Mar is eol don Teachta, seoladh Ráiteas an Rialtais i leith na Gaeilge 2006 ag ócáid i dTeach bhFarmleigh anuraidh. Is é an príomh-chinneadh a fógraíodh mar chuid den Ráiteas sin ná go n-ullmhófar Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Ag cruinniú a bhí agam le Fóram na Gaeilge ar 5 Márta 2007, aontaíodh go mbunófaí fo-choiste den bhFóram a d'fheidhmeodh mar nasc idir an Fóram agus mo Roinnse ó thaobh ullmhú na Straitéise de.
Bhí cruinniú ag an bhfo-choiste i mí na Bealtaine 2007 chun, i measc nithe eile, plé a dhéanamh ar fhostú comhairleoirí chun cuidiú le mo Roinnse an Straitéis a ullmhú. Tá mo Roinn ag plé ó shin leis an bpróiseas — soláthar tairiscintí san áireamh — i ndáil le fostú comhairleoirí dá leithéid. Tá cruinniú eile den bhfo-choiste socraithe i dtaca leis an bpróiseas seo don Aoine seo chugainn, 2 Samhain 2007.
Ní miste dom a lua go bhfuil i gceist go rachfar i gcomhairle leis an bpobal mar dhlúth-chuid den phróiseas chun an Straitéis a ullmhú agus go reachtálfar sraith cruinnithe poiblí i gcodanna éagsúla den tír. Meastar go dtógfaidh sé dhá bhliain nó mar sin sula mbeidh ball críche curtha leis an Straitéis.