Is í an scéim chomhréititgh agus eadrána don Státseirbhís an córas comhaontaithe caidreamh tionsclaíoch atá ann chun éilimh ar arduithe pá agus ar leasuithe ar choinníollacha státseirbhíseach a phlé. Níl aon éileamh ar luach saothair breise ann i láthair na huaire ó aon cheann de cheardchumainn na státseirbhíse dóibh siúd atá in ann agus toilteanach seirbhís a chur ar fáil trí Ghaeilge.
Bheinnse go mór in aghaidh aon íocaíochtaí breise le státseirbhísigh as gnó oifigiúil a dhéanamh trí Ghaeilge. Chomh maith leis sin ní bheadh éileamh ar íocaíochtaí dá leithéid ag teacht leis an gcomhaontú pá a ghabhann le Ag Coinneáil an Dul chun Cinn. Forálann an Comhaontú seo nach ndéanfaidh ceardchumainn ná fostaithe éilimh ar arduithe pá ná leasuithe ar choinníollacha fostaíochta a chuirfeadh le costais, lasmuigh d'arduithe a tharlaíonn faoin gcomhaontú.