Skip to main content
Normal View

Acht na dTeangacha Oifigiúla.

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 27 April 2004

Tuesday, 27 April 2004

Questions (46, 47)

Jimmy Deenihan

Question:

104 D’fhiafraigh Mr. Deenihan den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an ndéanfadh sé ráiteas faoin dul chun cinn atá déanta ó ceapadh An Coimisinéir Teanga. [11913/04]

View answer

Dinny McGinley

Question:

129 D’fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an ndéanfaidh sé ráiteas faoin dul chun cinn atá déanta ag na Ranna Stáit ó ritheadh Acht na dTeangacha Oifigiúla. [11912/04]

View answer

Written answers

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 104 agus 129 le chéile.

Dírím aird na dTeachtaí ar an bhfreagra a thug mé ar Cheisteanna Uimh. 162 agus 168 ar 9 Márta 2004 maidir leis an ábhar sin, inar leag mé amach sonraíocht chuimsitheach maidir leis an dul chun cinn atá déanta ag mo Roinn-se ó ritheadh an tAcht i mí Iúil 2003.

Ba mhaith liom tagairt ar leith a dhéanamh do na príomh-chéimeanna atá tógtha agam go dtí seo mar a leanas. Tá €500,000 curtha ar fáil i Meastacháin mo Roinne don bhliain seo chun Oifig Choimisinéir na dTeangacha Oifigiúla a bhunú agus tá an tUasal Seán Ó Cuirreáin ceapaithe ag an Uachtarán mar An Coimisinéir Teanga le héifeacht ó 23 Feabhra 2004. Rinne mé ordú tosach feidhme ar 9 Eanáir 2004 a thugann feidhm don chuid is mó d'fhorálacha an Achta le héifeacht ón lá sin agus ó 1 Bealtaine 2004 i gcás alt 10. Tá réamh-obair ar dhréacht-scéim mo Roinne féin déanta agus táim dóchasach go mbeidh sí foilsithe go poiblí laistigh do mhí nó dhó. Beidh an scéim seo mar mhúnla do chomhlachtaí poiblí eile. Táim dóchasach freisin go mbeidh na dréacht-threoirlínte faoi alt 12 foilsithe go luath ionas gur bhféadfar tús a chur leis an gcéad babhta de scéimeanna ó chomhlachtaí poiblí roimh dheireadh an tsamhraidh. Tá réamh-obair ar siúl i ndáil le rialacháin a dhéanamh faoi alt 9(1) maidir le húsáid na Gaeilge amháin, nó na Gaeilge agus an Bhéarla le chéile, ar stáiseanóireacht, ar chomharthaí agus ar fhógraí. Tugadh feidhm do Chuid 5 den Acht a bhaineann le logainmneacha ó 30 Deireadh Fómhair 2003 agus tá seachtn-ordú déanta agam sa chomhthéacs sin go dáta. Tá i gceist agam ordú eile a dhéanamh go luath maidir le logainmneacha oifigiúla do na ceantair Ghaeltachta.

Táim sásta, mar sin, go bhfuil dul chun cinn suntasach á dhéanamh ag mo Roinnse maidir le cur i bhfeidhm fhorálacha an Achta ar bhonn chéimiúil i gcomhréir leis an bplean gnímh a d'fhógair mé ar 17 Nollaig 2003. Táim sásta freisin go n-éireoidh leis na comhlachtaí poiblí na dualgais reachtúla a thitfidh orthu go céimiúil faoin Acht a chomhlíonadh agus go deimhin go nglacfaidh said leis an dúshlán le meon dearfach agus sa spiorad ceart.

Top
Share