Trevor Sargent
Question:115 D'fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an nglacann sé leis gur maith an smaoineamh é múnla a chur ar fáil a chabhróidh le foilsitheoirí freastal ar chuspóirí Acht na dTeangacha Oifigiúla agus a chinnteoidh go mbeidh an dá theanga nasctha le chéile taobh le taobh mar a bhíonn amhlaidh i gcáipéisí Bwrdd Yr Iaith Gymraeg / Bord Teanga na Breatnaise agus an nglacfaidh sé leis go gcuireann múnla mar sin le foghlaim an dá theanga agus le laghdú chostas na clódóireachta. [10823/06]
View answer