Skip to main content
Normal View

Iarratais Pleanála.

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 22 February 2005

Tuesday, 22 February 2005

Questions (267, 268, 269, 270, 271, 272)

Trevor Sargent

Question:

267 D’fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta céard iad na hiarratais pleanála a fuair a Roinn óúdaráis phleanála, a bhfuil ceantracha Gaeltachta faoina gcúram, ó tháinig Ionstraim Reachtúil Uimh. 600 de 2001 i bhfeidhm. [5957/05]

View answer

Trevor Sargent

Question:

268 D’fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta céard iad na hiarratais phleanála a bhfuil aighneachtaí ina leith curtha ag a Roinn faoi bhráid nan-údarás pleanála maidir le cosaint na Gaeilge sa Ghaeltacht mar theanga phobail ó tháinig an tAcht um Pleanáil agus Forbairt 2000 i bhfeidhm. [5958/05]

View answer

Trevor Sargent

Question:

269 D’fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta céard é polasaí an Aire agus cur chuige a Roinne maidir le haighneachtaí a chur faoi bhráid na n-údarás pleanála i gcás iarratais a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar an nGaeilge mar theanga phobail sa Ghaeltacht. [5959/05]

View answer

Trevor Sargent

Question:

270 D’fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta céard é dearcadh a Roinne maidir le soláthar ráiteas tionchair teanga do na húdaráis phleanála i gcás iarratas pleanála ina bhfuil le forbairtí ar nós Óstáin, Ionaid Siopadóireachta, Ionaid Siamsaíochta etc. a thógáil sa Ghaeltacht. [5960/05]

View answer

Trevor Sargent

Question:

271 D’fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cur síos ar an mbaint shonrach a bhí aige le dréachtú litreach, a cuireadh chuig Comhairle Chontae na Gaillimhe in éindí leis an iarratas pleanála (04/5509), ag iarraidh nach mbeadh ar an bhforbróir ráiteas tionchair teanga a sholáthar maidir le hiarratas ar óstán a thógáil sa Spidéal, mar gur ‘commercial development’ a bhí i gceist agus an bhfuil an dearcadh faoin ngá atá le ráiteas tionchair teanga a sholáthar maidir le hiarratais pleanála, mar atá léirithe sa litir thuasluaite, ag teacht le polasaí an Rialtais agus a Roinne maidir le cosaint na Gaeilge sa Ghaeltacht ar fhorbairtí a d’fhéadfadh tionchar diúltach a bheith acu ar sheasamh na Gaeilge sa Ghaeltacht. [5961/05]

View answer

Trevor Sargent

Question:

272 D’fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cén dul chun cinn atá déanta ag a Roinn maidir le treoirlínte a aontú leis an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil i dtaobh chosaint na Gaeilge sa Ghaeltacht faoin gcóras pleanála agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [5962/05]

View answer

Written answers

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 267 go 272 uilig, le chéile.

Mar is eol don Teachta, is iad an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil agus na húdaráis áitiúla atá freagrach as cúrsaí pleanála sa Ghaeltacht, ar a n-áirítear cur i bhfeidhm na bhforálacha faoi leith san Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 a bhaineann leis an nGaeltacht féin.

Ag féachaint don chuspóir lárnach atá ag mo Roinnse maidir le húsáid na Gaeilge mar phríomh-theanga na Gaeltachta a láidriú agus a bhuanú, chuir mo Roinn aighneacht i 2003 chuig na húdaráis áitiúla ar fad a bhfuil ceantar Gaeltachta faoina gcúram (Comhairle Chontae na Gaillimhe san áireamh) d'fhonn a n-aird a tharraingt ar na dualgais faoi leith atá orthu i ndáil leis an nGaeilge sa Ghaeltacht i gcomhthéacs an Achta thuasluaite.

Rinneadh ábhar na n-aighneachtaí seo a dhíriú ar a thábhachtaí is atá sé: an ról cinniúnach a d'fhéadfadh bheith ag cinntí pleanála ar stádas na Gaeilge sa Ghaeltacht agus ar na limistéir Ghaeltachta a aithint; agus straitéisí agus beartais a fhorbairt dá réir a thabharfaidh aghaidh ar an tsaincheist seo go ginearálta, de réir mar a oireann sna ceantair éagsúla Gaeltachta.

Is faoi na húdaráis phleanála atá sé, mar atá sainithe san Acht, dul i gcomhairle le mo Roinn agus le hÚdarás na Gaeltachta, de réir mar a cheapann siad gur gá, maidir le hiarratais faoi leith agus tá sonraí ag aguisín 1 de na cásanna ina ndearnadh amhlaidh ó tháinig an tAcht i bhfeidhm. Is féidir a rá go ginearálta gurb é an cur chuige atá ann maidir le cásanna a chuirtear faoi bhráid mo Roinne, agus a bhfuil lonnaíocht shubstaintiúil ar nós eastáit tithíochta i gceist, ná aird an údaráis áitiúil ábhartha a dhíriú ar an aighneacht a cuireadh chug an údarás sin i 2003 a chlúdaíonn an tsaincheist sin trí chéile. Tá mionsonraí faoi seo sa tábla in aguisín 1.

