Faoi mar is eol don Teachta, le cúpla bliain anuas táÚdarás na Gaeltachta i mbun oibre réamh-phleanála i gcomhair aerstráice ar Oileán Thoraí. Ag eascairt ón obair seo, fuarthas cead pleanála ó Comhairle Chontae Dhún na nGall i leith thógáil an aerstráice seo. Chun an togra seo a bhrú ar aghaidh, d'iarr mo Roinn anuraidh ar an údarás dul ar aghaidh le cuardach ar an suíomh don fhorbairt ar mhaithe le húinéirí na talún a aimsiú. Ach an obair seo a bheith críochnaithe, déanfar cinneadh maidir leis an ngá le horduithe ceannacháin éigeantaigh a chur i bhfeidhm ar an talamh don togra.