Skip to main content
Normal View

Oideachas Lán-Ghaeilge.

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 21 March 2006

Tuesday, 21 March 2006

Questions (71)

Joe Costello

Question:

116 D'fhiafraigh Mr. Costello den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cad iad na cainteanna a bhí aige leis an Roinn Oideachais agus Eolaíochta, maidir le haonad oideachais lán-Ghaeilge Bhaile Bhuirne; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith. [10817/06]

View answer

Written answers

Bhí cruinnithe agam leis an Aire Oideachais agus Eolaíochta ar ócáidí éagsúla maidir leis an gceist atá luaite ag an Teachta. Bhí an cheist mar ábhar plé freisin ag cruinnithe éagsúla idir oifigigh mo Roinne-se agus oifigigh na Roinne Oideachais agus Eolaíochta. Cé go bhfuil an próiseas plé sin fós ar siúl, tuigfidh an Teachta gur ceist í seo a bhaineann go príomha leis an Aire Oideachais agus Eolaíochta.

Top
Share