Skip to main content
Normal View

Foghlaim na Gaeilge sna Scoileanna.

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 16 May 2006

Tuesday, 16 May 2006

Questions (69)

Joe Costello

Question:

119 D'fhiafraigh Mr. Costello den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an raibh aon agallamh aige leis an Roinn Oideachais agus Eolaíochta faoin moladh atá aige go ndéanfaí dhá ábhar den Ghaeilge san Ardteist; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith. [18143/06]

View answer

Written answers

Dírím aird an Teachta ar an bhfreagra a thug mé ar Cheist Uimh. 134 den 8 Feabhra 2006.

Faoi mar atá curtha in iúl agam, is ceist í seo go príomha don Aire Oideachais agus Eolaíochta. Tuigfidh an Teachta, ar ndóigh, go mbíonn plé rialta agam leis an Aire sin, agus le mo chomhghleacaithe eile sa Rialtas, maidir le saincheisteanna comónta de réir mar is gá.

Question No. 120 answered with QuestionNo. 90.
Top
Share