Dírím aird an Teachta ar na freagraí a thug mé ar Cheisteanna Uimh. 80 den 25 Meitheamh 2003, 527 den 7 Deireadh Fómhair agus 70 den 27 Samhain 2003.
Faoi mar a chuir mé in iúl cheana, is léir ó fhigiúirí an daonáirimh 2002 go bhfuil idir ábhar dóchais agus foláirimh iontu.
Mar atá ráite agam, beidh sé mar aidhm lárnach agam, agus mé ag tabhairt faoi pholasaithe a fhorbairt amach anseo maidir le ról na teanga sa Stát, spreagadh agus tacaíocht a chur ar fáil chun cur leis an méid dóibh siúd a bhfuil deis acu Gaeilge a úsáid go laethúil. Tá mé cinnte, leis an gcur chuige ceart, agus le gach uile duine ag obair le chéile, gur féidir linn difríocht an-mhór a dhéanamh ar mhaithe leis an nGaeilge agus leis an nGaeltacht.
Maidir leis an Ghaeltacht tá áthas orm go bhfuil an Daingean chun tosaigh mar bhaile mór ó thaobh úsáid na Gaeilge de, de réir daonáireamh 2002. Tá infheistíocht suntasach déanta ag mo Roinnse i mbuanú na Gaeilge sa Ghaeltacht agus tá sé tábhachtach go bhfuil torthaí na hinfheistíochta sin le feiceáil sna figúirí is deireanaí.