Tá na fíricí maidir le caillteanas poist i 2002 agus 2003 sonraithe sa tábla seo a leanas:
Poist
|
2002
|
2003
|
Athrú
|
|
|
|
%
|
Poist lánaimseartha
|
7,571
|
7,346
|
-3.0
|
Poist iomlán (lánaimseartha/páirtaimseartha/séasúracha)
|
11,657
|
11,566
|
-0.8
|
Poist nua lánaimseartha
|
927
|
1,052
|
+13
|
Mar a dúirt mé i bhfreagra ar Cheist Uimh. 199 ar 9 Márta, 2004, tá athruithe suntasacha tagtha ar chúrsaí tionsclaíocha agus eacnamaíocha na tíre seo le blianta beaga anuas agus tá an scéal mar an gcéanna sa Ghaeltachta. Is tuar dóchais é áfach, mar atá léirithe sa tábla, go bhfuil líon na bpost nua ag méadú.
Sna cúinsí uile seo, tá Údarás na Gaeltachta ag díriú ar earnálacha nua fostaíochta, mar shampla, réimse na teicneolaíochta faisnéise, fiontair a bhaineann le hacmhainní mara agus nádúrtha, an geilleagar sóisialach agus turasóireacht chultúrtha.
Tá béim á cur freisin ar dheiseanna oideachais tríú leibhéal a fhorbairt sa Ghaeltacht i gcomhar leis na hinstitiúidí cuí. Chomh maith leis seo, tá an t-údarás ag tabhairt faoi mholtaí eile a cuireadh ar fáil i dtuarascáil an ghrúpa oibre ar chruthú fostaíochta sa Ghaeltacht a foilsíodh ag deireadh 2002. Tá cur síos i bhfreagra ar Cheist Uimh. 193 ar 4 Feabhra, 2004 ar an dul chun cinn suntasach atá déanta maidir le cur i bhfeidhm na moltaí sin.
Chun dul i ngleic le fadhb na dífhostaíochta agus chun deiseanna fostaíochta nuálacha agus Gaeilge-bhunaithe a thapú, sa bhliain 2003 thug mé treoir don údarás 20% den chaiteachas caipitil a chaitheamh ar thograí teanga-bhunaithe. Tá sé i gceist an treoir sin a chur i bhfeidhm arís i 2004.