Skip to main content
Normal View

Scéim na mBóithre Áise.

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 1 February 2005

Tuesday, 1 February 2005

Questions (214)

Breeda Moynihan-Cronin

Question:

214 D’fhiafraigh Ms B. Moynihan-Cronin den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuil deontas ceadaithe maidir le hobair dheisiúcháin a dhéanamh ar bhóthar contae Bhaile Ard, Oileán Árainn Mhóir, i dTír Chonaill; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [2409/05]

View answer

Written answers

Tá iarratas faighte ag mo Roinn ar chúnamh le haghaidh caoi a chur ar bhóthar chontae an Bhaile Ard ar Oileán Árann Mhóir. Déanfar an t-iarratas seo a mheas i gcomhthéacs an tsoláthair atá ar fáil dom le caitheamh faoi chlár oibre na n-oileán 2005 agus na n-éileamh éagsúil ar an soláthar sin.

Top
Share