruinniú Rialtais ar na mallaibh, tá athbhreithniú ó bhonn déanta ag an Rialtas ar na struchtúir is éifeachtaí chun an straitéis a fheidhmiú. Dá bhrí sin, tá cinneadh tógtha ag an Rialtas gur mar seo a leanas a bheidh na struchtúir fhorfheidhmithe faoin straitéis 20 Bliain: fanfaidh an lárfhreagracht maidir le gnóthaí Gaeilge laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht araon ar mo Roinn, an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta; leanfaidh Foras na Gaeilge ag feidhmiú mar áisíneacht teanga thuaidh theas; beidh mo Roinn, i gcomhpháirtíocht le páirtnéirí ábhartha Stáit, freagrach as cur i bhfeidhm na straitéise lasmuigh den Ghaeltacht — breathnófar ar na féidearthachtaí go bhféadfadh Foras na Gaeilge seachadadh a dhéanamh ar eilimintí áirithe den straitéis ar bhonn comhaontaithe le mo Roinn; maidir le cur i bhfeidhm na straitéise laistigh den Ghaeltacht, tá cinneadh tógtha ag an Rialtas nach ndéanfar Údarás na Gaeltachta a athstruchtúrú mar Údarás na Gaeilge agus na Gaeltachta — fanfaidh Údarás na Gaeltachta mar atá agus beidh an túdarás freagrach as cur i bhfeidhm na straitéise sa Ghaeltacht.

Níl aon dabht ach gur comhartha muiníne é an cinneadh Rialtais in Údarás na Gaeltachta. Mar thoradh ar shaineolas agus ar thaithí Údarás na Gaeltachta sa Ghaeltacht ón uair gur bunaíodh é i 1980, tá cinneadh tógtha ag an Rialtas gur fearr go mór an túdarás a choinneáil mar atá ag plé lena réimse saineolais sa Ghaeltacht agus ag plé le cur i bhfeidhm na straitéise sa Ghaeltacht. Ar an iomlán, feictear don Rialtas gurb iad seo na struchtúir fhorfheidhmithe is fóirsteanaí do chur i bhfeidhm na straitéise ar na cúiseanna seo a leanas: ciallaíonn an cur chuige seo go mbeidh meicníochtaí ann chun an straitéis a sheachadadh ag baint leas as struchtúir atá ann faoi láthair a mhéid agus is féidir — ní bheadh aon ghá comhlacht nua reachtúil a bhunú, mar a bhí beartaithe faoin straitéis; chomh maith leis sin, beidh deighilt shoiléir idir na feidhmeanna maidir le cur i bhfeidhm na straitéise ag Údarás na Gaeltachta sa Ghaeltacht agus ag an Roinn agus ag Foras na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht; tá taithí na mblianta ag Údarás na Gaeltachta laistigh den Ghaeltacht agus ag Foras na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht — feictear don Rialtas gur cóir leas a bhaint as an saineolas seo agus muid ag díriú ar chur i bhfeidhm na straitéise.

Ar ndóigh, éilíonn an cur chuige úr seo i dtaca leis na struchtúir fhorfheidhmithe faoin straitéis 20 bliain cur chuige úr i dtaca le húdarás na Gaeltachta. Mar is eol don Teach, rinne an Rialtas deireanach buiséad caipitil an Údaráis ón Státchiste a laghdú ó €18 milliún anuraidh go €6 milliún i mbliana. Is cinnte gur titim mór agus trom é sin. Níl aon cheist ann ach go bhfuil an laghdú suntasach seo ag cruthú deacrachtaí don Údarás. Ag an am céanna, caithfear a bheith réalaíoch agus aird a thabhairt ar na fadhbanna airgeadais ollmhóra atá le réiteach againn mar Stát.

Tuigimse go maith an dea-obair atá déanta ag Údarás na Gaeltachta ón uair gur bunaíodh é sa bhliain 1980 agus freagracht air as forbairt eacnamaíochta, shóisialta agus chultúrtha na Gaeltachta. Mar dhuine de bhunadh na Gaeltachta, creidimse gur éirigh le hÚdarás na Gaeltachta infheistíocht shuntasach a mhealladh chun na Gaeltachta thar na blianta agus go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach a chinntiú go leanfar leis an infheistíocht sin chun an pobal buan seasmhach a choinneáil sa Ghaeltacht.

Chuige sin, tá cinneadh polasaí tógtha ag an Rialtas go leanfaidh Údarás na Gaeltachta ag comhlíonadh a chuid feidhmeanna go ginearálta, an fheidhm fhiontraíochta san áireamh. Mar aitheantas ar na laincisí buiséid faoina gcaithfidh Ranna agus eagrais Stáit feidhmiú san am i láthair, an tÚdarás san áireamh, déanfar foráil reachtúil faoin Bhille Gaeltachta chun cumhacht a thabhairt don Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta treoir a thabhairt don Údarás a chuid acmhainní teoranta a dhíriú i dtreo earnálacha fiontraíochta ar leith. Chomh maith leis sin, tá cinneadh polasaí tógtha ag an Rialtas go bhforbrófar meicníocht chun go mbeidh Údarás na Gaeltachta in ann comhoibriú le Fiontraíocht Éireann agus leis an IDA, ach go háirithe i gcás tograí suntasacha Gaeltachta a bhfuil poitéinseal ard acu. Ar ndóigh, déanfar an mheicníocht seo a fhorbairt i gcomhar leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe agus i gcomhar leis an Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta.

Ciallaíonn na cinntí polasaí seo atá tógtha ag an Rialtas go bhfuil todhchaí Údarás na Gaeltachta mar eagras Stáit neamhspleách le cúraimí sonracha i leith na Gaeltachta slán sábháilte, go n-éireoidh le hÚdarás na Gaeltachta a chuid feidhmeanna reachtúla a choinneáil agus go mbeidh Údarás na Gaeltachta in ann leas a bhaint as a chuid saineolais ar mhaithe le cur i bhfeidhm na straitéise sa Ghaeltacht. Ní hamháin sin ach tiocfar ar mheicníocht chun go mbeidh comhoibriú idir Údarás na Gaeltachta, Fiontraíocht Éireann agus an IDA ar mhaithe le hinfheistíocht i limistéir Ghaeltachta.

Maidir le bord Údarás na Gaeltachta, i dtosach báire ba dheas liom obair an bhoird a thréaslú leis na comhaltaí boird atá ann faoi láthair. Is cinnte go bhfuil obair fhiúntach déanta agus á dhéanamh ag an bhord ar mhaithe le pobal na Gaeltachta. Faoi láthair, tá 17 comhalta tofa ar bhord an Údaráis chomh maith le triúr chomhalta atá ainmnithe ag an Aire. É sin ráite, tá tuairimí forleathan go leor ann le blianta beaga anuas go mb'fhéidir nach raibh struchtúr den chineál seo iomlán éifeachtach mar gheall ar líon na gcomhaltaí.

Tá an Rialtas tiomanta fócas níos gléine a thabhairt do bhoird Stáit. Léiríonn taighde idirnáisiúnta agus taithí ó iliomad boird Stáit in Éirinn go gcuidíonn sé le bord a bheith ag feidhmiú ar bhonn éifeachtach má bhíonn líon na gcomhaltaí réasúnta teoranta — idir deichniúr agus dáréag, nó mar sin. Dá bhrí sin, tá cinneadh tógtha ag an Rialtas go ndéanfar foráil maidir leis seo sa Bhille Gaeltachta chun líon na gcomhaltaí ar bhord an Údaráis a laghdú go suntasach.

Faoi réir na reachtaíochta, ní mór an chéad toghchán eile do bhord an Údaráis a reáchtáil faoi Dheireadh Fómhair 2012 agus d'fhéadfadh costas suas le leathmhilliún euro a bheith i gceist leis seo i 2012 dá reáchtálfaí toghchán. Mar is eol don Teach, caithfidh an Rialtas amharc go géar ar gach uile líne caiteachais faoin athbhreithniú caiteachais cuimsithigh atá ar siúl againn san am i láthair. Déarfainn gur beag duine a d'easaontódh liom nuair a deirim go bhféadfaí an leathmhilliún euro seo a chaitheamh ar bhealach a rachadh níos mó chun sochair do phobal na Gaeltachta seachas trí thoghchán a reáchtáil. Dá bhrí sin, tá cinneadh tógtha ag an Rialtas go ndéanfar foráil maidir leis seo sa Bhille Gaeltachta chun deireadh a chur leis an riachtanas do thoghcháin.

Ar ndóigh, feictear don Rialtas go bhfuil sé tábhachtach nach gcaillfear an ghné dhaonlathach mar thoradh ar na hathruithe ar bhord an Údaráis. Dá bhrí sin, tiocfar ar mheicníocht faoin mBille Gaeltachta chun gur féidir le húdaráis áitiúla, a bhfuil limistéir Ghaeltachta faoina gcúram, líon áirithe comhaltaí a ainmniú ar bhord an Údaráis agus déanfaidh an tAire roinnt comhaltaí eile a ainmniú mar thoradh ar shaineolas ar leith a bheith acu i réimsí gnímh an Údaráis.

Tá a fhios agam go bhfuil an cheist maidir le príomhfheidhmeannach buan a cheapadh ar an Údarás ar na bacáin le tamall agus gur thoiligh Seán Ó Labhraí seasamh sa bhearna bhaol ar feadh tréimhse agus feidhmiú mar phríomhfheidhmeannach gníomhach go dtí go mbeadh cinntí sonracha tógtha maidir le todhchaí an Údaráis. Ag eascairt as cinntí an Rialtais, tá lúcháir orm a bheith in ann a rá go bhfuil na céimeanna sa treis ag mo Roinn cheana féin chun cead na Roinne Caiteachais Poiblí agus Athchóirithe a fháil chun príomhfheidhmeannach buan a cheapadh don Údarás agus tá súil agam go mbeidh toradh dearfach ar ár n-iarratas go luath.

Níl amhras ar bith ach go bhfuil ré chorrach i gcinniúint ár dtíre buailte linn agus go bhfuil go leor dúshlán le sárú againn sna blianta beaga amach romhainn. B'fhíor do Mhicí Mac Gabhann a dúirt ina leabhar cáiliúilRotha Mór an tSaoil: “Ní uasal ná íseal ach thuas seal agus thíos seal.”

In ainneoin na deacrachtaí ar fad, tá mise iontach dóchasach faoin Ghaeilge agus faoin Ghaeltacht. Tá dúshraith láidir againn le tógáil uirthi leis an straitéis 20 bliain agus tá céimeanna dearfacha tógtha cheana féin againn chun tús a chur le feidhmiú na straitéise sin. Anuas air sin, tá Rialtas úr i bhfeighil na tíre anois nach bhfuil doicheall ar bith air cinntí crua agus cróga a thógáil ar mhaithe le leas na Gaeilge agus na Gaeltachta, mar atá léirithe anseo agam inniu. Ach thar aon ní eile, is cúis dóchais ar leith dom an pobal beo bríomhar atá báúil agus dílis don Ghaeilge agus don Ghaeltacht ó cheann ceann na tíre.

Mar fhocal scoir, ba dheas liom a athdhearbhú go bhfuil an Ghaeilge agus an Ghaeltacht ar an ghad is gaire don scornach domsa mar Aire Stáit. Aithním an méid bóthair achrannaigh atá romhainn amach, mar thoradh ar an ngéarchéim eacnamaíoch ina bhfuil an tír. Geallaim don Teach go ndéanfaidh mise mo dhícheall mar Aire Stáit ar mhaithe le teacht i gcabhair ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta. Caithfimid a aithint, áfach, nach féidir linn fanacht slán ón anfa eacnamaíoch atá ag séideadh san am i láthair agus a bhfuil impleachtaí aige dúinne uilig go léir. Feictear dom go gcuidíonn na cinntí críochnúla atá tógtha ag an Rialtas le cinnteacht a chur in áit na héiginnteachta a bhí ann le tamall anuas agus go mbeimid in ann aghaidh a thabhairt ar na dúshláin amach romhainn le dúthracht agus le dóchas.

Tá fáilte roimh an Aire Stáit. Tréaslaím leis de bharr a dhílseachta féin i leith na Gaeilge. Tá áthas orm go bhfuil an Ghaeilge agus an straitéis á phlé againn go luath sa tSeanad. Tugann seo seans dúinn a bheith in ann cúrsaí a scrúdú maidir le cur i bhfeidhm na straitéise. Bhí an t-Aire Stáit féin lárnach don phróiséis a bhain leis an straitéis agus tuigeann sé an cur chuige a bhí ann. Rud a bhí an-tábhachtach ná go raibh chomhchomhairle i gceist leis na heagrais agus le daoine eile a raibh baint acu leis an nGaeilge. Is cuimhin liom go ndeachaigh an coiste Oireachtais go dtí an Ghaeltacht chun bualadh leis na heagrais sin. Chuir sé áthas agus ionadh ar an-chuid againn gur tháinig breis agus 30 eagras ar fad isteach go dtí an ócáid sin chun a dtuairimí a nochtadh. Chomh maith leis sin, bhí cruinniú eile againn le beagnach naoi n-eagras anseo i mBaile Átha Cliath. An rud a bhí suimiúil faoi sin ná gur tháinig TG4 isteach chun an rud ar fad a chlúdach agus a chur amach beo ar feadh ceithre uair an chloig. Mar a bhí mé ag maíomh ag an am, níor tharla sé sin le haon ábhar eile.

Chruthaigh sé sin go raibh an cur chuige a bhí ag baint leis an bpróiséas ag an am dáiríre agus gur thuig daoine go raibh sé thar a bheith tábhachtach go mbeadh an straitéis á húsáid i gceart, go mbeadh an struchtúr ceart á chur ann agus, chomh maith leis sin, go mbeadh sé indéanta, mar a luaigh an t-Aire Stáit féin. Níl haon mhaith straitéis a chur ann murar féidir é a chur i bhfeidhm. Caithfimid a bheith cinnte go bhfuil spriocanna ann agus go bhféadfaimís na spriocanna sin a bhaint amach.

