Scaipeadh an liosta de na leasuithe a rinne an Seanad agus a bhreithnigh an Dáil ar na Comhaltaí mar eolas dóibh. Bhreithnigh an Dáil na leasuithe sin agus ghlac sí leo agus, chomh maith leis sin, rinne sí leasuithe breise de dhroim an Dáil d’aontú le leasuithe Uimh. 6 agus 7 ón Seanad.
Official Languages (Amendment) Bill 2019: Motions
Tairgim:
Go n-aontódh an Seanad le leasú Uimh. 1 de dhroim an Dáil d’aontú le leasuithe Uimh. 6 agus 7 ón Seanad.
Minister of State at the Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media (Deputy Jack Chambers)
Táim an-sásta a bheith ar ais sa Seanad arís chun dá leasú iarmhartacha ar Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019 a chur faoi bhráid an Tí tráthnóna. Pléifidh mé leasuithe iarmhartacha Uimh. 1 agus 2 le chéile toisc gur ar an ábhar céanna iad. Is leasuithe riaracháin atá i gceist sa chás seo. Leis na leasuithe seo, níltear ach ag iarraidh botúin chló sa Bhille mar atá a cheartú. De réir na leasuithe seo a bheith aontaithe ag an Teach, táim ag súil go mbeidh an Bille achtaithe agus sínithe ag Uachtarán na hÉireann an tseachtain seo chugainn. Molaim na leasuithe don Teach.
Tairgim:
Go n-aontódh an Seanad le leasú Uimh. 2 a rinne an Dáil de dhroim an Dáil d’aontú le leasuithe Uimh. 6 agus 7 ón Seanad.
Cuirfidh an Cléireach teachtaireacht go dtí Cléireach na Dála ag deimhniú chinneadh an tSeanaid. Bhí gach duine an-chabhrach ina gcomhoibriú. Níl baint aige sin leis na saoirí.