Skip to main content
Normal View

Seachtain na Gaeilge.

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 16 February 2005

Wednesday, 16 February 2005

Questions (215)

Dinny McGinley

Question:

263 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Oideachais agus Eolaíochta an mbeidh a Roinn ag comóradh Seachtain na Gaeilge i mbliana agus cad iad na himeachtaí Gaeilge a bheidh ar siúl sa Roinn i rith na seachtaine. [5210/05]

View answer

Written answers

Tá mo Roinnse ar cheann de 25 comhlacht poiblí atá ag dréachtadh a gcéad scéimeanna trí bliana de réir Alt 11 d'Acht na dTeangacha Oifigiúla. Leagfar amach sa scéim an chaoi a sílimid ár gcuid seirbhísí trí Ghaeilge a fheabhsú thar thréimhse trí bliana romhainn amach. Déanfar socruithe mar chuid den scéim chun an Ghaeilge a chur chun cinn laistigh den Roinn agus cuirfear cúrsa oiliúna ar fáil do státseirbhísigh a thug le fios gur mian leo an Ghaeilge a fhoghlaim, nó feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge. Cé go mbeimid ag cur Seachtain na Gaeilge chun cinn trí mheáin éagsúla laistigh den Roinn ní bheidh aon imeachtaí ar leith á reáchtáil againn i mbliana.

Question No. 264 answered with QuestionNo. 253.
Top
Share