Rud a chuireann áthas ar an-chuid daoine ná go bhfuil an straitéis tras-pháirtí. Tá sé sin an-tábhachtach. Ar feadh tamaill, bhí baol ann go raibh liathróid pholaitiúil á dhéanamh as an Ghaeilge. Nuair a tharlaíonn a leithéid, bíonn súil an imreora ar an bhfear in ionad a bheith ar an liathróid. Tá sé tábhachtach dúinn, mar náisiún, an súil a choimeád ar an liathróid, is é sin an tábhacht a bhaineann leis an Ghaeilge. Ní chóir go mbeadh "party politics" ag cur isteach orainn. Ceann des na buanna is mó a bhaineann leis an straitéis is ea go bhfuilimid aontaithe maidir léi. Mar sin is féidir linn a bheith ag díriú ar na rudaí tábhachtacha — na bun rudaí — agus a bheith ag comh-oibriú lena chéile.

I stair an náisiúin nó i stair na Gaeilge, ní raibh an t-atmaisféar i leith na Gaeilge chomh dearfach ariamh is atá sé i láthair na huaire. Féach an tábhacht a bhaineann leis na gaelscoileanna. Tá ag éirí go hiontach leo. Tá scuiane ag iarraidh teacht isteach ins na gaelscoileanna, rud a chruthaíonn go bhfuil a leithéid ag teastáil ó dhaoine. Tá Raidió na Gaeltachta ann agus jab sár-mhaith proifisiúnta á dhéanamh ag an stáisiún. Níl aon amhras ach go bhfuil TG4 ar cheann des na huirlisí is fearr atá againn ó thaobh cur chun cinn na Gaeilge de. Tá íomhá an-mhaith ag an stáisiún. Ní gá go mbeadh na seanóirí ar fad curtha ar leataobh, ach tá na daoine óga chun tosaigh ann. Tá siad proifisiúnta agus san iomaíocht le haon stáisiún eile. Tugaim faoi deara go bhfuil daoine, fiú amháin daoine atá ar bheagán Gaeilge, ag dul go dtí an stáisiún sin. B'fhéidir nach dtéann siad ann ar mhaithe leis an nGaeilge ach ar mhaithe leis na cluichí nó leis na cláir staire, rud nach bhfuil á dhéanamh ag cuid des na stáisiúin eile. Is cuma faoin chúis go dtéann daoine chuig an stáisiún sin, a fhad is atá gaol acu leis an stáisiún féin.

Tá reachtaíocht ann maidir le comhionnanas teanga. Mar sin, tá stádas faoi leith reachtúil tugtha don Ghaeilge, rud nach raibh ann roimhe sin. Cé go raibh sé sa Bhunreacht, ní raibh reachtaíocht féin ann. Chomh maith leis sin, tá stádas oibre oifigiúil bainte amach don Ghaeilge san Aontas Eorpach, rud a bhí thar a bheith tábhachtach. Is ionann sin agus a rá go bhfuil an stádas céanna ag an Ghaeilge is atá ag an mBéarla nó ag aon teanga eile san Eoraip. Siombal muiníne don Ghaeilge gur tharla a leithéid.

Anois, tá straitéis 20 bliain don Ghaeilge ann. Bhí mé beagáinín amhrasach nach mbeadh i gcaint an Aire Stáit ach an fód a sheasamh. Mar sin féin, caithfidh mé an t-Aire agus an Rialtas a mholadh. Tá siad ag tabhairt faoi cur i bhfeidhm na straitéise sa tslí cheart. I dtosach, tá plean trí bliana leagtha amach. Gan rud mar sin a bheith ann bheadh sé an-deacair dul i ngleic le 20 bliain, go mórmhór na rainn a bhaineann leis an 20 bliain sin. Tá an-áthas orm go bhfuil trí bliana i gceist. Ta straitéis trí bliana ann chomh maith le straitéis 20 bliain, rud atá thar a bheith tábhachtach

Ta an-áthas orm go bhfuil an coiste Rialtais ag teacht le chéile. Tháinig sé le chéile faoi dhó cheana féin. Molaim an Rialtas mar gheall ar sin. Bhí amhras orm nach mbeadh an coiste sin ag feidhmiú, agus ní toisc go bhfuil Rialtas nua ann. Tá áthas orm go raibh dhá chruinniú ag an gcoiste. Baineann an-chuid leis an gcoiste sin le cinntiú go bhfuil an straitéis á chur i bhfeidhm. Muna bhfuil an Rialtas féin ag díriú ar an straitéis, agus an gnó sin ar fad fágtha ag gníomhaithe agus ag na heagrais, beidh laige ann.

Tá áthas orm go bhfuil Roinn a bhaineann le cúrsaí airgeadais i mbun na gcoistí atá á mbunú. Cé nach bhfuil cúrsaí eacnamaíochta chomh maith agus ar bhreá linn iad a bheith, caithfimid tús áite, i slite áirithe, a thabhairt don Ghaeilge agus don Ghaeltacht maidir le heacnamaíocht. Caithfimid a bheith in ann a rá ní hamháin gur seoid í an Ghaeilge ach go dtugann sí ardú meanman dúinn chomh maith. Árdaíonn sí an spiorad díreach nuair atá gá le spiorad an náisiúin a árdú. Ní teanga amháin í an Ghaeilge nó bailiúchán focal agus gramadaí. Tá níos mó ná sin sa Ghaeilge. Tá an teanga istigh inár gcroíthe agus go smior ionainn. Cabhróidh aon rud a bhaineann lenár bhféiniúlacht náisiúnta linn, chomh maith le rudaí eile. Tá mé cinnte go mbeidh guth láidir ag an Aire Stáit sa Rialtas le cinntiú go mbeidh an cabhair airgid ann nuair a bheidh gá leis.

Ba bhreá liom an Roinn Oideachais agus Scileanna a lua freisin. Braitheann a lán ar an Roinn sin.

Tá ballraíocht ag an Aire Oideachais agus Scileanna ar an gcoiste Rialtais. Rinne mé dearmad sin a lua. Tá an t-Aire mar dhuine des na hAirí atá ar an gcoiste.

Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit. Tá sin thar a bheith tábhachtach. Tuigim an tábhacht a bhaineann leis an Roinn Oideachais agus Scileanna. Uaireanta, ceapann daoine go bhfuil leisce de shaghas ar an Roinn an t-aitheantas ceart a thabhairt don Ghaeilge maidir leis na gaelscoileanna agus mar sin de. Is cuma cad atá á dhéanamh ag an Rialtas nó ag na Ranna Stáit muna bhfuil an pobal féin ag déanamh a gcionn chomh maith. Caithfidh an pobal a bheith chun tosaigh maidir le cur chun cinn na Gaeilge agus tá an-áthas orm go bhfuil sin luaite sa straitéis. Tá an straitéis thar a bheith ilghabháileach. Más rud é gur féidir linn an pobal a mhealladh chuig úsáid na Gaeilge — cúpla focal, is cuma cé mhéid — is maith sin, mar tá an dea-thoil ann i láthair na huaire. Maidir leis na heagrais Ghaeilge atá ann, tá súil agam go mbeidh an Rialtas in ann leanúint ar aghaidh ag cabhrú leo. Tá áthas orm go mbeidh freagracht chur i bhfeidhm na straitéise sa Ghaeltacht ag Údarás na Gaeltachta. Ní bheadh sé go maith dá mbeadh sin á dhéanamh ag dream lasmuigh den Ghaeltacht. Tá áthas orm chomh maith nach bhfuilimid ag cur an Ghaeilge í féin mar chúram go hiomlán ar an údarás. Tá súil agam go leanfaidh an t-údarás ag díriú ar an Ghaeltacht fhéin.

Mar fhocal scoir, tá súil agam go mbeidh seans ag an Aire teacht isteach anseo go rialta agus go mbeimid in ann an dul chun cinn a mheas, go mbeidh seans againn moltaí a chur ar aghaidh agus, go mórmhór, go mbeimid in ann comhoibriú leis an Aire Stáit agus cabhair a thabhairt dó, mar beidh éacht ag teastáil san iarracht seo. Tá sé tábhachtach nach mbeimid ag caitheamh anuas ar a chéile mar ní bheadh an toradh ceart ar an obair ansin. Tá súil agam go n-éireoidh go geal leis an Aire Stáit agus bail ó Dhia ar féin agus ar an Ghaeilge iontach atá aige. Is maith an rud é go bhfuil Aire den ghradam sin againn.

Ar dtús, molaim an tAire Stáit as teacht isteach agus léargas ar an straitéis 20 bliain a chur os ár gcomhair. Gabhaim comhghairdeas leis as a cheapachán. Luaigh sé Micí Mac Gabhann agusRotha Mór an tSaoil. Nuair a chuaigh Micí go dtí an Yukon ag lorg óir, bhí sé ag marcaíocht ar mhaidí na gcosán de bharr easpa airgid agus araile. Tá an Ghaeilge ag marcaíocht ar mhaidí na gcosán faoi láthair in áiteanna sa tír. Tá géarghá leis an straitéis seo agus tá géarghá le Aire mar an tAire Stáit leis na haidhmeanna atá sa straitéis a chur i gcrích. Tá a lán muiníne agam as an Aire agus as an aonad straitéise atá bunaithe aige. Tá a fhios agam go ndéanfaidh siad a bhfíor dhícheall chun aidhmeanna an phlean a chur i gcrích.

Tá a lán rudaí maithe sa phlean chun é sin a dhéanamh sa Ghaeltacht agus taobh amuigh den Ghaeltacht, ach is é an rud ná go gcuirtear i gcrích iad. Is í príomh aidhm na straitéise ná líon na ndaoine a labhrann Gaeilge gach lá a mhéadú ó 83,000 go dtí 250,000 agus líon na gcainteoirí dúchais a mhéadú go dtí 25%. Ach ní comhaireamh amháin atá i gceist. Tá eolas againn go léir ar an scéal le Flann O'Brien faoin gcigire ag comhaireamh na leanaí sa leaba a bhí ag labhairt Gaeilge. Chomhair sé ó dhuine go deichniúr agus an muc ina measc i lár an leaba. Dúirt an cigire go raibh siad iontach maith ag labhairt, ach gurbh é an leanbh i lár an leaba an duine is fearr ag labhairt na Gaeilge. Nílimid ag iarraidh dul an treo sin. Próiseas atá ann, agus tuigeann an Seanadóir Ó Clochartaigh céard atá i gceist le "próiseas". Is é an próiseas an rud is tábhachtaí.

Tá ról iontach tábhachtach ag na príomh páirtithe, an Roinn Oideachais agus Scileanna, Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge, gan trácht ar an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta. Bhí lúcháir orm éisteacht leis an Seanadóir Ó Murchú agus molaim é as an méid atá déanta aige don Ghaeilge. Is maith is cuimhin liom an chéad uair a chuaigh mé go dtí an fleadh, i Lios Tuathail, i 1974. Bhí mé ag lorg lóistín ag an am agus dúirt bean an tí liom nach raibh aon seomra aici, go raibh an cathaoir tógtha ach go bhféadfainn codladh sa folcadán. Thóg mé é agus d'íoc mé as agus bhí am ar dóigh agam. Rinne an fleadh maitheas don turasóireacht freisin agus molaim an Seanadóir as sin. Bhí áthas orm a chloisteáil freisin nach bhfuil an Seanadóir chun political football a dhéanamh as seo. Dá mbeadh a chara anseo, bheadh sé ag tabhairt buille beag dó ach d'imigh sé. Cá bhfuil sé? Cúpla lá ó shin bhí sé ag iarraidh political football a dhéanamh den údarás.

Molaim an tAire Stáit as an rud atá á dhéanamh aige leis an údarás. Tá sé chun é a chur ar bun arís. Tá fógairt á dhéanamh faoin bpríomh fheidhmeannach agus beidh na comhairlí contae in ann baill a ainmniú don údarás. Tá súil agam go mbeidh Gráinne John Gráinne ar an údarás, cé gur ball de Shinn Féin í. Is sean cara liom í agus tá a fhios agam go bhfuil an dúil aici sa Ghaeilge. Vóta muiníne a ghlaoigh cathaoirleach an bhoird, Liam Ó Cuinneagáin, ar an scéal. Ar an Fhal Carrach Dé hAoine seo caite, fuair an tAire Stáit bualadh bos millteannach ó bhaill an údaráis nuair a luaigh sé cad a bhí le tarlú.

Is maith an rud é go bhfuil baint ag Foras na Gaeilge leis an straitéis seo, mar is all-Ireland body é a cuireadh ar bun faoin Good Friday Agreement. Tá a fhios agam go bhfuil faitíos ar dhaoine go gcuirfidh duine éigin ar an fhoras a spoke isteach sna rothaí. Ach tá sé iontach tábhachtach na all-Ireland institutions, mar Fhoras na Gaeilge, a fhorbairt agus tacaíocht a thabhairt dóibh. B'fhéidir go mbeidh deacrachtaí leis an straitéis ó thaobh sin de, maidir leis an Ghaeilge Albanach agus rudaí mar sin, ach caithfimid na deacrachtaí sin a oibriú amach. Tá spin maith orm inniu. De gnáth ní féidir liom aontú le Sinn Féin sa Teach seo, ach caithfidh mé a rá go bhfuil Sinn Féin lán dáiríre faoin teanga agus go ndéanann sé obair iontach mhaith don teanga. Bheinn breá sásta comhoibriú le baill Shinn Féin am ar bith, áit ar bith ar son na Gaeilge. Mar adúirt an Seanadóir Ó Murchú, caithfimid go léir obair le chéile. Is breá liom a fheiceáil go bhfuil scaifte chomh mór anseo do na ráitis seo ach caithfimid obair le chéile.

