Mar is eol don Teachta, d'fhógair an tAire Airgeadais sa cháinaisnéis go raibh cinneadh déanta ag an Rialtas clár leathan dílárnaithe a chur i bhfeidhm. I measc na Ranna agus na gcomhluchtaí poiblíéagsúla a bhí luaite sa chinneadh, fógraíodh go mbeadh Foras na Gaeilge ag dílarnú go Gaoth Dobhair, Contae Dhún na nGall, faoi réir aontú na Comhairle Aireachta Thuaidh-Theas.
Tá réamh-chomhráití tosaithe ag mo Roinnse leis an Roinn urraíochta sa Tuaisceart — an Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta — agus tá aontaithe agam le déanaí le hAire na Roinne sin go mbeadh cruinniú go gairid idir oifigigh ón dá Roinn chun sonraíocht na ceiste a phlé agus a chur chun cinn.