Leo Varadkar
Question:124 D’fhiafraigh Deputy Leo Varadkar den Tánaiste agus Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta an aontaíonn sí nár chóir feidhmeanna fiontraíochta Údarás na Gaeltachta a aistriú go Fiontraíocht Éireann ós rud é gur cuid lárnach agus ríthábhachtach de ghnó an Údaráis iad na feidhmeanna fiontraíochta, agus go ndéanfaí tuilleadh imeallú ar fhiontraíocht sna Gaeltachtaí dá n-aistreofaí na feidhmeanna sin go Fiontraíocht Éireann toisc go mbeadh béim ag Fiontraíocht Éireann ar na cathracha agus na bailte tairsí agus go bhféadfaí neamhshuim a dhéanamh de riachtanais na mbailte iargúlta Gaeltachta, i bhfianaise a cuid cainte ag seoladh Oireachtas na Samhna i Leitir Ceanainn i mbliana. [41467/09]
View answer