Maidir leis na gaelscoileanna, is rud maith atá iontu agus tá obair iontach mhaith ag tarlú iontu. Is múinteoir mé agus bhí mé ag caint le príomhoide fúthu ar maidin. Tá an Ghaeilge ag fáil bháis i ngnáth bunscoileanna na tíre. Ar tharla seo de bharr go bhfuil na páistí go bhfuil an-suim acu sa Ghaeilge ag freastal ar na Gaelscoileanna nó an bhfuil rud éigin cearr leis an gcuraclam? The latter, sílim. Caithfimid an cheist sin a phlé mar tá sin iomlán fíor. Tá na múinteoirí ag obair dhá uair níos crua agus níl siad ag fáil a leath ó na páistí. Tá siad ag obair i "Twilight Zone" — "Let us go the planet Zog now agus beimid ag foghlaim na Gaeilge." Tá sé tábhachtach aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb sin. Rud amháin gur féidir a dhéanamh ná na mic léinn sna coláistí oiliúna a chur go dtí an Ghaeltacht ag tús an chúrsa agus an Ghaeilge a chothú mar sin.

Thiocfadh liom i bhfad níos mó a rá ach tá an t-am caite. D'fhiafraigh mé den Aire Stáit an straitéis tarrthála nó straitéis fhorbartha í seo. An dá cheann is dócha. Tá sé ráite ag an Aire go bhfuil an Ghaeilge agus an Ghaeltacht ar na clocha is mó ar a phaidrín mar Aire Stáit. Creidim sin ach, cibé rud, beimid ag faire ar an Aire Stáit agus tá súil agam go dtiocfaidh sé isteach sa Teach seo arís go rialta chun update a thabhairt dúinn. Dúirt an Seanadóir Ó Clochartaigh nach ionann caint agus gníomh ach tá a fhios ag an Aire Stáit gur ionann iad. Molaim an tAire Stáit agus gabhaim buíochas leis as teacht isteach inniu.

Tá lúcháir orm go bhfuil an tAire Stáit anseo inniu, comhghleacaí ó mo dháilcheantar féin agus ón cheantar a bhfuil mé féin i mo chónaí ann thuas, cé go bhfuil sé i bparóiste Ghaoth Dobhair agus mise i bparóiste ansin i nGort a' Choirce. Tá lúcháir orm bheith ábalta a rá go bhfuil an tAire Stáit sa phost ina bhfuil sé; tá sé tuillte aige mar tá go leor oibre déanta aige thar na blianta do chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta, ní h-amháin i nDún na nGall ach ar fud na tíre, agus é ina ionadaí poiblí.

Tá brón orm nach raibh mé anseo lena óráid a chloisteáil mar bhí cruinniú eile agam ach bhí mé ag léamh cuid den méid a chuir sé i láthair agus níl aon dabht ann go bhfuil na páirtithe polaitiúla go léir ar aon-intinn i dtaca leis an Ghaeltacht agus an Ghaeilge. Tá lúcháir orm go bhfuil straitéis ann anois atá aontaithe i dtaca leis an Ghaeilge, an Ghaeltacht, an todhchaí agus na spriocanna atá leagtha amach ansin. Tá bealach leagtha amach don teanga as seo go dtí 2030.

Mar a dúirt an Seanadóir D'Arcy, le roinnt blianta bhí an Ghaeilge ag crosbhóthar, go háirithe sna 1990í, nuair a bhí sé deacair tabhairt ar an ghlúin óg an Ghaeilge a labhairt, ní hamháin taobh amuigh den Ghaeilge ach taobh istigh fosta. Bhí Michael D. Higgins ansin ag an am nuair a bunaíodh Teilifís na Gaeilge agus tá an obair atá déanta ag TG4, mar a thugtar air anois, suntasach amach agus amach leis an Ghaeilge a chur chun cinn mar theanga "cool" do na daoine óga ag leibhéal scolaíochta agus sa bhaile. Tá roinnt daoine óga anois ag amharc ar TG4 chomh minic agus atá siad ag amharc ar stáisiún ar bith eile. Tá an-obair déanta ag Raidió na Gaeltachta le beagnach 40 bliain anuas leis an Ghaeilge a chur chun cinn mar mheán cumarsáide ar fud na Gaeltachta agus taobh amuigh fosta. Tá an obair sin le feiceáil ó lá go lá agus sinn ag éisteacht le cláir Raidió na Gaeltachta. Sa chomhthéacs sin, tugaim ard-mholadh do Raidió na Gaeltachta agus TG4 as an méid atá déanta acu chun an Ghaeilge a chur chun cinn.

Níl mé ag iarraidh dul thar na pointí céanna a rinneadh cheana ach tá lúcháir orm go raibh an tAire Stáit i láthair an deireadh seachtaine seo caite i nGaeltacht Dhún na nGall, áit a labhair sé faoin phlean atá leagtha amach ag an Rialtas, agus na céimeanna atá sé le glacadh leis an straitéis a chur i bhfeidhm. Cuireadh fáilte roimhe ag bord an údaráis, áit ar léirigh sé na pointí is tabhachtaí ann ó thaobh na straitéise de. Bhí caint ansin agus inniu i dtaca leis an Ghaeltacht ghréasáin agus stádas reachtúil de chineál a thabhairt do cheantar Ghaeltacht ghréasáin, ceantar atá taobh amuigh den Ghaeltacht, agus b'fhéidir go dtiocfadh leis an Aire Stáit míniú a thabhairt dúinn ar an slat tomhais a bheadh á úsáid. Gan dabht bheadh na Gaelscoileanna tábhachtach i gceantair mar sin mar i ndiaidh an fháis a tharla le blianta anuas leis na Gaelscoileanna, tá sin fíor-thábhachtach d'fhás na teanga taobh amuigh den Ghaeltacht. Níl aon dabht ach go bhfuil ceantair ann anois go dtiocfadh leo bheith istigh sa ghréasán úr taobh amuigh den Ghaeltacht

Ó thaobh an mholta atá sa straitéis i dtaca le stádas reachtúil a thabhairt do bhailte seirbhísí Gaeltachta, cén sórt slat tomhais a bheidh in úsáid ag an Roinn chun an stádas sin a oibriú amach, an mbeadh, mar shampla, comhoibriú leis an chomhairle contae leis an stádas sin a bhaint amach?

Tá lúcháir orm fosta go bhfuil an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ag feidhmiú anois leis an straitéis a chur i bhfeidhm agus gnóthaí Gaeilge a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht. Cuirim fáilte fosta roimh an bhealach go bhfuil Foras na Gaeilge ag leanúint ar aghaidh le cur chun cinn na Gaeilge agus na dualgais éagsúla atá aige taobh amuigh den Ghaeltacht. Cuirim fáilte roimh an chinneadh atá déanta go bhfuil Údarás na Gaeltachta le díriú ar na feidhmeannaigh atá aige sa Ghaeltacht agus go bhfuil an Roinn agus Foras na Gaeilge le bheith ag feidhmiú ar an straitéis a chur i bhfeidhm taobh amuigh den Ghaeltacht. Tá sin ciallmhar. Léigh mé alt inThe Irish Times le gairid a chuir an t-iarfheidhmeannach de chuid Údarás na Gaeltachta, Pádraig Ó hAoláin, agus sin an moladh a bhí aige fosta, gur chóir ligean don údarás leanúint ar aghaidh leis na cúraimí taobh istigh den Ghaeltacht agus go mbeadh Foras na Gaeilge ag leanúint ar aghaidh le cur chun cinn na straitéise lasmuigh den Ghaeltacht. Cé go bhfuil an moladh sin sa straitéis a foilsíodh — gur chóir don údarás díriú isteach ar churaimí taobh amuigh den Ghaeltacht — mheas mé nach raibh sin praiticiúil agus cuirim fáilte roimh an soiléiriú air sin ó shin.

Braitheann go leor den straitéis ar fhoinsí airgid a bheidh ar fáil. Tá maoiniú tábhachtach ag an phointe seo go háirithe agus tá sé tábhachtach go mbeidh gach Roinn Rialtais sásta an t-airgead agus an t-am agus an saothar a chur ar fáil leis an straitéis a chur i bhfeidhm. Tá súil agam go mbeidh na céad céimeanna le feiceáil sa cháinfhaisnéis a thiocfaidh aníos. San nóiméad deireanach, ba mhaith liom díriú isteach ar chúpla pointe i dtaca le hÚdarás na Gaeltachta. Mar a dúirt an t-Aire Stáit ag an deireadh seachtain le linn Chomórtas Peile na Gaeltachta, beidh an t-údarás ag coinneáil na cúramaí fiontraíochta. Beidh cead ag an údarás príomhfheidhmeannaigh úra a fhostú, ach amháin go gcaithfimid fanacht go dtí go mbeidh an Bille Gaeltachta foilsithe i dtaca leis na sonraí i dtaca leis an stádas fiontraíochta?

Cé go n-aontaím leis an Aire Stáit ar gach uile rud, ní aontaím leis an cinneadh atá déanta ag an Rialtas i dtaca le guth phobal na Gaeltachta i dtoghchán Údarás na Gaeltachta a thabhairt chun siúl. Ba chóir an deis a thabhairt i gcónaí do phobal na Gaeltachta mar gur throid na daoine ins na seachtoidí agus ins na hochtóidí le go mbeadh guth acu agus deis comhaltaí acu féin a thoghadh ar an bhord. An dóigh atá sé leagtha amach ag an Rialtas anois, bheadh sé suas ag comhairleoirí contae nó ag daoine as taobh amuigh den Ghaeltacht comhaltaí a ainmniú ar an bhord. Céim mhór ar gcúl a bheadh ansin agus bheinn ag impí ar an Aire Stáit gach bhrú a chur ar an Rialtas ath-bhreithniú a dhéanamh ar an smaoineamh sin agus toghchán a reachtáil. Tá a fhios againn go bhfuil costais le toghcháin a reachtáil, ach ní féidir costais ar bith a chur ar an daonlathas. Throideamar sa tír seo fá choinne an daonlathais. Ní féidir linn costais a chur air. Más é an smaoineamh atá ag an Rialtas deireadh a chur le toghchán de bhrí go gcosnódh sé €500,000, bheadh sé chomh maith deireadh a chur le gach reifreann agus le gach toghchán don tSeanad, don Dáil agus do chomhairlí contae agus le toghchán ar bith eile. Tá toghchán an údaráis chomh tábhachtach le toghchán ar bith eile, mar go dtugann sé deis do phobal na Gaeltachta daoine ón phobal a thoghadh atá sásta glór acusan a nochtadh agus a chur chun tosaigh ag leibhéal bhord an údaráis. Tá an t-údarás fíor thábhachtach go deo don Ghaeltacht agus do chúrsaí fostaíochta, shóisialta agus eacnamaíochta taobh istigh de limistéir na gceantair Ghaeltachta.

Ta lúcháir orm go bhfuil an t-Aire Stáit anseo. Guím gach rath air ina chuid cúramaí. Tá cúramaí tábhachtacha faoina bhráid agus tá a fhios agam go ndéanfaidh sé a dhícheall. Bheinn ag impí air i dtaca le toghchán an údaráis. Tá a fhios agam gur cinneadh an Rialtais atá ann ach tá mé cinnte go mbeidh sé ábalta a chuid "influence" a úsáid chun ath-bhreithniú a dhéanamh ar an chinneadh sin.

Senator Kelly was due to contribute next but I have received a request from Senator van Turnhout to swap with the Senator. If he is agreeable, I will call him subsequently. Is that agreed? Agreed.

Thank you very much. I apologise. Three weeks ago I did not know I would be standing here and I have another pressing commitment. I trust the House will understand.

I welcome the strategy and its ambitions. I hope I can be one of its successes by building on the Irish I learned at school and, in a future debate, I may be able to contribute as Gaeilge. That is a challenge I have set myself. I very much welcome the information provided by the Minister of State. The Cabinet sub-committee is central to driving the implementation of the strategy and I am happy that it has been established and has met twice. I look forward to hearing more about it.

I also welcome the fact that the Minister for Education and Skills is a member of the sub-committee. The backdrop to the debate today is the many thousands of students sitting the junior certificate Irish examination, including my nephew. I hope all our students, including him, do well. However, I refer to the issue of how Irish is dealt with in the education system. I welcome the changes being made, but we need to do more to ensure Irish remains a living language not only in gaelscoileanna but throughout our education system with children being exposed to the language in preschool and through the media and so on.

I lived for three years in Brussels, which is a bilingual capital. It taught me that all advertisements have to be in two languages. My husband is Dutch but I did not know him at the time. I gained great exposure to Flemish during my time in Brussels because I had French and I was able to compare both languages. Subliminally, one's vocabulary increases. There is something to be said for subliminal exposure aside from formal education. For example, in our system, Irish classes are held for set periods of 30 or 40 minutes. The language should seep through our education system in smaller, fun and creative ways in order that Irish becomes a living language for children from an early stage. They should not be restricted to set periods where they have to learn, rehearse and recite. They should be encouraged to play games and engage in activities. A number of sports organisations are doing this and that is welcome. There must be a greater focus on the aural aspect of the language and we need to be creative in how we do that.

The Minister of State announced that there will be a new statutory definition of "linguistic borders" based on studies. Will he elaborate on the criteria that will be used and on the studies? I tried to research them but I was unable to establish whether they had been published. Perhaps he can advise us on this. I welcome his planned approach to Gaeltacht networks where Irish is spoken so that an appropriate environment can be created and they can expand.

I very much look forward to future debates on the language in the House. I hope we will be able to support the Minister of State in the implementation of the strategy. It is rightly ambitious. This is a good time for us to have this discussion but we need to examine the strategy's implementation and ensure the language gets to live.

Ba mhaith liom céad míle fáilte a chur roimh an Aire Stáit. Little did I know 20 years ago when he attended my wedding in Gweedore, County Donegal, that I would have anything to do with politics and I would be in the Seanad today addressing him on matters relating to the Irish language.

Bhí lá mór againn.

I married a native Irish speaker from Gweedore who is an Irish teacher and I am ashamed that I would feel it easier to address the Minister of State in Spanish on matters relating to the Irish language than in Irish.

