Is ar an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil agus ar Oifig na nOibreacha Poiblí atá an phríomh-fhreagracht maidir le togra an Bhlascaoid agus, tríd is tríd, baineann ábhar na ceiste seo leo. Ní bheidh freagracht ar mo Roinnse ach i ndáil le cur i bhfeidhm na n-oibreacha mara atá beartaithe i nDún Chaoin agus ar an oileán féin.
Mar áis don Teachta, áfach, tuigtear dom ó Oifig na nOibreacha Poiblí gur tugadh deis fhairsing don phobal saincheisteanna mar atá luaite ag an Teachta a ardú sa phróiseas comhchomhairle don staidéar féidearthachta maidir le forbairt na gcéanna. Tuigim freisin go bhfuil sé mar sprioc faoin bplean bainistíochta don Bhlascaod Mór rochtain go dtí an oileán a cheansú chun dúlra agus timpeallacht an oileáin a chosaint. Tuigim chomh maith ó Oifig na nOibreacha Poiblí go mbeidh teorainn leis an méid báid a ligfear i dtír ar an oileán agus gur cheist bainistíochta í toirmeasc a chur ar francaigh agus creimirí eile.