Skip to main content
Normal View

Clár Tógála le haghaidh Scoileanna.

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 27 October 2004

Wednesday, 27 October 2004

Questions (11)

Dinny McGinley

Question:

121 D’fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Oideachais agus Eolaíochta an bhfuil iarratas ina Roinn do halla spóirt do Phobalscoil Ghaoth Dobhair i nDún na nGall; cén chéim ag a bhfuil sé faoi láthair agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [25983/04]

View answer

Oral answers (7 contributions)

Tá mo Roinn sásta soláthar halla spóirt a mhaoiniú do Phobalscoil Ghaoth Dobhair. Tá foireann deartha ceaptha chun an tionscadail a dhearadh agus a chur i gcrích. Tá an tionscadal liostaithe i mír 9 den chlár tógála le haghaidh scoileanna do 2004, agus tá céim 2 den phleanáil ailtireachta sroichte faoin am seo. Fuarthas an scéim sceitse fhorbartha ón bhfoireann deartha agus glacadh léi.

Thug mo Roinnse ratú banda 4 don tionscadal de réir chritéir na Roinne a foilsíodh maidir le tosaíocht a thabhairt do mhórthionscadail. Rinneadh a leithéid a athbhreithniú níos luaithe sa bhliain tar éis dul i gcomhairle leis na páirtithe oideachais.

Tá an dul chun cinn i gcás an halla corpoideachais do Phobalscoil Ghaoth Dobhair, mar aon le comhthionscadail eile, á scrúdú faoi láthair i gcomhthéacs an chláir ilbhliantúil ón bhliain 2005 ar aghaidh. Tá sé i gceist agam eolas breise a sholáthar ar an gclár ilbhliantúil tráth na Meastachán agus i ndiaidh phróiseas an bhuiséid.

Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an Aire as an fhreagra a thug sí domh. An bhfuil a fhios ag an Aire go bhfuil Pobalscoil Ghaoth Dobhair bunaithe le 25 bliain? Is scoil í a dhéanann gach ábhar ó A go Z trí mheán na Gaeilge. Is rud eisceachtúil é sin na laetha seo. Is í Pobalscoil Ghaoth Dobhair an t-aon scoil i nDún na nGall nach bhfuil halla spóirt aici. Tá thart ar 300 dalta ag freastal uirthi, agus tá deacrachtaí uafásacha acu i láthair na huaire. Tá míshásamh mór ar an bhord bainistíochta, ar an fhoireann teagaisc, agus ar na tuismitheoirí go bhfuil 25 bliain imithe agus gur beag an dul chun cinn atá déanta.

Luaigh an tAire go bhfuil muid ag mír 2. Is é an t-eolas atá agamsa ná go bhfuil muid ag mír 2 le tamall fada agus nach bhfuil aon dul chun cinn déanta le bliain. Thóg méé seo sa Dáil ar an Athló leis an Aire Stáit, an Teachta de Valera, agus ba é a seanathair féin a d'oscail Ardscoil Mhuire a bhí ann roimh Phobalscoil Ghaoth Dobhair. Dúirt an tAire Stáit go dtabharfadh sí aird speisialta air sin, agus tá mé cinnte go bhfuil an-mheas ag an Aire ar Éamon de Valera, mar atá ag gach duine thall ansin — agus roinnt daoine ar an taobh seo chomh maith. Mar sin de, ba mhaith liom go mbeimis ábalta dóchas éigin a thabhairt do dhaoine go dtarlóidh rud éigin gan mhoill. Tá botúin ann ansin, agus beidh na daltaí le tabhairt go dtí ionad pobail agus mar sin de. Níl aon halla spóirt ansin. Ní amháin go mbeadh sé mar halla spóirt ag an phobalscoil; bheadh sé mar halla agus ionad pobail don pharóiste Gaeltachta ar fad. Ba mhaith liom go mbeadh an tAire ábalta a rá go dtabharfadh sí tosaíocht, nó priority, don t-aon phobalscoil i nDún na nGall, don t-aon scoil chuimsitheach i nDún na nGall agus don t-aon mheánscoil ar chóimhéid i nDún na nGall agus sa Ghaeltacht nach bhfuil halla spóirt aici.

Tá an aimsir go holc anseo i mBaile Átha Cliath, agus tá muid ag súil le stoirm. Dá mbeimis thuas san áit a bhfuil Pobalscoil Ghaoth Dobhair suite, bheadh an stoirm i bhfad níos measa. Tá mé ag iarraidh ar an Aire cuidiú agus gníomhú in ionad é a chur ar an mhéar fhada.

Nuair a bhíonn Teachtaí sa Teach seo ag lorg foirgnimh nua, déanann siad gach aon rud chun an foirgneamh sin a fháil, agus tá an Teachta tar éis ainm Éamon de Valera agus gach duine eile a lua díreach chun foirgnimh a fháil. Molaim é as é sin a dhéanamh. Nuair a bheidh an halla aici, beidh áis den scoth i nGaoth Dobhair, agus aithníonn an Teachta é sin — ní amháin an halla a bheidh ann ach seomraí gléasta agus áis don pharóiste. Tá muid ag féachaint faoi láthair ar an sceideal mar atá sé, agus, dár ndóigh, beidh mé ag súil níos mó airgid a fháil le caitheamh ar hallaí mar seo. Aithním an tábhacht a bhaineann le spórt, le hallaí spóirt i scoileanna, agus leis an Ghaeltacht, ach ní féidir liom a rá go díreach inniu conas a bheidh an halla seo. Dár ndóigh, beidh mé ag féachaint air, agus b'fhéidir go mbeimis in ann cuairt a thabhairt ar an scoil chun feiscint.

Beidh céad míle fáilte roimh an Aire cuairt a thabhairt ar an scoil aon uair. Tá an bord bainistíochta ag iarraidh go mbuailfeadh an tAire le toscaireacht. An bhfuil sí sásta é sin a dhéanamh am éigin gan mhoill?

An chéad uair go mbeidh mé i nGaoth Dobhair, beidh mé sásta bualadh leo.

Cén uair?

Chomh luath agus is féidir.

Top
Share