However, I firmly believe that most Irish people have a genuine grá for the language. It does not necessarily follow, though, that they are in favour of the current compulsory nature of the syllabus in our schools. It has not worked and this was recognised back in 1924 by the former Minister for Education, Mr. Eoin MacNeill, when he commented, "You might as well be putting wooden legs on hens as trying to restore Irish through the school system". The language needs to be made readily accessible and attractive to all those who wish to enjoy and learn it because to compel is to repel.

In contrast to this compulsory system, I would like to highlight the effectiveness of every Gaeltacht in the country. Each year more than 25,000 students attend Gaeltachtaí, generating €50 million in these areas. These people voluntarily choose to learn their native language. I applaud the fact that education is a core part of the action areas in the 20 year strategy. Encouraging people to learn Irish for the sheer love of it would be a good start but we must level with people. I am reminded of an advertisement campaign a few years ago which stated, "Learn Irish, it's easy". It is not easy to learn any language and it is definitely not easy to learn Irish but that does not mean it is not rewarding in numerous ways.

The proposal that a total of 20% of places in colleges of education be reserved for those educated through Irish or those who do well in the leaving certificate in Irish is an important development but a weighting or higher points should be given to examination subjects, including Irish that are more relevant for the tertiary courses being applied for by students. For instance, someone applying for a degree in languages should be afforded more points for Irish and other languages than someone who has taken science subjects primarily. Similarly, those applying for science degrees should gain more points for biology, physics and so on, than for less relevant subjects. This would steer students towards courses that would more reflect their academic strengths. The requirement to have Irish to gain entry to some colleges has denied some students the opportunity to explore and excel in their own chosen field of study.

The language has an important role in our culture and society. We need to give people the opportunity to embrace this culture and not attempt to force it on them.

Is breá an rud fáilte a chur roimh duine Gaeltachta eile le díospóireacht chomh tábhachtach leis seo. Tá mé fíor-bhuíoch de Cheannaire an Tí gur thoiligh sé go mbeadh an díospóireacht seo ann mar gheall ar iarratas ó Shinn Féin mar sílimid go bhfuil an t-ábhar seo fíor-thábhachtach. Tá beagán díoma orm a laghad Seanadóirí atá i láthair le haghaidh na díospóireachta anseo le cur leis agus a gcuid tuairimí a thabhairt ach sin scéal eile.

Fáiltím go ginearálta roimh chuid de na fógraí atá déanta ag an Aire Stáit agus níl mé ag iarraidh dul siar ar rudaí a dúirt daoine romham. Tá amhras orm go bhféadfaimis titim isteach i maoithneachas áirithe a bhaineann le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta mar, mar athair Ghaeltachta atá ag tógáil clainne trí Ghaeilge sa Ghaeltacht faoi láthair, tá ceisteanna fíor-thromchúiseach ag titim amach agus ba mhaith liom díriú ar chuid acu sin go príomha.

Bhí trácht ar TG4 agus Raidió na Gaeltachta faoin dul chun cinn atá déanta ó thaobh cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta agus gan amhras tá sin fíor ach téigh siar go dtí na clóis scoile sa Ghaeltacht faoi láthair agus cén teanga a chloisfear á labhairt idir na páistí? Cinnte, cloisfear an Ghaeilge ach cloisfear cuid mhaith Béarla. Tá an t-aos óg ag labhairt i mBéarla. Má théann duine isteach sna tithe, an mbeidh siad ag breathnú ar TG4 24 uair sa lá? Ní bheidh, beidh siad ag breathnú ar MTV, BBC agus ITV agus gach stáisiún eile chomh maith le TG4.

Tá an t-aos óg ag tréigean na teanga ar bhealach an-sciobtha, agus sin a léiríodh sa staidéar cuimsitheach teangeolaíochta a foilsíodh 2006. Is misnomer é an straitéis 20 bliain mar bhí sin bunaithe ar an staidéar a tháinig amach i 2006, a dúirt ag an am nach raibh againn ach 20 bliain leis an teanga a tharrtháil. Sin cúig bliana ó shin agus fágann sin nach bhfuil againn ach 15 bliain agus sin rud a chuireann imní orm ó thaobh na teanga; nach dtuigimid cé chomh práinneach agus atá na ceisteanna atá ann i láthair na huaire.

An príomh rud a choinneoidh daoine sa Ghaeltacht agus a choinneoidh an teanga beo ná go bhfuil daoine ina gcónaí sa Ghaeltacht agus fostaíocht ar fáil acu. Fáiltím go mór roimh an chinnteacht áirithe a chuir an tAire Stáit ar fáil an tseachtain seo caite maidir leis na fógraí a rinne sé le hÚdarás na Gaeltachta. Fáiltím go mór roimh an chead atá tugtha aige príomhfheidhmeannach a cheapadh mar i ndáiríre rinneadh scrios ar Údarás na Gaeltachta le cúig nó sé de bhlianta anuas faoin Rialtas deireanach. Bhain an Rialtas sin na bunanna d'Údarás na Gaeltachta mar gheall ar na ciorruithe scanrúla a rinne sé ar bhuiséad caipitil Údarás na Gaeltachta. Ní chreidim, áfach, go bhfuil an tAire Stáit in ann suí anseo ag maíomh as chomh maith atá an Rialtas ag déanamh ó thaobh na Gaeilge mar go bhfuil sé ag leanúint ar aghaidh leis an pholasaí dhíreach cheannann chéanna a bhí ag an Rialtas a chuaigh roimhe.

D'admhaigh an tAire Stáit féin go raibh sé tubaisteach an buiséad ó 2008 — €25.5 milliún — a ghearradh go dtí €6 milliún. Cad é a rinne sé faoi? D'fhan an tAire Stáit leis an bhuiséad céanna agus a bhí ag Rialtas Fhianna Fáil anuraidh. Bhí an buiséad a fuair Údarás na Gaeltachta anuraidh bunaithe ar go raibh an t-údarás féin in ann acmhainní dá chuid, scaranna i gcomhlachtaí a bhí aige agus monarchan a dhíol. Dá bhrí sin, bhí buiséad praiticiúil aige de €12 milliún. Anois, tá 7,000 post sa Ghaeltacht ag brath ar chomhlachtaí de chuid Údarás na Gaeltachta, 20% de na poist ar fad atá sa Ghaeltacht. Tá natural attrition ar fhostaíocht an t-am ar fad agus cailltear thart ar 1,000 post gach bliain. Leis an bhuiséad chuí, bhí Údarás na Gaeltachta ábalta poist nua a chruthú. An €6 milliún atá geallta ag an Rialtas dó, ní dhéanfaidh sin ach an méid fostaíochta agus na gealltanais atá tugtha acu do chomhlachtaí faoina scáth a choinneáil ag feidhmiú ach ar éigean. Le fostaíocht nua a chruthú, de réir na tuarascála de chuid Indecon a tháinig amach níos luaithe, teastaíonn €6 milliún sa bhreis ar an údarás. I ndáiríre €12 milliún de bhuiséad caipitil atá ag teastáil ag Údarás na Gaeltachta le gur féidir leis an leibhéal reatha fostaíochta sa Ghaeltacht a choinneáil; muna bhfaighidh sé an €12 milliún, titfidh an fhostaíocht bliain i ndiaidh bliana agus faoi 20 bliana ní bheidh fostaíocht le fáil sa bhaile agus dá bhrí sin, imeoidh daoine ar imirce agus ní bheidh an Ghaeilge á labhairt sa Ghaeltacht. Sin bun agus barr an scéil.

Fáiltim roimh an chinneadh a rinne an Rialtas na cúraimí fiontraíochta a choinneáil faoi scáth Údarás na Gaeltachta, an cinneadh ceart a bhí ann. An t-aon rud atá ag cur imní orm faoin méid a dúirt an tAire Stáit níos luaithe ná go bhféadfadh an tAire treoir a thabhairt don údarás díriú ar fhostaíocht faoi leith. Ba bhreá liom tuilleadh soiléiriú faoi sin ón Aire Stáit. Má tá sé i gceist aige gur féidir leis an údarás díriú ar réimsí eile seachas na réimsí atá aige faoi láthair agus leanúint leis an chuid reatha, tá mé go mór i bhfabhar sin ach má tá i gceist aige an t-údarás a chúngú isteach i dtreo cúrsaí cultúir, teanga agus pobailbhunaithe amháin bheinn an-amhrasach faoi sin agus na cúraimí eile a bhaineann le tionsclaíocht a thabhairt d'Enterprise Ireland agus an IDA. Céim ar gcúl a bheadh ann agus ba mhaith liom tuilleadh soiléiriú ar an cheist sin.

Tá eagraíocht iontach bunaithe faoi scath Údarás na Gaeltachta ar a dtugtar Ealaín na Gaeltachta. Tá obair iontach déanta ag an eagraíocht sin le roinnt blianta anuas le cúrsaí ealaín, idir dearc-ealaíona, drámaíocht, litríocht, dealbhóireacht agus na hiliomad rudaí ó thaobh na n-ealaíon de a chur chun cinn. Tá Ealaín na Gaeltachta ag fáil comhmhaoiniú ón gComhairle Ealaíon agus ón bhuiséad chaipitil atá ag Údarás na Gaeltachta. Anois, ós rud é go bhfuil an buiséad caipitil laghdaithe, cén tionchar a bheidh aige sin ar Ealaín na Gaeltachta? An mbeidh an maoiniú cuí le fáil faoi bhuiséad an údaráis le leanúint ar aghaidh leis an chomhmhaoiniú a chur ar fáil i gcomhairle leis an Chomhairle Ealaíon? Tá sé riachtanach go gcuirfí. In aimsir ghéarcheime, is túisce go ndéantar gearradh siar ar rudaí ar nós cultúir, teanga agus ealaíon. Is dearcadh gearr-radharcach é sin sa tír atá againn. Thóg sé 20 bliain an t-infrastruchtúr ealaíon atá sna Gaeltachtaí a chur ar aghaidh agus throideamar go láidir ar a shon sin. Níor mhaith go ndéanfai dóchar ar bith le haon ghearradh siar ar mhaoiniú don infrastruchtúr sin mar baineann sé leis an fhostaíocht agus an suim a bheadh ag daoine teacht chun cónaí a dhéanamh i gceantar Ghaeltachta, rud nach bhfuil éasca le déanamh mar go bhfuilimid scoite amach. Ba mhaith liom deimhniú a fháil go bhfuil an tacaíocht d'Ealaín na Gaeltachta slán faoi scáth Údarás na Gaeltachta.

Chomh maith leis sin, tháinig ceist aníos maidir le Taibhdhearc na Gaillimhe. Gheall an Roinn, sula raibh an tAire Stáit inti, €300,000 do Thaibhdhearc na Gaillimhe, amharclann náisiúnta na Gaeilge a bhfuil an stair ag baint leis i gcathair na Gaillimhe. Tharla tine roinnt blianta ó shin agus ar chúiseanna éagsúla tá géarghá ar an amharclann le hairgead breise chun athchóiriú a dhéanamh ar an amharclann. Tá sí dúnta le dha bliain anuas. Rinneadh gealltanas go dtabharfaí tacaíocht di agus tá tacaíocht le fáil go ceann sé bliana ón gcomhairle cathrach le tacú leis an obair agus ba mhaith liom deimhniú a fháil go bhfuil an Rialtas chun leanúint leis an mhaoiniú sin.

Tá beart ciniciúil á dhéanamh maidir le bord an údaráis. Aontaím leis an Seanadóir Ó Domhnaill sa mhéid a bhí sé ag rá maidir le comhdhéanamh bhord an údaráis, nach bhfuil sé daonlathach, beag nó mór, an t-athrú a rinneadh ar thoghchán Údarás na Gaeltachta. Shiúil daoine ó Bharna go Carna i gConamara agus ó cheantair eile le troid ar son údarás Gaeltachta. Siúlfaimid arís má bhaineann an Rialtas an daonlathas dínn. An t-aon dream a bhí ag tabhairt amach ar bhord an údaráis maidir leis na ciorruithe a bhí á ndéanamh le blianta beaga anuas ná na dreamanna ó na páirtithe beaga agus na néamhspleáigh. Bhí móramh ag an dream eile ar an mbord a chur cosc go minic le haon ghearán a dhéanamh leis an Stát nó leis an Rialtas maidir leis an dóigh go raibh siad ag caitheamh leis an údarás. An moladh atá á dhéanamh ag an Rialtas ná go mbeidh an bord laghdaithe go dtí thart ar 12 agus go mbeidh na comhairlí contae ag toghadh na daoine a bheidh ar an mbord. Tá seacht gceantar Gaeltachta againn timpeall na tíre agus dá bhrí sin bheadh seacht gceantar comhairle contae i gceist. As an seacht sin, má bhreathnaímid ar an chomhdhéanamh, tá móramh ag Fine Gael ar sé chinn acu agus móramh ag Fianna Fáil ar an gceann eile. Cá bhfágfaidh sé sin muid? An bhfuilimid a rá go n-ainmneofar daoine, cronyism eile, ó pháirtithe móra polaitiúla le leanúint le páirtithe an Rialtais nó na páirtithe móra le déanamh cinnte nach ndéanfar aon cháineadh nó gearán nó brú maidir le stádas Údarás na Gaeltachta. Ní bheidh aon ghlacadh leis sin mar níl sé ceart agus níl sé cóir.

Má thógaimid gurbh ó na comhairlí contae a bpiocfar daoine le dul ar bhord Údarás na Gaeltachta, an chiall atá leis sin ná go mbeidh daoine as Bun Dobhráin, Port Omna, Cill Airne agus Cionn tSáile ag déanamh cinnidh maidir le cé bheidh ar bhord Údarás na Gaeltachta. Níl aon locht agam ar dhaoine ó na ceantair sin ach níl siad i gceantair Ghaeltachta agus níl mórán cúraim acu ar na ceantair sin mar níl siad ag maireachtáil iontu agus ní thuigeann siad na riachtanais atá againn. Tá sé tábhachtach go mbeadh an dream a bheadh ar bhord Údarás tofa agus tofa ag muintir na Gaeltachta féin. Tá an guth sin againn mar cheart agus ní cheart do rialtas ar bith a bheith ag iarraidh sin a bhaint dínn.

