Skip to main content
Normal View

An Teanga Ghaeilge.

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 31 January 2007

Wednesday, 31 January 2007

Questions (1004)

Trevor Sargent

Question:

1081 D’fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta cá fhad ar an meán a thógann sé air litir a fhreagairt as Béarla i gcomparáid leis an méid ama a thógann sé air litir a fhreagairt as Gaeilge. [2390/07]

View answer

Written answers

Laistigh de na spriocanna ama atá leagtha síos i gCairt Chustaiméirí na Roinne tugtar admháil ar gach cumarsáid scríofa laistigh de 5 lá oibre óna fháil agus tugtar freagra air ar a laghad 95% laistigh d'fhiche lá oibre agus baineann an Chairt seo le comhfhreagras as Gaeilge agus as Béarla.

Déantar gach iarracht cloí leis na cuspóirí atá leagtha síos sa Chairt Chustaiméirí agus tá sé seo amhlaidh maidir le comhfhreagras i nGaeilge nó i mBéarla.

Top
Share