Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an Aire as an fhreagra a thug sí domh. An bhfuil a fhios ag an Aire go bhfuil Pobalscoil Ghaoth Dobhair bunaithe le 25 bliain? Is scoil í a dhéanann gach ábhar ó A go Z trí mheán na Gaeilge. Is rud eisceachtúil é sin na laetha seo. Is í Pobalscoil Ghaoth Dobhair an t-aon scoil i nDún na nGall nach bhfuil halla spóirt aici. Tá thart ar 300 dalta ag freastal uirthi, agus tá deacrachtaí uafásacha acu i láthair na huaire. Tá míshásamh mór ar an bhord bainistíochta, ar an fhoireann teagaisc, agus ar na tuismitheoirí go bhfuil 25 bliain imithe agus gur beag an dul chun cinn atá déanta.
Luaigh an tAire go bhfuil muid ag mír 2. Is é an t-eolas atá agamsa ná go bhfuil muid ag mír 2 le tamall fada agus nach bhfuil aon dul chun cinn déanta le bliain. Thóg méé seo sa Dáil ar an Athló leis an Aire Stáit, an Teachta de Valera, agus ba é a seanathair féin a d'oscail Ardscoil Mhuire a bhí ann roimh Phobalscoil Ghaoth Dobhair. Dúirt an tAire Stáit go dtabharfadh sí aird speisialta air sin, agus tá mé cinnte go bhfuil an-mheas ag an Aire ar Éamon de Valera, mar atá ag gach duine thall ansin — agus roinnt daoine ar an taobh seo chomh maith. Mar sin de, ba mhaith liom go mbeimis ábalta dóchas éigin a thabhairt do dhaoine go dtarlóidh rud éigin gan mhoill. Tá botúin ann ansin, agus beidh na daltaí le tabhairt go dtí ionad pobail agus mar sin de. Níl aon halla spóirt ansin. Ní amháin go mbeadh sé mar halla spóirt ag an phobalscoil; bheadh sé mar halla agus ionad pobail don pharóiste Gaeltachta ar fad. Ba mhaith liom go mbeadh an tAire ábalta a rá go dtabharfadh sí tosaíocht, nó priority, don t-aon phobalscoil i nDún na nGall, don t-aon scoil chuimsitheach i nDún na nGall agus don t-aon mheánscoil ar chóimhéid i nDún na nGall agus sa Ghaeltacht nach bhfuil halla spóirt aici.
Tá an aimsir go holc anseo i mBaile Átha Cliath, agus tá muid ag súil le stoirm. Dá mbeimis thuas san áit a bhfuil Pobalscoil Ghaoth Dobhair suite, bheadh an stoirm i bhfad níos measa. Tá mé ag iarraidh ar an Aire cuidiú agus gníomhú in ionad é a chur ar an mhéar fhada.