Cuirim fáilte roimh an méid atá ráite agus roimh an dul chun cinn atá á dhéanamh maidir leis na coistí idir-rannach agus an t-aonad straitéise, ach arís, tá práinn leis an obair seo. Tá a fhios agam go dtuigeann an tAire Stáit é sin. Caithfear dlús a chur leis. Ba bhreá liom tuilleadh ama a bheith agam le caitheamh ar chúrsaí oideachais, na scéimeanna éagsúla atá faoi bhrú agus mar sin de.

Ba mhaith liom tagairt a dhéanamh don gcoimisinéir teanga. Tá cuid mhaith cainte déanta maidir le cur chun cinn na Gaeilge sna Ranna Stáit. Tá coiste idir-rannach bunaithe cheana féin ach cén teanga a mbíonn á labhairt ag an gcoiste sin? An mbíonn an coiste ag feidhmniú trí Ghaeilge nó trí Bhéarla? Maidir leis an cháineadh géar a rinne an coimisinéir teanga ar iompar na Ranna Stáit ar fad beagnach maidir le cur chun cinn Acht na dTeangacha Oifigiúla, céard atá an tAire Stáit chun a dhéanamh faoi sin? Fiú na bun seirbhísí maidir le freagairt guthán, páipéarachas sanchlóite, comharthaíocht agus mar sin de, bhí faillí á dhéanamh ag cuid mhór de na Ranna Stáít i leith a gcuid dualgais reachtúla i leith Acht na dTeangacha Oifigiúla agus is mór an náire do na Ranna sin é sin. Caithfear díriú ar sin.

Tá clabhsúr á chur liom. Má bhíonn am fágtha ag deireadh na díospóireachta, níor mhiste liom a theacht isteach arís le cúpla focal eile.

Does Senator Cáit Keane wish to share her time?

I wish to give one minute of my time to an Seanadóir Terry Brennan.

Táimid ag caint inniu faoin straitéis tábhachtach seo, an straitéis 20 bliain, agus an straitéis trí bliana chun an obair a dhéanamh agus an straitéis a chur i bhfeidhm. Aithnítear go hidirnáisiúnta an fiúntas a bhaineann le héagsúlacht theangeolaíoch. Caithfear, mar sin, teangacha cosúil leis an nGaeilge a chosaint chun éagsúlacht cultúir a choinneáil ar fud an domhain. Sin a dhéanann an straitéis 20 bliain don Ghaeilge.

Tá an seanfhocal, "Tír gan teanga, tír gan anam" ar eolas ag gach duine agus is fíor é. Rinneadh mórán chun dul chun cinn a dhéanamh ar an straitéis le déanaí agus tá moladh tuillte ag an Aire Stáit. Cuirim fáilte roimhe anseo inniu. Tá mórán ráite faoi agus tá moladh tuillte aige de bharr na ráitis a bheith anseo inniu agus de bharr an-obair a dhéanamh agus an straitéis a chur chun cinn.

Is í aidhm an pholasaí i leith na Gaeilge ná úsáid agus eolas ar an nGaeilge a mhéadú mar theanga phobail ar bhonn céimiúil agus is é príomh fócas na straitéise ná seasamh na Gaeilge sa chóras oideachais a neartú. Tá an-tábhacht leis an Ghaeilge mar theanga bheo a chur ar aghaidh laistigh den teaghlach agus idir na glúine. Tá a fhios againn go léir gurbh é an rud is tábhachtaí na implementation plean nó an tréimhse fheidhmiúcháin. Dúirt an Seanadóir Marie Louise O'Donnell níos luaithe: "Because we give something language does not mean it is going to happen." Is fíor sin. Cuirim fáilte roimh an méid atá ráite ag an Aire Stáit: "Fágann na cinntí Rialtais seo go mbainfear leas as na struchtúir atá ann faoi láthair chun an straitéis a sheachadadh agus chun go mbeidh deighilt shoiléír idir na feidhmeanna atá ag na príomhpháirtithe leasmhara maidir le cur i bhfeidhm na straitéise laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht." D'éist mé leis an Aire Stáit agus luaigh sé na grúpaí éagsúla atá bunaithe aige. Cuirim fíor fháilte rompu. Dúirt duine éigin go bhfuil an tAire Oideachais agus Scileanna mar bhall de cheann de na grúpaí sin agus tá sin fíor thábhachtachh. Is í an straitéis fiche bliain an plean aislingeach do thodhchaí ár dteanga dhúchais agus tá sí lárnach le bhéim a chur ar chothú agus ar fhorbairt na teanga ar fud na tíre. Ar ndóigh, tá an bhéim seo an-thábhachtach, mar tá sí riachtanach go bhfuil an teanga á fhorbairt thar theorainneacha tíreolaíochta traidisiúnta.

Níl an teanga agamsa ó dhúchas, mar is as an Galltacht mé agus athróidh mé go Béarla anois.

"The value of linguistic diversity is recognised internationally and safeguarding languages such as Irish is thus a crucial task in maintaining cultural diversity worldwide". That is part of the process of the strategy as outlined. The commitment of this and previous Governments to focus on changing the Irish curriculum in our schools is designed to ensure more emphasis will be placed on spoken Irish, as well as the written language. In 2010, 62% and 78%, respectively, of males and females who took the honours paper in the leaving certificate received a grade C. That is to be welcomed because it is a good grade. The Government proposes to allocate 50% of the overall marks to the oral exam in the leaving certificate, which I welcome as it is a good recommendation. The goal to double the number of speakers of the Irish language by 2018 is welcome.

Labhair duine éigin faoin siollabas atá ann faoi láthair. The proposed two strand approach to the teaching of the Irish language is good and this can be done by creating two subjects out of the current syllabus — the Irish language and Irish literature and culture. This proposal is included in the programme for Government and I would like to see it implemented.

Maidir leis na múinteoirí, is maith an moladh é iad a chur chuig na Gaeltachtaí chun cuid dá gcuid oiliúna a dhéanamh ansin. Molaim sin. Tá a lán ráite faoi na gaelscoileanna agus chonaic mé an tAire Oideachais agus Scileanna anseo cúpla nóiméad ó shin.

We have seen an upsurge in the number of gaelscoileanna, which is most welcome in the promotion of the Irish language. However, there is a fear among a great many involved in gaelscoileanna about the proposed criteria to be met in setting up a school. While the proposals may be welcome in setting up primary schools to cater for diversity, Irish language bodies such as An Foras Pátrúnachta, Gaelscoileanna Teo, Conradh na Gaeilge and Guth na Gaeltachta have outlined the difficulties that will arise for minority schools such as gaelscoileanna if new schools are to be established on the basis of surveys and recommendations because the preference of the majority will be to attend an English speaking school. That aspect of the matter should be looked at again. I ask the Minister for Education and Skills to include the position of the Irish language bodies which have spoken out in the foreward to his report on the Commission on School Accommodation in order that their position will not be under threat. The linguistic criterion and geographical location must be taken into account.

I support the proposed initiative on job creation and Údarás na Gaeltachta. Tá sé an tábhachtach go mbeidh jabanna sna Gaeltachtaí, mar is Gaeltacht marbh í Gaeltacht gan jabanna.

Tá slaghdán trom orm. Tá brón orm nach bhfuil mo theanga féin chomh líofa agam anois agus a raibh sí fadó, ach táim ag déanamh iarrachta gach lá gur féidir liom í a chleachtadh agus an cúpla focal atá agam a thabhairt do dhaoine eile. Dúirt múinteoir liom an bhliain seo caite go raibh ár dteanga ag fáil bháis. Dúirt an Seanadóir Jim Darcy an rud céanna. Ba phríomhoide ón scoil náisiúnta i mo cheantar féin a dúirt sin liom. Bhí mé ar buile agus d'fhiafraigh mé de cad a bhí á dhéanamh aige faoi sin. Dúirt sé liom nach raibh faic á dhéanamh aige faoi. Tá an fear sin imithe as a phost anois; ní raibh sé chomh hóg liom féin. Mar ceann de na Seanadóirí is óige san áit seo, tá mé ag iarraidh mo theanga féin a thabhairt do mo leanaí óga. Tá rud éigin le déanamh againn go léir chun ár dteanga féin a chur chun cinn. Tá fáinne airgid agamsa ach bíonn áthas an domhain orm nuair a fheicim duine le fáinne óir. B'fhéidir, I do not deserve to have a fáinne airgid.

Chuala mé cúpla focal inniu ag fágail stáisiúin peitril. Labhair fear liom agus cé nach raibh ach cúpla focal aige bhí áthas air iad a úsáid. Tá rud mór le déanamh againn go léir chun ár dteanga féin a chur chun cinn. We could consider the possibility of having something like, for example, a daffodil indicating that the wearer has a few words of Irish. This could be sold for €5 or €10 and might encourage people. While I am not trying to make little of the fáinne óir or the fáinne airgid, it would be something that would demonstrate that the wearer has a few words of Irish.

As Acting Chairman, I take the opportunity to congratulate and welcome the Minister of State, Deputy McGinley, to the Seanad. I know John McGeady, or "John the Fiver", would be very proud to see him in his ministerial position today.

Ba mhaith liom féin fáilte a chur roimh an Aire Stáit as teacht go dtí an tSeanad inniu. Níl aon amhras ach go gcuirfidh sé an Ghaeilge agus na ceantair Gaeltachta chun cinn i rith a théarma.

Bhunaigh an Rialtas deiridh, ina raibh mé féin páirteach, an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Tá an straitéis sin bunaithe ar thaighde agus ar thuairimí mhuintir na Gaeilge agus na Gaeltachta. Tá aidhmeanna ag an straitéis a bhaineann le hoideachas. Deir an straitéis go bhfuil sé an-thábhachtach caighdeán Gaeilge a chur chun cinn ins na coláistí oideachais agus caighdeán Gaeilge na múinteoirí agus na ndaltaí a chur chun cinn chomh maith le hinfheistíocht Rialtais. Caithfear forbairt a dhéanamh maidir le cúrsaí tríú leibhéal trí Ghaeilge.

Bíonn a lán daoine ag plé leis an teanga labhartha, agus tá sin an-tábhachtach ar fad. Ach ní féidir dearmad a dhéanamh ar an teanga scríofa agus ar an litríocht atá againn sa Ghaeilge. Má dhéanann duine léamh nó staidéar ar litríocht álainn na Gaeilge tiocfaidh feabhas ar a chuid Gaeilge labhartha agus ar a stór focal. Ní féidir an litríocht a chaitheamh sa bhosca bruscair agus í a maslú. Tá sé tábhachtach go gcoimeádtar béim ar an litriocht freisin.

Caithfimid an Ghaeltacht a shábháil. Sin an géarchéim láithreach atá againn maidir leis an nGaeilge. Má tá spéis againn sa teanga, inár gcultúr agus inár dtír féin, déanfaidh an tír go léir iarracht an Ghaeltacht a caomhnú.

I rith an olltoghcháin, bhí ionadh an domhain orm go raibh stádas na Gaeilge agus na Gaeltachta i mbéal an phobail i gceantair áirithe. Ní raibh a lán daoine ró-shásta leis an moladh go scriosfar an Ghaeilge mar ábhar éigeantach san ard-teistiméireacht. Freisin, bhí a lán spéise in áiteanna i mo dháilcheantar féin maidir leis na gaelscoileanna, go háirithe i Rath Tó, i nDún Seachlainn, i gCill Dheagláin, i nDún Búinne agus i gCeannanas Mór in oirthear na Mí. Taobh amuigh des na Gaeltachtaí tá ról rí-thábhachtach ag na gaelscoileanna i gcur chun cinn na Gaeilge. Caithfear béim an-láidir a leagan orthu.

Maidir le heacnamaíocht na Gaeilge agus le heacnamaíocht Údarás na Gaeltachta, caithfimid béim a chur ar an tábhacht atá ag an údarás. Tá beagnach billiún euro de dhíoláchán ag na comhlachtaí Gaeltachta atá faoi bhun an údaráis. Tá tuarastail iomlán €250 milliún á íoc do dhaoine atá ag obair ins na gnóthaí sin agus íocann na gnóthaí €75 milliún de cháin. Rud suntasach eile, tá beagnach leath des na comhlachtaí atá faoi bhun an údaráis páirteach i dtaighde agus i bhforbairt — research and development. Tá Údarás na Gaeltachta an-tábhachtach. Tá sé náireach go bhfuilimid ag tógáil an bhunúis dhaonlathach atá ag Údarás na Gaeltachta agus á sciobadh ó phobal na Gaeltachta. Aontaím leis an Seanadóir Ó Clochartaigh. Tá Gaeltacht an-bheag i gContae na Mí. Níl aon chomhairleoir contae i gContae na Mí ina chónaí i Rath Chairn nó i mBaile Ghib ach beidh an cinneadh le déanamh ag comhairleoirí contae ansin. Ba cheart go ndéanfar an cinneadh ag na daoine atá ina gcónaí sna ceantair Ghaeltachta. Má táthar ag caint faoi "cronyism" nó faoi cheapacáin ar bhoird Stáit níl sé ceart an daonlathas a thógáil ón t-aon bhord Stáit atá daonlathach. Impím ar an Aire ath-chóiriú a dhéanamh ar an gcinneadh sin. B'fhéidir go n-athróidh an t-Aire Stáit a intinn maidir leis sin.

Tá a fhios agam go bhfuil an t-Aire Stáit chun iarracht an-mhór a dhéanamh. Má táim á cháineadh beagán inniu, níl mé á cháineadh go ro-dhona. B'fhéidir go n-éistfidh sé leis na pointí atá déanta agam.

