Tá mo Roinnse ar cheann de 25 comhlacht poiblí atá ag dréachtadh a gcéad scéimeanna trí bliana de réir Alt 11 d'Acht na dTeangacha Oifigiúla. Leagfar amach sa scéim an chaoi a sílimid ár gcuid seirbhísí trí Ghaeilge a fheabhsú thar thréimhse trí bliana romhainn amach. Déanfar socruithe mar chuid den scéim chun an Ghaeilge a chur chun cinn laistigh den Roinn agus cuirfear cúrsa oiliúna ar fáil do státseirbhísigh a thug le fios gur mian leo an Ghaeilge a fhoghlaim, nó feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge. Cé go mbeimid ag cur Seachtain na Gaeilge chun cinn trí mheáin éagsúla laistigh den Roinn ní bheidh aon imeachtaí ar leith á reáchtáil againn i mbliana.