Mar is eol don Teachta, tá sé de chumhacht agam mar Aire rialacháin a dhéanfar faoi alt 9(1) d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 chun úsáid na Gaeilge amháin nó an Ghaeilge agus an Bhéarla le chéile a rialú ar fhógairtí béil — cibé beo nó taifeadta — ar stáiseanóireacht, ar chomharthaí agus ar fhógraí.
Mar a thug mé le fios don Teach i bhfreagraí ar cheisteanna phairlaiminte faoin ábhar seo cheana féin, tá mo Roinnse ag obair, i gcomhar le hOifig an Dréachtóra Pharlaiminte, ar dhréacht de na rialacháin a dhéanfar faoin mhír sin den Acht. Chomh maith leis sin, tá comhairle á glacadh ag mo Roinnse le Ranna eile mar ullmhúchán do chur i bhfeidhm na rialachán. Tá dul chun chinn suntasach déanta agus táim dóchasach go mbeidh mé in ann na rialacháin a dhéanamh go gairid le go dtiocfaidh siad i bhfeidhm, ar bhonn chéimiúil, go luath sa bhliain 2006.
Agus na rialacháin sin á ndréachtú, tá béim ar leith á leagan agam ar dhá bhun-phrionsabal. Ar an gcéad dul síos, tá i gceist go mbeidh rogha idir Gaeilge, nó Gaeilge agus Béarla, a úsáid. Ní bheidh an tríú rogha — Béarla amháin — dlíthiúil níos mó. An dara rud ná go gcaithfidh an Ghaeilge a bheith ar a laghad ar chomh-thaispeántacht leis an mBéarla ar aon chomhartha sa chás go roghnófar an dá theanga oifigiúil a úsáid.
I dtaca le comharthaíocht sa Ghaeltacht, ní miste liom a lua chomh maith go ndearna mé Órdú Logainmneacha (Ceantair Ghaeltachta) 2004 i leith logainmneacha i limistéir Ghaeltachta a tháinig i bhfeidhm ar 28 Márta 2005. Ciallaíonn an t-ordú seo nach ceadmhach ach an leagan Gaeilge de logainmneacha Gaeltachta a úsáid ar chomharthaí bóthair agus sráide ón dáta sin ar aghaidh.