Díospóireach fíor-thábhachtach an díospóireacht seo. Is cuid dár saibhreas cultúrtha í an Ghaeilge agus ní mór do gach Seanadóir a chuid a dhéanamh chun an teanga a chaomhnú. I mo chontae féin, i bPort Láirge, tá Gaeltacht na Rinne agus is mór an tairbh a bhaineann pobal an chontae ar fad as, ó thaobh an chultúir, an teanga agus na turasóireachta de.

I welcome the Minister of State to the House. It is important for us to have a discussion on the future of the Irish language and the 20 year strategy. The Irish language is very important in terms of our rich cultural and heritage past and for the future of the country. Earlier in the week we had a discussion on the potential of tourism and the need to promote tourism in the State. The Minister of State would agree that the Irish language and the Gaeltacht represent an attraction for many visitors. I can certainly speak on behalf of the people in Gaeltacht na Rinne, Contae Phort Láirge, who have benefited greatly in terms of the lift to tourism.

All people, including elected public representatives, have a responsibility to promote and use the language when they can. I support Senator Ó Murchú's point that people should be encouraged to use whatever we have. In County Waterford the Gaeltacht makes an immense contribution to the entire county, but especially to west Waterford in cultural, tourism and language terms. I have made some good friends here in the Seanad, one of whom is Senator Darcy. I invite the Senator to come to the Gaeltacht in An Rinn, where I have no doubt he will have no difficulty in finding a bed and will not need to sleep in a bath. He would be very welcome and I would love the have the opportunity to show him beautiful An Rinn and west Waterford if he wishes to take up the invitation.

As a hurling man, I can say that Sinn Féin has no intention of using this issue as a political football. However, there are real political issues that need to be addressed in the context of the future of the language. I am sure the Minister of State would also welcome a frank and robust discussion on the future of the language. This is an important debate in examining the best path forward for the language and to ensure we do not make the mistakes of the past. Many Gaelgoirí who want to play their part in promoting the language and those in communities, about which Senator Ó Murchú spoke, talk about the fact that for too long the State has paid lip service to the Irish language, which is something we need to consign to the past. A number of previous speakers spoke about the educational system and that so many children — there were some in the Visitors' Gallery earlier — come through the educational system without the ability to speak our national language. I am one of those, a product of that system. Thankfully, my son who is four is going to a naíonra and will go to a gaelscoil, which will mean he will have a better opportunity than I had. Every school should be a gaelscoil essentially and every child should have the same opportunity to learn, appreciate and love the language as we ought to.

I will comment on some of my concerns about the Government's strategy. Senator Ó Clochartaigh spoke about elections to the board of Údarás na Gaeltachta. The Minister praised the contribution by the 17 elected members of Údarás na Gaeltachta to date, which is very welcome. The question was posed as to whether the election process is the best way to ensure proper representation. The election of people who live in Gaeltachtaí is the best way to ensure proper representation in Údarás na Gaeltachta. I fail to see how appointing people can work. If people in Passage in east Waterford, whom I have nothing against, had a say in who should represent the people of the Gaeltacht in that county, it would not be right, nor would it be right if people outside Waterford had a say in who should represent the Gaeltacht in Waterford. The fairest and best way to ensure proper representation is to have direct elections in which the people of the Gaeltachtaí are afforded an opportunity to vote.

The Minister will be aware that there is much talk about the abolition of this House and, potentially, the merging of local authorities and a reduction in the number of Teachtaí Dála. The proposals for Údarás na Gaeltachta are regarded as part of the proposals for stripping away democratic power at local level. I pay tribute to the person from County Waterford who is directly elected to Údarás na Gaeltachta. That person does a fantastic job advocating on behalf of the people of the Gaeltacht. If we acknowledge this, as the Minister has done, we should not try to fix something that is not broken. I refer in particular to the election process.

I am concerned about proposals in respect of the enterprise functions of Údarás na Gaeltachta and about the role of Enterprise Ireland. If the people who are responsible for creating jobs have no connection with the Gaeltacht, they are unlikely to give it sufficient priority. The Minister of State should consider this. Those responsible for creating jobs in the Gaeltachtaí need to understand the value of the language, not just culturally but in business terms. They should have the ability to market the Irish language. We spoke about this previously in terms of business and tourism.

I ask Senators to support the efforts of my party to secure proper legislation for the Irish language in the North. As Senators will know, some resist our efforts in the North and trivialise them at times. We are trying to establish an Irish language Act in the Northern Assembly and I hope our effort will have cross-party support in this House. I support the work of the former Minister of Education in the North and the new Minister of Culture, Arts and Leisure, Carál Ní Chuilín of Sinn Féin. I hope there will be continual engagement between the latter and the Minister of State at the Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht, Deputy McGinley. I hope there is cross-party support in this House to ensure citizens who live in the North, who regard themselves as Irish and value the Irish language as much as we do, will have the same rights and opportunities as people in this State.

Senator Martin McAleese, who made his maiden speech today, spoke about the need for further cross-Border co-operation. Where we can work together, we should. Promotion of the Irish language is certainly such an area, and I appeal to the Minister of State to do what he can in that regard. I thank him for coming to the House and for his contribution. I hope he will take on board some of the constructive criticisms of the 20 year strategy, as raised by me and Senator Ó Clochartaigh.

Tá áthas orm go bhfuil mé in am don díospóireacht seo. I dtosach báire, ba mhaith liom fáilte a chur roimh an Aire Stáit. Is iontach an rud é go bhfuil an dualgas seo, dualgas cur chun cinn na Gaeilge sna Gaeltachtaí agus sa Ghalltacht, curtha air go háirithe, mar is cinnte gur duine é an tAire Stáit leis an cur chuige agus an cumas lena chuid dualgas a chomhlíonadh, go háirithe ag am deacair mar seo nuair atá ganntanas acmhainní agus go leor eile.

Níl sé i bhfad ó labhair muid faoin straitéis 20 bliain don Ghaeilge anseo sa Seanad. Mar sin, nílim chun mórán a rá faoin straitéis féin sna cúpla nóiméad atá agam. Ba bhreá liom an méid seo a rá áfach. De réir an staidéir agus an taighde teangeolaíoch atá déanta ag Acadamh na hOllscolaíochta thar ceann an Rialtas deiridh, is maith an rud é agus is fíor thábhachtach é an dul chun cinn nua nó an treorú nua atá ag an Rialtas agus ag an straitéis i leith cur chun cinn na Gaeilge, ní ar leibhéal tír eolaíoch ach ar leibhéil teangeolaíoch de. Amach anseo beidh trí leibhéil de Ghaeltacht ann. An leibhéal is láidre a bheidh ann ná áit ina mbeidh daoine a labhraíonn Gaeilge go laethúil agus go rialta agus ina bhfuil institiúdí láidre Gaeilge, ag feidhmiú trí Ghaeilge, lonnaithe ann le go mbeidh seirbhísí ar fáil. Ach tá sé an-tábhachtach nach mbeidh daoine sa limistéar Gaeltachta sin agus gur cuma má tá Gaeilge á labhairt acu nó nach bhfuil. Caithfidh an Ghaeltacht a bheith bunaithe ar phobal atá toilteanach, ní hamháin Gaeilge a labhairt ach an Ghaeilge a chur chun cinn. Sin atá i gceist agam nuair a deirim go gcaithfear an t-aitheantas a thabhairt don Ghaeilge ar bhonn teangeolaíoch.

Tá sé fíor-thábhachtach go dtugaimid an tacaíocht d'áiteanna sa Ghaeltacht ina bhfuil an Ghaeilge láidir chun an stádas sin a choimeád agus a dhaingniú, cur i gcás in áiteanna mar Leitir Mór, áit ina bhfuil an Ghaeilge an-láidir, nó níos láidre ná in aon áit eile. Tá áiteanna eile, agus tá a fhios seo ag an Seanadóir Ó Clochartaigh, nach bhfuil an mhéid chéanna Gaeilge á labhairt iontu, cur i gcás Na Forbacha. Níl a fhios agam cén céatadán de dhaoine ansin a labhraíonn Gaeilge, b'fhéidir 30%. Cad atáimid chun a dhéanamh chun an rogha a thabhairt do na pobail sin a shocrú an bhfuil siad le bheith sa Ghaeltacht nó nach bhfuil. Má tá daoine chun roghnú a dhéanamh i bhfábhar na Gaeilge agus i bhfábhar an Ghaeilge a bheith beo sna pobail sin, caithfear an tacaíocht agus na hacmhainní a chur ar fáil dóibh.

Ar an ábhar sin, tá sé fíor-thábhachtach go leanfaidh ról Údarás na Gaeltachta i gcúrsaí fostaíochta, agus táim sásta gur mar sin a bheidh sé. Más buan mo chuimhne, labhair an Rialtas deireanach faoi Údarás na Gaeltachta agus na Gaeilge, ach ní shin an t-ainm a bheidh air. Is maith an rud é go bhfuil dualgas ar leith i leith na teanga ag an údarás agus go bhfuil sin aitheanta. Riamh anall chuir Údarás na Gaeltachta maoin ar fáil, cur i gcás nuair a chabhraigh sé le TG4 agus mar sin de. Ceisteanna fostaíochta a bhí i gceist agus chuir siad acmhainní le haghaidh traenála agus mar sin de ar fáil. Dar ndóigh, bhí ceist na teanga laistiar de sin sa chúlra. Tá sé tábhachtach go mbeidh ról ar leith don teanga i measc na dualgais atá ar Údarás na Gaeltachta, ach caithfidh an nasc le fostaíocht a bheith ann. Má tá daoine ag dul isteach go Gaillimh gach lá, ag labhairt Gaeilge sa bhaile agus ag labhairt Béarla don chuid is mó i nGaillimh, beidh sé an-deacair ar na daoine sin teacht ar ais agus bheith ag labhairt Gaeilge sa bhaile. Ní mar sin a chaomhnítear an Ghaeltacht mar áit ina bhfuil Gaeilge labhartha. Sin an fáth go bhfuil cúrsaí fostaíochta chomh tábhachtach. Tá sé fíor-thábhachtach go mbeidh ról ag Údarás na Gaeltachta chun fostaíocht a chur ar fáil sa Ghaeltacht agus go mbeidh an ról sin leanúnach agus daingnithe. Tá sé tábhachtach go mbeidh fostaíocht sa Ghaeltacht má tá an teanga le bheith beo. Ba bhreá liom ceist eile a chur maidir le Foras na Gaeilge. Chun an fhírinne a rá, ní saineolaí mé. Tuigim go bhfuil Foras na Gaeilge bunaithe ar Chomhaontú Aoine an Chéasta, ó 1998. Tá sé sin fíor-thábhachtach. Tá a fhios agam go dtacaíonn Sinn Féin go mór le Foras na Gaeilge. Tá mo chairde ón bpairtí sin in aice liom. Tá daoine ann i gcomhluadar na Gaeilge a chuireann ceisteanna faoi éifeacht an fhorais. Faigheann Foras na Gaeilge na milliúin euro go bliantúil. B'fhéidir go raibh €20 milliún á chaitheamh acu ag am amháin. Níl an figiúr is deireanaí agam. Is é seo an áit chun na ceisteanna seo a ardú. Níl mé ag rá go bhfuil na freagraí agam. Nuair a bhíodh €20 milliún ag Foras na Gaeilge, mar eagraíocht maoinithe do heagraíochtaí eile, cuireadh b'fhéidir €8 milliún ar fáil dos na heagraíochtaí Gaeilge. Tá sé sin ceart go leor, ach céard a tharla don chuid eile den airgead? An raibh aon phleanáil cheart déanta? An ndearnadh aon rud mór leis an airgead sin? An bhfuil Foras na Gaeilge éifeachtach? B'fhéidir go bhfuil daoine ann a déarfaidh go bhfuil. Más é sin an freagra, glacaim leis. Ba bhreá liom ionadaíocht a dhéanamh dóibh siúd a chaitheann a saol ag obair ar son na Gaeilge agus a chuireann ceisteanna mar seo. B'fhiú na ceisteanna a fhreagairt, b'fhéidir, nó díospóireacht eile a bheith againn. Táimid ag feidhmiú gan na hacmhainní céanna a bhí againn. Tá sé níos tábhachtaí ná riamh go n-úsáidfí i gceart cibé acmhainní atá ar fáil chun an Ghaeilge a chur chun cinn agus go mbeadh an pleanáil cheart á dhéanamh. Tá an cheist á ardú agam — is é sin an méid.

Ba mhaith liom labhairt faoi rudaí eile a ritheann liom i gcónaí. Ní féidir díospóireacht faoi chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta a bheith againn gan a rá arís go bhfuil sé tábhachtach an Ghaeilge a fhorbairt, cibé áit ina bhfuil sí á labhairt. Caithfimid deis a thabhairt do dhaoine sna háiteanna ina bhfuil an teanga níos laige í a chur chun cinn. Má tá sé sin le bheith déanta i gceart, caithfear daoine a bheith fostaithe sa Státseirbhís a bhfuil na scileanna cuí acu don phlean teanga. Ní féidir na hathruithe atá riachtanach a dhéanamh muna bhfuil saineolas laistigh den Rialtas, go háirithe an Rialtas buan, ag daoine le scileanna, an cur chuige ceart agus eolas faoin chaoi inar féidir an pobal a oiliúnt sa chóras pleanála don Ghaeilge. Ba chóir go mbeadh saineolas i measc an phobail maidir le pleanáil teanga. Ba cheart go mbeadh go leor daoine laistigh den Rialtas agus an Státseirbhís in ann déileáil le pobal na Gaeilge chun an obair fhiúntach seo a chur i gcrích.