Maidir leis an gceist faoi iarratas pleanála faoi leith (uimhir thagartha 04/5509), fuair m'oifig dháilcheantair fiosrúó ghníomhaire a bhí ag feidhmiú thar ceann tógálaí a raibh iarratas pleanála á bheartú aige i mí na Nollag 2004. Ba faoi éileamh Chomhairle Chontae na Gaillimhe i ndáil le ráiteas tionchar teanga chomh fada is a bhain sé le forbairt thrádálach i nGaeltacht na Gaillimhe a bhí an fiosrú. Bunaithe ar an eolas a thug an té a rinne an fiosrú agus i bhfianaise a bhfuil ráite i bplean forbartha an chontae i ndáil le ráiteas tionchar teanga (féach aguisín 2), ba é barúil an té a d'fhreagair an fiosrú i m'oifig nach bhfuil ráiteas tionchar teanga ag teastáil de réir an phlean condae ach d'fhorbairt tithíochta de níos mó ná teach amháin in aon cheantar amháin. Cuireadh an barúil sin i bhfoirm dréacht litreach chuig an gníomhaire ar faics ag an am. Tuigtear go ndearna an gníomhaire a iarratas pleanála ar 21 Nollaig 2004 agus gur shocraigh an chomhairle chontae féin caitheamh leis an iarratas mar fhorbairt thrádálach faoi réir na dtreoirlínte ábhartha pleanála mar a shainítear iad sa phlean forbartha don chontae.

Aontaím go bhfuil tábhacht ar leith ag baint le rialacha pleanála atá teanga-chairdiúil agus go bhfuil sé fíor-thábhachtach modhanna agus cleachtais éifeachtacha, réadúla a cheapadh (ar a n-áirítear ráitis tionchar teanga) chun go mbeidh dea-thionchar agus feidhm phraiticiúil ag na rialacha seo ar an nGaeilge agus ar an nGaeltacht trí chéile. Is faoi na húdaráis phleanála iad féin atá sé, ár ndóigh, cúram a dhéanamh den cheist seo ar fad.

Ar mhaithe le cuidiú leis na húdaráis phleanála áitiúla agus réigiúnda a gcuid dualgas mar a leagtar amach iad faoin Acht um Pleanáil agus Forbairt a chur i bhfeidhm, tá fo-ghrúpa NASC atá ag feidhmiú faoi scáth Údarás na Gaeltachta ag obair faoi láthair ar dhréacht-threoirlínte a chur i dtoll a chéile chuige sin. Tá an grúpa seo comhdhéanta de Chomhairle Chontae Chorcaí, Comhairle Contae Dhún na nGall, Comhairle Chontae na Gaillimhe, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Comhairle Chontae Chiarraí, Ollscoil na hÉireann Gaillimh, Údarás na Gaeltachta, Údarás Réigiúnach an Iarthair agus mo Roinn féin agus tuigtear dom go bhfuil tuarascáil nach mór réidh le cur faoi bhráid na Roinne Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil.

Ní miste a rá chomh maith go raibh mo Roinn i dteagmháil leis an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil faoi chúrsaí pleanála go ginearálta sa Ghaeltacht ar 1 Feabhra 2005 d'fhonn na féidearachtaí go n-eagródh an Roinn sin seimineár faoin ábhar a ardú. Tuigtear dom go bhfuil an t-iarratas seo á mheá ag an Roinn sin faoi láthair.

Aguisín 1

Sonraí faoi na h-iarratais pleanála a fuair an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta ó na hÚdaráis Phleanála a bhfuil ceantracha Gaeltachta faoina gcúram san ord a fuarthas iad ó 2005 siar agus an chaoi gur caitheadh leo

Uimh. Thag.

Iarratas

Comhairle Chontae

Nádúr an iarratais

Aighneacht curtha

04/4409 faighte 31/05/05

Muiris Ó Cléirigh agus Mathhias Jauch

Comhairle Chontae Chiarraí

athchóiriú tí ar an mBlascaod

níor cuireadh aighneacht mar gur iarratas aonarach é

04/4419 faighte 27/1/05

Muiris Ó Cléirigh agus Mathhias Jauch

athchóiriú tí ar an mBlascaod

níor cuireadh aighneacht mar gur iarratas aonarach é

04/2858 faighte 31/05/05

Feargal Ó Slatara

Comhairle Chontae Chiarraí

athchóiriú sciobóil ar an mBlascaod

cás aonarach — níor cuireadh aon aighneacht

04/4636 faighte 27/1/05

Mícheál agus Philomena Uí Bhrosnacháin

Comhairle Chontae Chiarraí

cás aonarach oifig phoist siopa agus lóistín

cás aonarach — níor cuireadh aon aighneacht

n/a

William Mongey Consultant ESBI Engineering and Facility Management Ltd Stephen Court St Stephens Green Dublin 2

