Skip to main content
Normal View

An Ghaeilge.

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 16 May 2006

Tuesday, 16 May 2006

Questions (70)

Trevor Sargent

Question:

121 D'fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfógróidh sé níos forleithne na deiseanna fostaíochta cóir a bheith ann do chainteoirí Gaeilge sa Bhruiséil agus in Éirinn má tá Acht na dTeangacha Oifigiúila le cur i bhfeidhm i gceart. [18164/06]

View answer

Written answers

Tuigfidh an Teachta nach bhfuil freagracht ormsa, mar Aire, deiseanna fostaíochta do chainteoirí Gaeilge sa Bhruiséil, ná in Éirinn fiú, seachas i mo Roinn féin, b'fhéidir, a fhógairt.

Mar chabhair don Teachta, áfach, tá socraithe agam go gcuirfí chuige téacs an ráitis a d'eisigh EPSO, oifig earcaíochta an Aontais Eorpaigh, ar 5 Bealtaine seo caite maidir le 30 post atá fógraithe acu siúd d'aistritheoirí Gaeilge.

Question No. 122 answered with QuestionNo. 80.
Top
Share