Maidir le cúrsaí oideachais, tá go leor daoine ag caint faoi na hathruithe tábhachtacha sa siollabas. Ba bhreá liom go dtiocfadh an lá ina mbeadh an Ghaeilge riachtanach i gcónaí sna scoileanna. Níl aon phoblacht cheart, i mo thuairim, muna bhfuil sí riachtanach. Aontaím gur chóir dúinn an siollabas a athrú ionas go mbeidh níos mó béime ar Ghaeilge labhartha agus cúrsaí téipe, srl., mar a bhí ann i gcónaí ó thaobh na Fraincise agus dteangacha eile sna meánscoileanna de. Deirtear go dtarlóidh sé i 2012, nuair a thabharfar 50% de na marcanna don Ghaeilge cliste labhartha. Ní leor é sin a dhéanamh muna bhfuil ardú sa chaighdeán ag an am céanna. Is féidir le daoine marcanna níos airde a fháil, ach ní hionann é sin agus a rá go bhfuil caighdeán níos fearr ann. Caithfimid díriú isteach ar chaighdeán múineadh na Gaeilge sna scoileanna. Má táimid chun an cheist chonspóideach sin a ardú, caithfimid díriú isteach ar na hacmhainní agus na riachtanais atá in áit do dhaoine atá ag foghlaim na Gaeilge agus ag cur snas ar a gcuid Geailge sna hinstitiúidí triú leibhéal sar a théann siad amach ag múineadh na Gaeilge. Cén fáth, mar shampla, nach bhfuil sé riachtanach d'fhoghlaimeoirí múineadh na Gaeilge dul go dtí an Ghaeltacht sa samhradh? Is cuimhin liom nuair a rinne mé iarchéim san iriseoireacht, bhí orm a chinntiú go raibh mé in ann 40 focal a chlóscríobh in aghaidh an nóiméid. Bhí orm an riachtanas sin a chomhlíonadh sar a nglacfaí liom ar an gcúrsa sin. Sa chaoi céanna, má tá daoine ag iarraidh an Ghaeilge a múineadh sna scoileanna, caithfidh rudaí áirithe, seachas siollabas an institiúid tríú leibhéal, a bheith riachtanach. Mar shampla, ba cheart go mbeadh sé de dhualgas orthu dul go dtí an Ghaeltacht go rialta le feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge.

Mar fhocal deiridh, bhí tráth ann nuair a bhí beagnach gach duine sa Roinn Oideachais, mar a bhí, in ann gnóthaí a dhéanamh le daoine trí Ghaeilge. Athraíodh na rialacha 30 bliain ó shin nó níos mó. Sa lá atá inniu ann, b'fhéidir go bhfuil 3% dos na daoine in ann seirbhísí a chur ar fáil agus gnó a dhéanamh trí Ghaeilge. Tá a fhios agam is go teoiriciúil atáimid ag caint faoi earcaíocht anois, toisc na fadhbanna atá ann. Nuair a thagann an lá arís ina mbeimid ag earcú don Státseirbhís agus don tseirbhís phoiblí, bíodh an Ghaeilge riachtanach i measc na riachtanais eile. Bhí sean-nath ann, "all things being equal, the Fianna Fáil man gets the job". Ní bhéinn ag moladh sin, ach "all things being equal, the man nó woman le Gaeilge should get the job", a fhad is go bhfuil na caighdeáin agus na cáilíochtaí eile acu. Is sa chaoi sin a dhaingnítear todhchaí na Gaeilge. Ba chóir go mbeadh a fhios ag daoine má chuireann siad ceist trí Ghaeilge, nach confusion a bheidh ann ach go gheobhaidh siad freagra cuimsitheach trí Ghaeilge. Tá brón orm gur chuaigh mé thar fóir leis an am.

Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an 11 Seanadóir a ghlac páirt sa díospóireacht seo. Cuireann sé áthas orm go bhfuil an oiread sin suim ag na Seanadóirí san ábhar seo. De ghnáth, bíonn Seanadóirí ag tabhairt aghaidh ar a gcuid bailte, pé áit in Éirinn ina bhfuil siad, tráthnóna Déardaoin. Níor tharla sé sin inniu, áfach. Léiríonn sé sin an suim atá ag an Seanad san ábhar atá á phlé againn. D'éist mé le Seanadóirí ó gach taobh den Teach — ón Seanadóir Ó Murchú go dtí an Seanadóir Ó Maoláin — ag labhairt faoi cheist na Gaeilge agus, go mórmhór, faoi chur chun cinn na straitéise. Tháinig bá na Seanadóirí don teanga tríd. Léirigh siad dea-thoil agus dea-mhéin i leith na Gaeilge. Thaispeáin siad go bhfuil siad deimhneach, seachas diúltach, maidir leis an ábhar seo. Cuireann sé sin áthas orm. Nuair a thoghadh mé mar Bhall an Oireachtais don chéad uair, blianta fada ó shin, bhí me i gcónaí den bharúil go raibh an teanga luachmhar. Sílim fós gur chuid d'ár gcultúr agus dúinn féin í an Ghaeilge. Ba mhór an trua é dá mbeimid deighilte ró-mhinic maidir le cur chun cinn na teanga. Tá lúcháir orm go bhfuil aontacht anseo maidir leis an straitéis agus conas í a chur i láthair.

Dúirt an Seanadóir Ó Clochartaigh, a thagann ón Ghaeltacht, go bhfeiceann sé an meath atá ag teacht ar an nGaeilge ina cheantar Ghaeltachta fhéin. Tá mé i mo chónaí sa Ghaeltacht chomh maith — ó thuaidh — agus feicim an meath céanna. Is dócha gurb é sin ceann de na fáthanna go bhfuil straitéis 20 bliain againn. Chuir an t-eolas a tháinig as an tsuirbhé teangeolaíoch alltacht orainn go léir. De réir an tsuirbhé, muna ndéantar rud éigin cinnte agus deimhneach gan mhoill, b'fhéidir nach mbeidh cainteoir dúchais ar bith sa tír faoi cheann 20 bliain. Buille marfach a bheadh ann. Ní hionann sin agus a rá nach mairfeadh an Ghaeilge. Mairfidh an Ghaeilge os rud é go bhfuil gaelscoileanna, srl., ar fud na tíre. Má bhristear an nasc atá sa Ghaeltacht — an slabhra a théann siar chomh fada agus a théann an teanga fhéin — céim ar gcúl mhór a bheadh ann. Tá sé iontach tábhachtach go mbeidh cainteorí dúchais againn. Bhí Laidin againn uilig a chuaigh ar scoil le linn m'óige. Bhí uncail an Chathaoirleach Ghníomhacha, Seanadóir Wilson, ina mhúinteoir iontach Laidine agus Ghréigise. D'fhoglaimíomar uilig an Laidin don ardteistiméireacht agus, b'fhéidir san ollscoil. Ní fhéadfadh a rá gur teanga bheo a bhí ann. Má bhristear an nasc sa Ghaeltacht agus má chailltear an teanga i measc na cainteoirí dúchais, d'fhéadfadh an Ghaeilge a bheith ar nós na Laidine. Tá mé dóchasach nach dtarlóidh sé sin. Tá an dea-mhéin ann agus tá an straitéis sin chun tabhairt faoin cheist sin.

Ní rachaidh mé tríd na rudaí a dúirt gach cainteoir ach ba mhaith liom díriú isteach ar théamaí. Bhí an straitéis aontaithe ach nuair a rinne an Rialtas cinneadh agus nuair a scrúdaíodh an straitéis seo, chuireamar roinnt athruithe uirthi mar tá sé inghlactha go mbeadh an Rialtas ábalta amharc thart agus déanamh amach cad é an dóigh le dul ar aghaidh agus cad iad na rudaí atá indéanta. Moladh sa straitéis go mbeadh ról ag Údarás na Gaeltachta, ní hamháin sa Ghaeltacht féin ach ar fud na tíre. I ndiaidh dó an cheist a phle, d'aontaigh an Rialtas nach rachaimis ar aghaidh ar an dóigh sin, go bhfágaimis Údarás na Gaeltachta ag plé leis an straitéis sa Ghaeltacht chomh maith leis na freagrachtaí fiontraíochta agus fostaíochta, cultúir agus teanga atá air agus go mbeadh ról lárnach ag an Roinn féin ag cur na straitéise chun cinn, leis an údarás á dhéanamh sa Ghaeltacht, go mbeimis in ann díriú isteach ar Fhoras na Gaeilge agus Ranna eile.

Tá Foras na Gaeilge ó Thuaidh agus ó Theas agus luadh go bhfuil Aire úr ansin, an tAire Carál Ní Chuilín, agus tá súil agam go mbeidh deis agam bualadh leis an Aire úr gan mhoill. Beidh sí i mBaile Átha Cliath amárach agus beidh cruinniú ag an Chomhaireacht Thuaidh-Theas taobh istigh de cúpla seachtain agus tá mé cinnte agus dóchasach go mbeidh a tacaíocht le fáil mar tá an aidhm chéanna aicise agus atá againne — an teanga a choinneáil beo, an Ghaeltacht a choinneáil beo agus brú ar aghaidh leis seo.

Is fada atá an Seanadóir Ó Murchú ag plé le cúrsaí Gaeilge, Gaeltachta agus cultúir. Bhí sé ina chathaoirleach ar an fhochoiste a ghlac le haighneachtaí sa Ghaeltacht agus ar fud na tíre. Bhí mé iontach sásta leis an méid a bhí le rá aige agus an tacaíocht a gheall sé do chur i bhfeidhm na straitéise seo. Tá mé cinnte go mbeidh sé ansin chun faire ar rudaí agus súil a choinneáil orthu. Beidh sé in ann sin a dhéanamh go maith, mar a rinne sé nuair a bhí sé ina chathaoirleach agus cibé ról a bheidh ag an Seanadóir tá mé cinnte go ndéanfaidh sé go héifeachtach é. Thrácht sé chomh maith ar TG4, ar Raidió na Gaeltachta agus an stádas a thug siad don teanga agus an dea-mhéin atá ann don teanga.

Chuir sé in iúl go bhfuil straitéis trí bliana á hullmhú. Níl a fhios agam cé bheidh anseo i gceann 20 bliain ach ar a laghad tá an straitéis céimnithe agus beimid in ann an dul chun cinn a mheas ó bhliain go bliain agus ó thrí bliana go dtí trí bliana.

Tá na heagrais Ghaeilge ann chomh maith. Rinneadh tagairt don údarás, don Roinn agus d'Fhoras na Gaeilge ach tá eagrais dheonacha Gaeilge amuigh ansin leis na blianta, ar nos Chonradh na Gaeilge, atá ann le breis agus 100 bliain. Tá thart fá 20 acu ann agus beidh tionchar acusan ar chur i bhfeidhm na straitéise chomh maith. Ceann de na Ranna is mó a bheidh tionchar aici ná an Rionn Oideachais agus Scileanna. Rinne gach Teachta agus Seanadóir tagairt don Ghaeilge sa chóras oideachais agus caithfimid díriú isteach air sin. Tá lúcháir orm a rá go bhfuil an tAire Oideachais agus Scileanna mar bhall den fhochoiste Rialtais agus go bhfuil coiste oibre ó mo Roinn féin agus ón Roinn Oideachais agus Scileanna ag teacht le chéile go rialta fá choinne díriú isteach ar conas mar is féidir leis an Roinn Oideachais a cuid a dhéanamh i gceann na straitéise.

Is as Contae Lú an Seanadóir D'Arcy ach tá blás Thír Chonaill ar a chuid Gaeilge go fóill agus níor chaill sé an méid a d'fhoghlaim sé i Rann na Feirste nuair a bhí sé ansin na blianta ó shin. D'aontaigh mé leis an méid a dúirt se, go bhfuil deacrachtaí móra sna gnáthscoileanna. Molaimid uilig na Gaelscoileanna agus an obair atá á déanamh agus an dóchas atá siad ag cothú. Mar sin féin, má amharcaimid ar cad atá ag dul ar aghaidh sna gnáthbhunscoileanna, agus an dearcadh atá ansin, is fadhb mhór í sin. Caithfear díriú isteach air sin agus tá a lán bealaí ann chun sin a dhéanamh. Dúirt Seanadóirí áirithe gur cheart do na múinteoirí níos mó ama a chaitheamh sa Ghaeltacht. Sin rud a ndéanfaimid scrúdú air agus sin mar ábhar amháin a bheidh á phlé ag an choiste oibre idir na Ranna.

Is as mo cheantar féin an Seanadóir Ó Domhnaill agus d'éist mé go cúramach leis an méid a bhí le rá aige toisc is go bhfuil sé ina bhall d'Údarás na Gaeltachta le deich mbliana. Tuigeann sé conas mar a ghníomhaíonn an t-údarás agus chuir mé suim sa mhéid a dúirt sé go n-aontaíonn sé go mbeadh freagracht na teanga agus na straitéise ar an údarás taobh istigh den Ghaeltacht agus go mbeadh sé ar an Roinn, ar Fhoras na Gaeilge agus ar Ranna eile taobh amuigh den Ghaeltacht.

Thagair an Seanadóir don rud is tábhachtaí ar fad: foinsí airgid. Tá géarchéim airgid ann agus tá sé tábhachtach go mbeadh acmhainní le fáil ach tá sé ráite go gcuirfimid an straitéis i bhfeidhm chomh fada agus a bheidh ar ár gcumas leis na hacmhainní a chuirfear ar fáil dúinn. Beidh díospóireachtaí tábhachtacha idir seo agus an fómhar seo chugainn nuair a bheimid ag dul tríd gach Roinn agus sinn ag iarraidh an oiread airgid atá againn a choinneáil agus daoine eile ag iarraidh a bhaint uainn. Tá tréimhse thábhachtach os ár gcomhair. Tá géarchéim eacnamaíoch sa tír ach beidh mé agus an tAire ag déanamh ár ndíchill oiread acmhainní agus is féidir linn a fháil fá choinne na straitéise a chur i bhfeidhm.

Bhí mé ag éisteacht leis an méid a bhí le rá ag an Seanadóir van Turnhout agus thagair sí don dátheangachas agus an t-eolas a bhí aici ar chúrsaí sa Bhruiséil agus an bhéim ba chóir a bheith ar an teanga labhartha. Aontaím leis sin, ar ndóigh. D'éist mé leis an Seanadóir Kelly chomh maith agus an pointe gur chóir go mbeadh pointí sa bhreis le tabhairt san ardteistiméireacht do dhaoine atá ag dul ar aghaidh chun an litríocht a dhéanamh.

