Skip to main content
Normal View

Bóithre Straitéiseacha.

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 27 April 2004

Tuesday, 27 April 2004

Questions (112)

Pádraic McCormack

Question:

164 D’fhiafraigh Mr. McCormack den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cé mhéid airgid a cuireadh ar fáil sna contaetha Gaeltachta do na bóithre straitéiseacha sna blianta 2002, 2003, 2004 agus an bhfuil sé chun ráiteas a dhéanamh. [11909/04]

View answer

Written answers

Tá áthas orm a dheimhniú don Teachta go bhfuil clár oibre mo Roinne faoin bplean seacht mbliana do bhóithre stráitéiseacha sa Ghaeltacht, a cuireadh tús leis i 2000 mar chuid den phlean náisiúnta forbartha, chun cinn go maith ag an bpointe ama seo. Tá sonraí sa tábla leis seo faoi dheontais mo Roinne i leith na mbóithre straitéiseacha sin do na blianta 2002, 2003 agus 2004.

TÁBLA

Scéim na mBóithre Stráteiseacha 2002-2004

Contae

2002 Deontais íoctha

2003 Deontais íoctha

2004 Deontais ceadaithe

Iomlán

Dún na nGall

1,300,000

1,623,844

1,300,000

4,223,844

Maigh Eo

1,200,000

1,125,000

800,000

3,125,000

Gaillimh

1,782,500

1,924,784

1,550,000

5,257,284

Ciarraí

1,000,000

1,000,000

539,000

2,539,000

Corcaigh

634,800

600,000

480,000

1,714,800

Port Láirge

190,461

200,000

150,000

540,461

An Mhí

0

150,000

150,000

300,000

Iomlán

6,107,761

6,623,628

4,969,000

17,700,389

Question No. 165 answered with QuestionNo. 126.
Question No. 166 answered with QuestionNo. 121.
Top
Share