Skip to main content
Normal View

Stádas na Gaeilge.

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 27 April 2004

Tuesday, 27 April 2004

Questions (48, 49)

Michael D. Higgins

Question:

105 D’fhiafraigh Mr. M. Higgins den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cén dul chun cinn atá déanta i leith stádas na Gaeilge mar theanga oibre den Aontas Eorpach; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith. [11883/04]

View answer

Enda Kenny

Question:

143 D’fhiafraigh Mr. Kenny den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cén dul chun cinn atá déanta aige chun stádas don Ghaeilge mar theanga oifigiúl oibre den Aontas Eorpach a chur chun cinn; agus an bhfuil sé chun ráiteas a dhéanamh. [11910/04]

View answer

Written answers

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 105 agus 143 le chéile.

Dírím aird an Teachta ar an bhfreagra a thug mé ar Cheisteanna Dála Uimh. 187, 188, 189, 190 agus 191 ar 7 Aibreán 2004 maidir le stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach. Mar a cuireadh in iúl sa fhreagra sin, agus mar a dúirt mé arís le linn na díospóireachta le déanaí sa Teach faoin gceist, tá grúpa oibre bunaithe ag an Rialtas chun anailís a dhéanamh ar an méid gur féidir a bhaint amach agus na féidearthachtaí atá ann chun dul chun cinn a dhéanamh. Bhí ceithre chruinniú ard-leibhéil ag an ngrúpa oibre seo go dtí seo agus beidh cruinniú amháin eile acu chun an obair a chríochnú go luath.

Táim lán-sásta go bhfuil dul chun cinn fiúntach á dhéanamh ag an ngrúpa oibre agus go mbeifear in ann dul thar n-ais chuig an Rialtas le moltaí dea-bhreithnithe sar i bhfad. Níl sé i gceist agam, mar sin, a thuilleadh a rá faoi na torthaí a d'fhéadfadh a bheith ar an obair seo go léir go dtí go mbeidh tuairisc réitithe ag an ngrúpa oibre agus scrúdú iomlán déanta uirthi. Ach ba chóir go mbeidh daoine lán-cinnte go bhfuilimid go hiomlán dáiríre faoin gceist seo agus go ndéanfar cinneadh a chabhróidh le leas na Gaeilge a chur chun cinn sa bhaile agus thar lear.

Top
Share