Comhairle Chontae Dhún na nGall

Scoping of EIS for proposed 110KV Power Line

litir curtha ar 1 Feabhra ag moladh don Chomhairle tuairimíÚdarás na Gaeltachta a lorg mar gheall ar an ról lárnach atá ag an Údarás maidir le cúrsaí fiontair agus fostaíochta sa Ghaeltacht

04/8278 faighte 18/1/05

Finbarr Developments

Comhairle Chontae Dhún na nGall

15 teach i gCarraig Airt

freagra curtha ar 21 Eanáir 2005 ag díriú aird na Comhairle ar an aighneacht a cuireadh chuig an gComhairle i Meán Fómhair 2003 agus ar na freagraí a cuireadh i ndáil le cásanna cosúil leis an gceann seo (04/3548 agus 04/166)

04/3548 13/12/04

Creelough Roarty Development Ltd

8 teach agus arasáin i nGort a’ Choirce

litir curtha chuig an gComhairle Chontae ar 14 Nollaig 2004 ag díriú aird na Comhairle ar an aighneacht a cuireadh chuig an gComhairle i mí Meán Fómhair 2003

04/166 faighte 7/12/05

Comhairle Chontae Dhún na nGall

Part VIII 10 teach sóisialta sa Charraig, Dún na nGall

litir curtha chuig an gComhairle Chontae ar 14 Nollaig 2004 ag díriú aird na Comhairle ar an aighneacht a cuireadh chuig an gComhairle i mí Meán Fómhair 2003

04/8299 faighte 11/1/05

Kelly Louise agus Patricia Weir

Comhairle Chontae Dhún na nGall

2 teach

cás aonarach — níor cuireadh aon aighneacht

04/3936 faighte 25/11/04

Limestone Partnership

Comhairle Chontae Chiarraí

scéim 20 teach agus 44 arasáin i nGortnora, Daingean

litir curtha 12 Nollaig 2004 ag díriú aird na Comhairle ar aighneacht na Roinne a cuireadh chucu ar 16 Aibreán 2003 maidir le cúrsaí pleanála go ginearálta

Uimh. Thag.

Iarratas

Comhairle Chontae

Nádúr an iarratais

Aighneacht curtha

04/874 29/3/04

Tom Long Imleach West Cooleen An Daingean

Comhairle Chontae Chiarraí

méadú tí

teach aonarach — níor cuireadh aon aighneacht

03/730 7/3/03

Breandán Houlihan Smerwick Harbour Baile an Fheirtéaraigh

Comhairle Chontae Chiarraí

méadúóstán

níor cuireadh aon aighneacht

03/731 7/3/03

Denis Dennehy Cathair Dónaill

Comhairle Chontae Chiarraí

méadú tí

teach aonarach — níor cuireadh aon aighneacht

03/710 7/3/03

Ionad Pobail Ceann Trá

Comhairle Chontae Chiarraí

naíonra/ionad lae

forbairt shóisialta — níor cuireadh aon aighneacht

03/702 7/3/03

Pádraig Budhlaeir Gort Mór Baile an Fheirtéaraigh

Comhairle Chontae Chiarraí

teach aonarach

teach aonarach — níor cuireadh aon aighneacht

03/691 7/3/03

Maolíosa Bhiocaire Dún Chaoin

Comhairle Chontae Chiarraí

teach aonarach

teach aonarach — níor cuireadh aon aighneacht

03/522 7/3/03

Tomás Devane Aird Mhór Liospóil

Comhairle Chontae Chiarraí

teach a mhéadú

teach aonarach — níor cuireadh aon aighneacht

03/328 7/3/03

Éisc Gheal Teo. Liospóil

Comhairle Chontae Chiarraí

cead coinneála ionad cuairteora

teach aonarach — níor cuireadh aon aighneacht

03/333 7/3/03

Mairín Keating Baile an Sceilg

Comhairle Chontae Chiarraí

teach nua

teach aonarach — níor cuireadh aon aighneacht

03/305 7/3/03

Seán Cox Cathair Dónaill

Comhairle Chontae Chiarraí

méadú tí

teach aonarach — níor cuireadh aon aighneacht

Aguisín 2

Sliocht as Phlean Forbartha Chontae na Gaillimhe i ndáil le ráiteas tionchar teanga

Language impact statements will be required where an application is made for two or more houses, or where an applicant applied for more than one house in an area. The purpose of a Language Impact Statement will be to assess the likely impact of the proposed development on the usage of Irish within the Gaeltacht area. Permission will only be granted where the Authority is satisfied that the effect of the development will be beneficial to the usage of the language in the area, if permitted.

Top
Share