Skip to main content
Normal View

Oileáin amach ón gCósta.

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 22 February 2005

Tuesday, 22 February 2005

Questions (49)

Dinny McGinley

Question:

32 D’fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cad é an dul chun cinn atá déanta maidir le haer-stráice a chur ar fáil ar Oileán Thoraí, agus an ndéanfaidh se ráiteas ina thaobh. [5817/05]

View answer

Written answers

Faoi mar is eol don Teachta, le cúpla bliain anuas táÚdarás na Gaeltachta i mbun oibre réamh-phleanála i gcomhair aerstráice ar Oileán Thoraí. Ag eascairt ón obair seo, fuarthas cead pleanála ó Comhairle Chontae Dhún na nGall i leith thógáil an aerstráice seo. Chun an togra seo a bhrú ar aghaidh, d'iarr mo Roinn anuraidh ar an údarás dul ar aghaidh le cuardach ar an suíomh don fhorbairt ar mhaithe le húinéirí na talún a aimsiú. Ach an obair seo a bheith críochnaithe, déanfar cinneadh maidir leis an ngá le horduithe ceannacháin éigeantaigh a chur i bhfeidhm ar an talamh don togra.

Top
Share