Skip to main content
Normal View

Community Development.

Dáil Éireann Debate, Thursday - 3 June 2004

Thursday, 3 June 2004

Questions (57)

Enda Kenny

Question:

49 D’fhiafraigh Mr. Kenny den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an ndéanfaidh sé ráiteas faoin bhforbairt atá á déanamh aige i mbliana i gceantair Ghaeltachta maidir le hallaí pobail agus Coláistí Gaeilge. [16645/04]

View answer

Written answers

Faoi scéimeann feabhsúcháin mo Roinne sa Ghaeltacht is féidir deontas nach mó ná 80% den chostas — nach mó ná 50% i gcás coláistí samhraidh — a cheadú do choistí áitiúla aitheanta a dhéanann iarratas chun ionaid pobail chomh maith le troscán agus trealamh a sholáthar i gceantair Ghaeltachta.

Déantar measúnú ar iarratais de réir na gcritéir seo a leanas: riachtanas na hoibre; neart na Gaeilge sa cheantar; áiseanna eile atá ar fáil sa gceantar; éifeacht an choiste go ginearálta, chomh maith lena bpleananna don todhchaí chun an Ghaeilge a neartú agus a bhuanú sa cheantar; daonra an cheantair; an méid airgid a cruinníodh go háitiúil don togra; an maoiniú atá ag mo Roinn i gcomhar na scéime; agus moltaí fhoireann seachtarach mo Roinne.

I gceantair CLÁR sa Ghaeltacht bíonn 20% níos mó — suas go 80% san iomlán — le fáil faoi na scéimeanna seo. Soláthar €2,500,000 atá ar fáil do na scéimeanna seo i 2004 agus go dtí seo i mbliana tá deontais de mhéid €372,900 san iomlán ceadaithe agam i leith tograí éagsúla den chinéal seo sa Ghaeltacht.

Top
Share