Faoi scéimeann feabhsúcháin mo Roinne sa Ghaeltacht is féidir deontas nach mó ná 80% den chostas — nach mó ná 50% i gcás coláistí samhraidh — a cheadú do choistí áitiúla aitheanta a dhéanann iarratas chun ionaid pobail chomh maith le troscán agus trealamh a sholáthar i gceantair Ghaeltachta.
Déantar measúnú ar iarratais de réir na gcritéir seo a leanas: riachtanas na hoibre; neart na Gaeilge sa cheantar; áiseanna eile atá ar fáil sa gceantar; éifeacht an choiste go ginearálta, chomh maith lena bpleananna don todhchaí chun an Ghaeilge a neartú agus a bhuanú sa cheantar; daonra an cheantair; an méid airgid a cruinníodh go háitiúil don togra; an maoiniú atá ag mo Roinn i gcomhar na scéime; agus moltaí fhoireann seachtarach mo Roinne.
I gceantair CLÁR sa Ghaeltacht bíonn 20% níos mó — suas go 80% san iomlán — le fáil faoi na scéimeanna seo. Soláthar €2,500,000 atá ar fáil do na scéimeanna seo i 2004 agus go dtí seo i mbliana tá deontais de mhéid €372,900 san iomlán ceadaithe agam i leith tograí éagsúla den chinéal seo sa Ghaeltacht.