Dinny McGinley
Question:411 D’fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Oideachais agus Eolaíochta an gceapfar cúntóir riachtanas speisialta do dhalta (sonraí tugtha) agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [32445/04]
View answerDáil Éireann Debate, Tuesday - 7 December 2004
411 D’fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Oideachais agus Eolaíochta an gceapfar cúntóir riachtanas speisialta do dhalta (sonraí tugtha) agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [32445/04]
View answerIs féidir liom a dhearbhú go bhfuarthas iarratas im' Roinn i leith thacaíocht mhúinteoir achmhainne a chur ar fáil don dalta a luann an Teachta. Bunaithe ar na sonraí a fuarthas, níor shásaigh an t-iarratas na critéir i gcomhair a leithéid de thacaíocht agus cuireadh é sin i bhfiosdon scoil i litir dar dáta an 23 Meán Fómhair 2004. Déanfar an t-iarratas a phlé athuair má sheoltar eolas breise chuig mo Roinn maidir le riachtanais oideachais speisialta an dalta. Seolfar litir chuig an scoil amach anseo maidir le toradh an iarratais ar chúntóir riachtanais speisialta don dalta.