Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Seirbhís Trí Ghaeilge.

Dáil Éireann Debate, Thursday - 6 May 2004

Thursday, 6 May 2004

Ceisteanna (42)

Brian O'Shea

Ceist:

33 D’fhiafraigh Mr. O’Shea den Aire Airgeadais an bhfuil sé ar intinn aige ardú pá a thabhairt do státseirbhísigh atá in ann agus toilteanach seirbhís a chur ar fáil trí Ghaeilge; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith. [12069/04]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Is í an scéim chomhréititgh agus eadrána don Státseirbhís an córas comhaontaithe caidreamh tionsclaíoch atá ann chun éilimh ar arduithe pá agus ar leasuithe ar choinníollacha státseirbhíseach a phlé. Níl aon éileamh ar luach saothair breise ann i láthair na huaire ó aon cheann de cheardchumainn na státseirbhíse dóibh siúd atá in ann agus toilteanach seirbhís a chur ar fáil trí Ghaeilge.

Bheinnse go mór in aghaidh aon íocaíochtaí breise le státseirbhísigh as gnó oifigiúil a dhéanamh trí Ghaeilge. Chomh maith leis sin ní bheadh éileamh ar íocaíochtaí dá leithéid ag teacht leis an gcomhaontú pá a ghabhann le Ag Coinneáil an Dul chun Cinn. Forálann an Comhaontú seo nach ndéanfaidh ceardchumainn ná fostaithe éilimh ar arduithe pá ná leasuithe ar choinníollacha fostaíochta a chuirfeadh le costais, lasmuigh d'arduithe a tharlaíonn faoin gcomhaontú.

Question No. 34 answered with QuestionNo. 9.
Barr
Roinn