Fear Gaeltachta é an Seanadóir Ó Clochartaigh, cosúil liom féin, agus thóg sé buncheisteanna. Bhí comharthaí ceiste ann faoi ról an údaráis san am amach romhainn chomh fada agus a bhaineann sé le fiontraíocht. Is féidir liom liom a rá go cinnte go mairfidh an ról fiontraíochta sin ag an údarás mar tuigim an obair atá déanta sa Ghaeltachta le 30 bliain anuas agus na poist atá cruthaithe — 7,000 i láthair na huaire. Dúirt mé go minic nach mbeadh na poist sin sa Ghaeltacht dá mbeimis ag brath ar aisíneachtaí eile taobh amuigh den Ghaeltacht. Tá sé déanta ag an údarás mar a bhí sé déanta ag Gaeltarra Éireann roimhe sin. Sin an fáth a rinneamar cás an-láidir leis sin a fhágáil.

Anois i láthair na huaire tá ceangal neamhfhoirmeálta idir an t-údarás, Fiontraíocht Éireann agus an IDA. Tá sin ag dul ar aghaidh, mar is cóir, mar tá saineolas acu ar chúrsaí fostaíochta agus saineolas ag an údarás ar cad atá ag dul ar aghaidh taobh istigh den Ghaeltacht agus is cóir go mbeidh an ceangal sin eatarthu agus beidh sé ar bhonn foirmeálta. Níl aon rud cinnte go fóill, tá cinn an Bhille le cumadh agus beidh cainteanna idir seo agus an fómhar, nuair a bheidh an Bille réidh le foilsiú. Tabharfaimid aire don méid a dúradh anseo inniu ach tá mise lánchinnte agus dáiríre go mbeidh daoine ag déanamh a bheag de ról an údaráis chomh fada agus a bhaineann sé le fostaíocht ach go mbeidh comhoibriú ann agus go mbeidh siad ag cuidiú lena chéile in áit tarraingt in éadan a chéile. Mar atá ráite, muna bhfuil fostaíocht sa Ghaeltacht, ní bheidh daoine sa Ghaeltacht agus muna bhfuil daoine sa Ghaeltacht, ní bheidh an teanga ann.

Maidir le teorainneacha na Gaeltachtaí, mhol an suirbhé teangeolaíochta go gcaithfimid díriú isteach ar sin. Téann an straitéis agus an cinneadh atá déanta ag an Rialtas leis an mholadh a bhí sa straitéis, go mbeidh deis ag pobal Gaeltachta, b'fhéidir ar bhonn paróiste — tá sin le socrú — teacht aníos sa dhá bhliain amach romhainn le plean forbartha teanga. Beidh cuidiú agus comhairle le fáil acu ó Údarás na Gaeltachta, sa Ghaeltacht, taobh amuigh den Ghaeltacht, ó Fhoras na Gaeilge, ón Roinn agus ó na heagraíochtaí deonacha le go mbeidh deis ag gach pobal Gaeltachta plean forbartha teanga a chur le chéile. Déanfar monatóireacht ar na pleananna sin sna cúig bliana nó seacht mbliana amach romhainn. Tá sé molta sa straitéis nach féidir linn a thuilleadh a bheith ag braith ar cheantair thíreolaíochta le déanamh amach cén áit ina bhfuil an Ghaeilge, ach go gcaithfidh sé a bheith bunaithe ar chumas an phobail ansin an Ghaeilge a úsáid nó fonn a bheith orthu, san am atá amach romhainn, í a úsáid. Tá sin leagtha síos go mion sa straitéis agus tá sé de rún ag an Rialtas é a chur i bhfeidhm. Tá gréasáin Ghaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht chomh maith. Tá a leithéid ann. Tá pobail taobh amuigh den Ghaeltacht ina bhfuil Gaeilge le cloisteáil iontu ó lá go lá, maraon le cuid de na pobail atá áirithe mar cheantair Ghaeltachta. Cinnte, caithfimid aitheantas a thabhairt dóibh siúd.

Tá impleachtaí ag na pleananna teanga. Má thoilíonn pobal atá sa Ghaeltacht i láthair na huaire nach bhfuil fonn orthu plean teanga a chur ar aghaidh, má shocraíonn siad é sin, beidh impleachtaí ag sin do na ceantair sin chomh fada agus a bhaineann sé le teorainn na Gaeltachta. Má tá dream nó gréasáin taobh amuigh den Ghaeltacht a deireann go bhfuil fonn orthu brú ar aghaidh, caithfear aitheantas speisialta a thabhairt dóibh siúd. Tá sin molta sa straitéis agus tá glactha leis ag an Rialtas.

Maidir le bord an údaráis, tá fiche duine ar an mbord i láthair na huaire. Nuair a bunaíodh an t-údarás, trí chloigeann déag a bhí ar an mbord, seachtar tofa go daonlathach agus seisear ainmnithe ag an Aire a bhí ann ag an am. Caithfidh mé a rá go raibh siad an-éifeachtach ar feadh an chéad cúpla téarma. Deir daoine gur sin ré órga an údaráis, nuair a bhí an bhallraíocht sin air, nuair a cuireadh na tionscail ar bun ar fud na tíre agus an fhostaíocht agus mar sin de. An dearcadh atá againn anois ná go bhfuil bord 20 duine ró leathan. De réir an tsaineolais idirnáisiúnta, bheadh bord níos lú níos éifeachtaí. Sin ceann de na fáthanna go bhfuilimid ag díriú isteach ar bhord níos lú, idir deichniúr agus 12. Ní bord é seo a bheidh ainmnithe ag an Aire nó ag an Rialtas. Bord é go mbeidh beirt nó triúr ainmnithe ag an Aire nó ag an Rialtas agus beidh an chuid eile ainmnithe ar shlí eile. Táimid ag scrúdú na ceiste seo i láthair na huaire agus ceann de na moltaí atá ann ná go mbeidh deis ag údaráis áitiúla a bhfuil ceantar gaeltachta faoina gceannas duine nó beirt a ainmniú ar bhord an údaráis. Is ionchur daonlathach é sin. B'fhéidir nach bhfuil sé chomh foirfe le toghchán, ach mar sin féin tá daonlathas ag teacht isteach. Tagann sé isteach sna coistí gairmoideachais, sna bord sláinte a bhí againn agus le go leor bord eile. Táimid ag amharc ar na féidireachtaí uilig ansin. Sin an dearcadh atá againn i láthair na huair, ach leanfaimid ar aghaidh ag smaoineamh ar na moltaí a tháinig chugainn agus a cuireadh chun tosaigh anseo inniu. Nílimid chun neamhaird a dhéanamh orthu. Ag an phointe seo, sin an dóigh a bhfuilimid ag amharc air.

Tá ceist airgid ag teacht isteach agus ceist acmhainní. Tá a fhios ag gach duine go bhfuil géarchéim eacnamaíochta sa tír i láthair na huaire nach cuimhin le éinne anseo. Ní raibh a leithéid ann ó bunaíodh an Stát. Tá sé ag costáil idir €15 billiún agus €20 billiún níos mó sa bhliain dúinn an tír a reachtáil ná mar atáimid ag fáil isteach ó chánacha agus mar sin de. Chosain an toghchán deireanach a bhí againn leath mhilliún nó mar sin. Tá costais toghchán ag dul in airde agus b'fhéidir go gcosnóidh an chéad toghchán eile milliún. Tá a fhios agamsa, dá mbeadh milliún agam inniu mar Aire, tá go leor rudaí a d'fhéadfainn a dhéanamh sa Roinn. Tá daoine ag teacht ó ghach taobh ag cuartú airgid. Luaigh an Seanadóir Taidhbhearc na Gaillimhe atá ag cuartú €300,000. Tá sin geallta dóibh agus táimid ag amharc ar na féidireachtaí. Tá sé iontach deacair fiú €300,000 a aimsiú i gcóir Taidhbhearc na Gaillimhe, dream ag a bhfuil rud iontach déanta acu dár gcultúr. Táim ag cuimhneamh ar amharclainn agus ar eagraíochtaí eile ar fud na Gaeltachta atá ag cuardach €€50,000 nó €100,000 ach níl sé againn le tabhairt dóibh.

Tá milliún againn le haghaidh toghchán. Mar sin, caithfimid an rud a mheá go cúramach agus go faichilleach agus go fuarchúiseach. Ag an phointe seo, más féidir linn airgead mar sin a shábháil, ach a bheith cinnte mar sin féin go mbeidh daonlathas indíreach insan údarás, caithfimid díriú isteach ar sin. Sílim go raibh neamhchinnteacht nó éiginnteacht ag baint leis an údarás go dtí seo. Bhí daoine ag cur ceiste faoi cad a bhí i ndán dó. Luaigh an Seanadóir Ó Clochartaigh nó duine éigin eile sin. I 2008, trí bliana ó shin, ba é an deontas caipitil a bhí ag Údarás na Gaeltachta ná €25.5 milliún. I 2010 laghdaíodh go dtí €16 milliún. I mbliana, 2011, tá an t-údarás ag iarraidh a bheith ag gníomhú chomh héifeachtach agus is féidir leis ar dheontas caipitil de €6 mhilliún, titim ó €25.5 milliún go €6 mhilliún. Bhí amhras ar mhuintir an údaráis íad féin, bhí amhras ar fheidhmeannaigh agus ar na baill faoi cad a bhí i ndán don údarás. Ar a laghad, tá cinneadh déanta ag an Rialtas. Beidh údarás na Gaeltachta ann, beidh bord Údarás na Gaeltachta ann agus beidh feidhmeanna fiontraíochta ag Údarás na Gaeltachta laistigh de na laincisí agus na cúinsí atá orainn de bharr an airgid atá ar fáil. Sílim chomh maith mar go bhfuil sin socraithe anois, gur ceart dul ar aghaidh agus cead na Roinne Airgeadais a fháil le príomh fheidhmeannach lánaimseartha a cheapadh d'Údarás na Gaeltachta. Tabharfaidh sin uchtach agus dóchas dóibh.

Rinne go leor daoine pointí eile. Dhírigh an Seanadóir Cáit Keane ar an oideachas agus chomh tábhachtach agus atá teagasc múinteoirí agus chomh tábhachtach agus atá sé iad a thabhairt chun na Gaeltachta. Is pointe maith é agus rinne daoine eile an pointe céanna. Sílim go raibh an Seanadóir ag teagasc scoile agus go dtuigeann sí an tábhacht atá ann le go mbeidh cumas Gaeilge ag na múinteoirí. Muna mbeidh Gaeilge ag na múinteoirí, ní bheidh sí ag na daltaí. Toiligh an Seanadóir Ó Braonáin, nach bhfuil anseo anois, leis sin. Caithfidh mé é a mholadh. Cosúil le go leor daoine sa tír seo, ní raibh aon seans aige Gaeilge a labhairt ó d'fhág sé an scoil, ach rinne sé sár-iarracht an méid a bhí le rá aige a rá i nGaeilge. Luaigh an Seanadóir Tomás Ó Broin pointí ar nós tábhacht na gaelscoileanna agus na litríochta. Bhíomar uilig anseo ag cur béime ar an teanga labhartha, ach, mar a dúirt an Seanadóir, tá sé tábhachtach go mbeidh béim ar an litríocht chomh maith. Thagair an Seanadóir Cullinane do na toghcháin chomh maith agus don tábhacht atá leo. Dúirt sé gur maith an rud é go mbeadh díospóireacht breá bríomhar againn agus go ndéanfadh sin maitheas don teanga. Rinne an Seanadóir Mullen pointe an-tábhachtach faoin Státseirbhís agus na Ranna a mbeimid ag brath orthu leis an straitéis a chur chun cinn. Is cóir go mbeidh na scileanna teanga sna Ranna leis an straitéis a chur i bhfeidhm. Is dúshlán é sin agus caithfimid díriú isteach ar sin.

Táim an-shásta leis an méid a bhí le rá anseo. Níl sé seo ach ina thús. Táimid ag obair go crua ar chinn na mBillí agus beidh siad á n-ullmhú idir seo agus deireadh na bliana. Mar a dúirt mé, tá go leor smaoinimh le déanamh. Tá a fhios agam, mar Aire Stáit, go bhfuil sé iontach tábhachtach léarscáil den bhealach romhainn a dhéanamh amach chomh luath agus is féidir. Caithfimid an bóthar a thógáil anois. Ar a laghad, tá léarscáil againn, tá an bealach romhainn agus tá an straitéis le cur i bhfeidhm. Beidh an t-údarás in áit. Tá teorainneacha na Gaeltachta i gceist. Sílim go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh. Is é an dul chun cinn is mó, mar a dúirt Seanadóir Ó Murchú, ná go bhfuil coiste Rialtais ar bun agus ag feidhmiú beagnach ar bhonn míosúil. Tá ionad straitéise na Roinne an-ghníomhach freisin. Tá fochoistí ar bun idir an Roinn Oideachais agus Scileanna, an Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta, an Roinn Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha, Foras na Gaeilge agus Údarás na Gaeltachta. Tá an-chuid oibre ag dul ar aghaidh i láthair na huaire. Níl anseo ach an t-ullmhúchán leis an straitéis a chur a bhfeidhm.

Molaim na Seanadóirí uilig a d'éist leis an díospóireacht seo. Gabhaim buíochas leo, agus leis an gCeannaire as ucht an chuiridh a thug sé dom teacht anseo. Is é seo an chéad deis a bhí agam labhairt sa Seanad. Tá súil agam nach mbeidh sé an uair dheireanach. Ba mhaith liom teacht isteach anseo go rialta, mar a luaigh an Seanadóir Ó Murchú, chun plé a dhéanamh ar an ábhar seo agus léargas a thabhairt don Teach ar an dul chun cinn ata á dhéanamh againn. Gabhaim buíochas leis na Seanadóirí arís as ucht a dtacaíochta.

Sitting suspended at 1.55 p.m. and resumed at 2 p.m.